Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Peadar 3:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 atá i ndiaidh dul chun na bhflaitheas agus atá anois ar dheasláimh Dé, agus a bhfuil na haingil agus na húdaráis agus na cumhachtaí curtha faoina smacht.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 atá ar dheasláimh Dé, tar a éis dó dul isteach ins na flaitheasaibh; na h‐aingle, agus na h‐ughdaráis, agus na cumhachta bheith curtha fá n‐a cheannas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Noch atá ar deis Dé, tar éis dul ar neamh; dá bhfuilid na haingil agus na cúmhachda agus na subháilcidhe fá úmhlachd dhó

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheaslámh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 3:22
24 Tagairtí Cros  

Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”


‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfead do naimhde faoi do chosa’?


Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.


Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’


Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé.


Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis,


Má fuair Dia glóir ann, tabharfaidh Dia glóir dósan ann féin, agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill.


“A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”


Mar ní mór do na flaithis é a choinneáil go dtí go mbeidh gach ní curtha ina cheart arís faoi mar a d'fhógair Dia trí bhéal na bhfáithe naofa fadó.


Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?


Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil ná prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht,


agus ansin beidh an deireadh ann nuair a thabharfaidh sé suas an ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó gach ceannas agus tiarnas agus cumhacht a chur ar neamhní.


Agus ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.


Agus cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Suigh ar mo láimh dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa”?


Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda


Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”


Níor ofráil Críost ach an t‑aon íobairt shíoraí amháin ar son peacaí. Ansin chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé


Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.


Ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh.


mar a ndeachaigh Íosa isteach ina cheannródaí ar ár son nuair a rinneadh ardsagart síoraí de ar nós Mheilcizidic.


Is é seo anois an rud is tábhachtaí dá bhfuil á rá againn: tá ardsagart den sórt sin againn. Chuaigh sé ina shuí ar dheis ríchathaoir na Mórgachta diaga sna flaithis,


Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí