Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Peadar 4:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 chum nach gcaithfeadh sé a shaoghal ’n‐a dhiaidh sin do réir ainmhianta na ndaoine, acht do réir tola Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus rún aige gan an chuid eile dá shaol a chaitheamh de réir antoil an duine ach de réir thoil Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ionnus nách ccaithfeadh sé feasda fuigheall na haimsire atá aige sa gcoluinn réir aimhían na ndaóineadh, achd réir thola Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 ionas nach mairfeadh sé an chuid eile dá shaol ar talamh de réir mhianta an duine ach de réir thoil Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 ionas nach mairfeadh sé an chuid eile dá shaol ar talamh de réir mianta an duine ach de réir thoil Dé.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 4:2
35 Tagairtí Cros  

is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.


agus adubhairt sé leo‐san, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort, agus do‐bhéarad daoibh an méid is cóir. Agus d’imthigheadar‐san.


Ciaca de’n bheirt seo do‐rinne toil a athar? Adubhradar‐san leis, An chéad fhear. Adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, go rachaidh na poibleacáin agus na striapacha isteach i ríoghacht Dé rómhaibh‐se.


Ní h‐é gach aoinneach adéarfas liom, A Thighearna, a Thighearna, rachas isteach i ríoghacht na bhflaitheas; acht an té do‐ghní toil m’Atar atá ar neamh.


Óir cibé duine do‐ghní toil Dé, is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.


Óir is ó’n taobh istigh, amach as croidhe an duine, thig droch‐smaointe, agus striapachas, agus goid, agus dúnmharbhadh,


nach ó’n bhfuil, ná ó thoil na colna, ná ó thoil duine do geineadh iad, acht ó Dhia.


Cibé duine gur mian leis a thoil‐sean do dhéanamh, tuigfidh sé i dtaobh an teagaisc, an ó Dhia labhraim, nó uaim féin.


Agus ná géillidh do nósaibh an tsaoghail seo: acht athruightear sibh tré athnuadhadh bhur n‐aigne, chum go bhfromhfaidh sibh toil Dé, atá maith, agus taithneamhach, agus diongbhálta.


Óir ní fhuil duine againn mhaireas dó féin.


Mar sin daoibh‐se, measaidh sibh féin bheith marbh do’n pheacadh, acht bheith beo do Dhia tré Íosa Críost.


Nár leigidh Dia é. Sinne atá marbh do’n pheacadh, chionnas mhairfimíd níos faide ann?


Ar an gcuma sin, a bhráithre, atá sibh‐se marbh do’n dlighe tré chorp Chríost; chum go mbéadh sibh ceangailte do dhuine eile, is é sin do’n té do tógadh ó na marbhaibh, chum go dtiubhraimís toradh do Dhia.


agus go bhfuair seisean bás ar son an uile dhuine; chum nach mairfeadh siad‐san atá beo dhóibh féin as sin amach, acht do’n té fuair bás agus d’aiséirigh ar a son.


Do chaitheamair‐ne, leis, ár saoghal tráth ’n‐a measc do réir ainmhianta na feola, ag cleachtadh tola na feola agus na h‐intinne, agus do réir dúthchais do bhíomar ’n‐ár gclainn díbheirge, ar nós daoine eile:


Is é adeirim d’á bhrigh sin, agus fhógraim daoibh san Tighearna, gan siubhal feasta ar nós na gCineadhach,


D’á bhrigh sin ná bidhidh dith‐céillidhe, acht tuigidh cad é deagh‐thoil an Tighearna.


ní le súil‐sheirbhís, mar bhéadh sibh d’iarraidh daoine do shású, acht mar sheirbhísigh Chríost, ag déanamh tola Dé ó’n gcroidhe;


Ar an adhbhar sin, ó’n lá n‐a gcualamar scéala ’n‐a thaobh, ní scuraimíd de bheith ag déanamh urnaighthe ar bhur son, agus g‐á iarraidh go líonfar sibh d’eolas a thola san uile eagnaidheacht agus tuigsin spioradálta,


Óir d’éagabhar, agus atá bhur mbeatha foluighthe mar aon le Críost i nDia.


Epafras, duine dhíbh féin, seirbhíseach Íosa Críost, beannuigheann seisean daoibh, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaighthibh ar bhur son, g‐á ghuidhe go seasfaidh sibh go diongbhálta, lán‐dearbhtha de thoil Dé.


Beiridh buidheachas san uile nidh; óir is é toil Dé é sin ’n‐bhur dtaobh i nÍosa Críost.


go bhfoirbhidh sé ins gach deagh‐ghníomh sibh, chum a thoil do dhéanamh, ag oibriú ionnainn a bhfuil taithneamhach ’n‐a fhiadhnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal. Amen.


Is d’á thoil féin do ghein sé le briathar na fírinne sinn, chum go mbéimís mar chéad‐thortha a bhfuil cruthuighthe aige.


mar dhéanfadh clann umhal, gan géilleadh do na sean‐ainmhiantaibh do chleachtabhar ’n‐bhur n‐ainbhfios;


Cuiridh dhíbh, d’á bhrigh sin, gach droch‐rún, agus calaois,


Agus atá an saoghal agus a chuid sainnte ag imtheacht: acht an té do‐ghní toil Dé fanann seisean go síorraidhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí