Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Apacailipsis (Taispeántadh) 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus i láimh dheis an té do bhí ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir do chonnacas leabhar go raibh scríbhinn san taobh istigh agus ar an taobh amuigh dhe, agus é dúnta fá sheacht séalaibh.

2 Agus do chonnacas aingeal tréan‐láidir g‐á fhógairt de ghuth árd, Cia h‐é gur fiú é an leabhar d’fhoscailt agus a shéalaí do scaoileadh?

3 Agus ní raibh ar chumas d’aoinneach ar neamh ná ar talamh an leabhar d’fhoscailt ná a shéalaí do scaoileadh.

4 Agus do chromas‐sa ar gol go mór toisc gan aoinneach gurbh fhiú é an leabhar d’fhoscailt bheith le fágháil, ná fiú dearcadh air.

5 Agus dubhairt duine de na seanóiribh liom, Ná bí ag gol: féach, an Leomhan de threibh Iúda, de Fhréimh Dháibhí, atá sé de bhuaidh aige‐sean an leabhar d’fhoscailt, agus a sheacht séalaí do scaoileadh.

6 Agus i lár na righ‐chathaoireach agus na gceithre n‐ainmhidhe, agus i lár na seanóir, do chonnacas an tUan ’n‐a sheasamh, mar bhéadh sé tar éis a íodhbartha, seacht n‐adharca agus seacht súile aige, gur ab iad seacht Spioraidí Dé iad,

7 do cuireadh amach ar fud an domhain uile. Agus tháinig sé, agus do ghlac sé an leabhar as láimh dheis an té do bhí ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir.

8 Agus nuair do ghlác sé an leabhar, do thuit na ceithre h‐ainmhidhthe agus an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair an Uain, cruit ag gach duine aca, agus soithigh óir lán de thúis aca, gur ab iad urnaighthe na naomh iad.

9 Agus do chanadar amhrán úr‐nua, g‐á rádh, Is fiú thusa an leabhar do ghlacadh agus a shéalaí d’fhoscailt: de bhrigh gur marbhadh thú, agus gur cheannuighis do Dhia led’ fhuil daoine de gach treibh, agus de gach teangain, agus de gach pobal, agus de gach cineadh,

10 agus go ndearnais ríoghacht agus sagairt le h‐aghaidh ár nDé dhíobh; agus riaghlóchaidh siad ar talamh.

11 Agus do dhearcas, agus chualas glór a láin aingeal i dtimcheall na righ‐chathaoireach agus i dtimcheall na n‐ainmhidhe agus na seanóir, agus ba é a líon deich míle fó dheich míle agus na mílte de mhíltibh;

12 g‐á rádh de ghuth árd, Is fiú an tUan atá íodhbartha an chumhacht, agus an saidhbhreas, agus an eagnaidheacht, agus an neart, agus an onóir, agus an ghlóir, agus an moladh d’fhágháil.

13 Agus gach nidh dár cruthuigheadh ar neamh, nó ar talamh, agus fá’n talamh, agus san bhfairrge, agus gach a bhfuil ionnta, do chualas iad g‐á rádh, An moladh, agus an onóir, agus an ghlóir, agus an chumhacht, go raibh ag an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus ag an Uan go saoghal na saoghal.

14 Agus adubhairt na ceithre h‐ainmhidhthe, Amen. Agus do thuit na seanóirí síos agus do rinneadar adhradh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí