Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 10:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Mise an sáraoire, Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Is mé an dea-aoire. Tugann an dea-aoire a anam ar son na gcaorach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Is mise an t-aodhaire maith. Bheir an t-aodhaire maith a bheatha ar son a chaorach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Is mise an t‐aodhaire maith: do‐bheir an t‐aodhaire maith a anam ar son na gcaorach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 As misi an táodhaire maith: cuiridh an táodhaire maith a anam féin ar son na gcáorach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Mise an t-aodhaire fóghanta. Tugann an t-aodhaire fóghanta a anam ar son a chaorach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Mise an sáraoire. Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 10:11
25 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Dáiví an t‑aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: “Is mise a pheacaigh,” ar sé, “is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.”


Salm le Dáiví. 1 Is é an Tiarna m'aoire: ní bheidh aon ní de dhíth orm.


Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. Salm Ásáf.


Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn, á n‑iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.


Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d'aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.


“A mhic an duine, tairngir i gcoinne tréadaithe Iosrael. Tairngir agus abair leo, is é sin, leis na tréadaithe: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mairg do thréadaithe Iosrael a bheathaíonn iad féin! Nár chóir do thréadaithe an tréad a bheathú?


“Cuirfidh mé aon tréadaí amháin i gceannas, is é sin, mo sheirbhíseach Dáiví, agus beathóidh sé iad. Beathóidh sé iad agus beidh ina thréadaí acu.


Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht.


Beidh sé féin ina údar síochána; nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír, nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha, músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne.


“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.


díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”


An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach.


Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.


agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.


Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.


Dia na síochána a threoraigh ar ais ó mhairbh ár dTiarna Íosa Críost atá ina aoire mór ar na caoirigh trí fhuil an chonartha shíoraí,


Ansin nuair a fhoilseofar an tArdaoire tabharfar daoibh coróin mharthanach na glóire.


Uaidh seo a aithnímid an grá, mar gur thug seisean a anam ar ár son; agus is mithid dúinne ár n‑anam a thabhairt ar son na mbráithre.


Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí