Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 5:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus chan siad amhrán úrnua, agus dúirt siad, “Is maith is fiú tú breith ar an scrolla agus a shéalaí a fhuascailt, ós tú a cuireadh chun báis agus a cheannaigh le do chuid fola daoine do Dhia as gach treibh agus canúint agus pobal agus cine,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus do chanadar amhrán úr‐nua, g‐á rádh, Is fiú thusa an leabhar do ghlacadh agus a shéalaí d’fhoscailt: de bhrigh gur marbhadh thú, agus gur cheannuighis do Dhia led’ fhuil daoine de gach treibh, agus de gach teangain, agus de gach pobal, agus de gach cineadh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do chanadar cainntic núadh, ag rádh, As fíu thusa an leabhar do ghlacadh, agus a shéuluidhe dfosgladh: do bhrígh gur marbhadh thú, agus gur cheannuidh tú sinne do Dhía réd fhuil féin as a nuile threibh, agus theanguidh, agus phubal, agus chineadh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Chan siad iomann nua dá rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus dʼfhuascail tú daoine do Dhia le dʼfhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 5:9
41 Tagairtí Cros  

Canfaidh mé amhrán nua duit, a Dhia; seinnfidh mé ar chláirseach na ndeich dtéad duit.


Alleluia. Canaigí amhrán nua don Tiarna; moltar é i gcomhthionól na bhfíréan.


Canaigí amhrán urnua dó; canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó.


Tharraing sé mé as díog na díthe, as láib an bhogaigh; chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraig agus dhaingnigh mo choiscéimeanna.


Canaigí amhrán úr don Tiarna; canaigí don Tiarna, a thíortha go léir.


Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin.


Canaigí don Tiarna amhrán úr! Moladh leis ó cheann ceann na talún! Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann, insí na farraige agus a muintir go léir!


díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”


óir is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh.


Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n‑aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.”


mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp.


Ceannaíodh sibh go daor; más ea, ná cuirtear sibh faoi dhaorsmacht daoine.


Is sa Mhac sin, as ucht a chuid fola, atá ár bhfuascailt faighte againne, maithiúnas ár gcionta,


ag rá salm agus iomann agus laoithe spioradálta le chéile, ag cantain agus ag salmaireacht chun an Tiarna in bhur gcroí istigh,


Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.


Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.


Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.


Taispeánann daoine a labhraíonn mar seo go bhfuil tír dhúchais á lorg acu.


Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann.


Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.


Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.


Ansin dúradh liom: “Ní foláir duit fáistine a dhéanamh arís i dtaobh pobal agus ciníocha (agus teangacha) agus a lán ríthe.”


agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh;


Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine.


Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.


Ansin chonaic mé aingeal eile agus é ar eitilt i mbuaic neimhe; bhí dea-scéala síoraí aige le fógairt dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal.


agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.


Lean sé air ag caint liom: “Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha.


“A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”


Agus is é a bhí á rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.”


Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an ríchathaoir agus na ceithre dúile beo, agus na seanóirí; bhí seacht n‑adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí