Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 5:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Agus nuair a bhí an scrolla ina láimh, thit na ceithre bheithíoch agus na ceithre chruifir ar fhichid ar a mbéal fúthu roimh an Uan, agus cláirseach cheoil agus scála óir lán túise ina lámha, agus is iad urnaithe na naomh an túis sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus nuair do ghlác sé an leabhar, do thuit na ceithre h‐ainmhidhthe agus an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair an Uain, cruit ag gach duine aca, agus soithigh óir lán de thúis aca, gur ab iad urnaighthe na naomh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus ar nglacadh an leabhair dhó, do leigeadar na ceithre beathuigh agus an ceathrar ar fhichid seanóir íad féin síos a bhfíadhnuise a Nuáin, ar mbeith chláirseach, agus shoitheach nórgha ag gach áon díobh fó leith lán do dheagbhalaidhibh, agár ab íad urnuighe na náomh íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dhúil bheo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis–urnaithe na naomh is ea iad sin.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 5:8
27 Tagairtí Cros  

Go n‑éirí m'urnaí mar thúis i d'fhianaise; go raibh ardú mo lámh mar íobairt tráthnona.


Molaigí é le séideadh an stoic! Molaigí é leis an gcruit agus leis an gcláirseach!


Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit; déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.


Triallfaidh mé ar altóir Dé, ar Dhia is cúis áthais dom; agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit a Dhia, ón, a Dhia liom!


Canaimis go meidhreach do Dhia ár neart; tógaigí gártha gliondair do Dhia Iacóib.


as óir deich seicil lan de thúis;


Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.


i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.


Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”


Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.


Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm - bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige gloine, agus cruiteanna Dé acu,


Agus thug ceann de na ceithre dhúile beo do na seacht n‑aingeal seacht soitheach óir lán d'fhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta.


Agus chaith an ceathrar seanóirí ar fhichid agus na ceithre dhúil bheo iad féin ar an talamh agus shléacht siad do Dhia a bhí ina shuí sa ríchathaoir á rá: “Amen. Alleluia.”


Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá:


Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.


Agus os comhair na ríchathaoireach tá mar a bheadh farraige gloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an ríchathaoir, agus mórthimpeall na ríchathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar.


Agus bíonn sé sciatháin ar gach ceann de na ceithre dúile beo, agus iad lán de shúile mórthimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná d'oíche ach ag rá:


Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.


Agus is é a bhí á rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.”


Agus dúirt na ceithre dúile: “Amen.” Agus shléacht na seanóirí agus rinne siad adhradh.


Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an ríchathaoir agus na ceithre dúile beo, agus na seanóirí; bhí seacht n‑adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.


Ansin san fhís dom, nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí