Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 19:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Dʼfhreagair Íosa é, “Ní bheadh cumhacht agat orm murab é gur tugadh duit ó neamh í; dá bhrí sin is mó an peaca atá ar an té a chuir idir do lámha mé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 D’fhreagair Íosa: Ní bhéadh aon chumhacht agat i m’aghaidh-se, muna dtugtaí duit ó neamh í. Ar an adhbhar sin, an té a thug suas duit mé, is mó an peacadh atá air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 D’fhreagair Íosa dhó, Ní bhéadh aon chumas agat im’ aghaidh muna dtugtaidhe dhuit é ó neamh anuas: uime sin, an té thug ar láimh duit mé, is móide a pheacadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Do fhreaguir Iósa, Ní bhíadh cumhachda ar bith agad oramsa, muna dtugtháoi dhuit ó neamh é: ar a nadhbharsin as móide peacadh an té do thoirbhir misi dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 D’fhreagair Íosa: Ní bheadh aon nídh ar do chumas am’ aghaidh mura mbeadh gur tugadh duit é ó’n áit thuas. Uime sin an t-é a thug suas duit mé, is mó an peaca atá air.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 19:11
37 Tagairtí Cros  

Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.


Saor mé ó mo chionta go léir, ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.


Ná bíodh bhur ndóchas san ansmacht ná bhur maíomh san fhoghail. Má dhéantar bhur maoin a mhéadú ná santaigí in bhur gcroí í.


Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir, mura gceadaíonn an Tiarna é?


Leis sin, stróic an t‑ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.


Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.


agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.


Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh. “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean leo, “sin é é. Gabhaigí é, agus tugaigí libh é go haireach.”


Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n‑uairse í seo, agus cumhacht an dorchadais.”


agus sheol siad ar dtús go dtí Annas é, mar ba é athair céile Cháiafas é a bhí ina ardsagart an bhliain sin.


Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair.


Dúirt Pioláit leis ansin: “An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?”


D'fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh.


Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.


Dúirt Íosa leo: “Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh, ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’ agus leanann bhur bpeaca oraibh.”


Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.


Ní hea sin ach gur thug Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, Dia ár n‑aithreacha an ghlóir dhiaga dá sheirbhíseach Íosa, an té sin ar thug sibhse ar láimh é agus ar shéan sibh i bhfianaise Phioláit é agus eisean meáite ar é a scaoileadh saor.


agus rinne siad an ní a bhí ceaptha agatsa a thitim amach le do chumhacht agus le do chomhairle féin.


Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen.


Bíodh gach duine géilliúil do na húdaráis atá os a chionn, mar níl údarás ar bith ann ach ó Dhia; agus na húdaráis atá ann is é Dia a cheap iad.


Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.


An té arb eol dó céard is ceart a dhéanamh agus nach ndéanann é, is peaca dó é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí