Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Peadar 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 D’á bhrigh sin, ó thárla gur fhulaing Críost san bhfeoil, bíodh an aigne chéadna sin mar arm agaibh; óir an té d’fhulaing san bhfeoil, atá sé scartha le peacadh;

2 chum nach gcaithfeadh sé a shaoghal ’n‐a dhiaidh sin do réir ainmhianta na ndaoine, acht do réir tola Dé.

3 Óir ba leor an t‐am atá imthighthe thart chum toil na bPágánach do dhéanamh, ag siubhal i ndreabhlas, i n‐ainmhiantaibh, i n‐ólachán, i gcraos, i bpótaireacht agus i n‐íodhal‐adhradh déisteanach.

4 Agus is nidh é chuireas iongnadh ortha‐san, a mheas nach ritheann sibh i n‐éinfheacht leo isteach i rabharta ainmheasardhachta, ag labhairt go masluightheach ’n‐bhur dtaobh.

5 Bhéarfaidh siad cunntas do’n té atá ullamh chum breitheamhnas do thabhairt ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.

6 Óir is chuige do craobhscaoileadh an soiscéal do na marbhaibh féin, chum go dtiubharfaidhe breitheamhnas ortha mar dhaoine do réir na feola, acht go mairfidís mar mhaireann Dia san spiorad.

7 Acht atá deireadh gach éinnidh i gcómhgar: bidhidh céillidhe d’á bhrigh sin, go h‐aireach ’n‐bhur n‐urnaighthibh.

8 Thar gach nidh eile bíodh dian‐ghrádh agaibh d’á chéile: óir cuireann an grád clúdach ar a lán mór peacaidhe.

9 Bidhidh fáilteach roimh a chéile gan doicheall.

10 Do réir mar fuair gach duine bronntanas, roinnidh ar a chéile é, mar dhéanfadh deagh‐mhaoir grása iomadamhla Dé.

11 Má labhrann aoinneach, labhradh sé mar bhéadh sé ag labhairt briathar Dé; má ghníonn aoinneach miniostrálacht, déanadh sé é do réir an chumais do‐bheir Dia: chum glóir ins an uile nidh do thabhairt do Dhia tré Íosa Críost, ag a bhfuil an ghlóir, agus an chumhacht go saoghal na saoghal. Amen.

12 A cháirde ionmhaine, ná bíodh aon iongnadh oraibh fá’n gcatú teintidhe atá d’á chur oraibh, mar bhéadh nidh neamh‐ghnáthach ann, ó cuireadh é chum sibh d’fhrómhadh:

13 acht ó tá sibh rannpháirteach ’n‐ar fhulaing Críost, déanaidh gáirdeachas; chum go mbéidh áthas agus árd‐mheanma oraibh, chómh maith, nuair foillseochar a ghlóir.

14 Má masluightear sibh ar son ainme Críost is aoibhinn daoibh, óir luigheann Spiorad na glóire, Spiorad Dé, oraibh.

15 Acht ná fulaingeadh aon duine agaibh mar dhúnmharbhthóir, ná mar ghadaidhe, ná mar bhitheamhnach, ná mar spíodóir i ngnóthaibh daoine eile:

16 acht má’s mar Chríostaidhe é, ná bíodh náire air; acht tabhradh sé glóir do Dhia as ucht an ainme seo.

17 Óir atá an t‐am tagtha chum tosnuighthe ar bhreitheamhnas ag tigh Dé: agus má’s againne thosnóchas sé ar dtús, créad tá i ndán do na daoinibh nach n‐umhluigheann do shoiscéal Dé?

18 Agus má’s ar éigean slánóchar an fíréan, cia an chríoch atá i n‐áirithe do’n duine neimh‐dhiadha agus do’n pheacach?

19 D’á bhrigh sin, na daoine fhulaingeas do réir tola Dé, cuiridís a n‐anmanna fá chumhdach an Chruthuightheora dhílis, ag cleachtadh maitheasa.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí