Ná bíodh imní ort, a chara, níl dearmad déanta ag Dia ort. Tá smacht aige ar an scéal atá ag cur as duit. Má tá brón ort, guí ar Dhia agus líonfaidh sé thú le lúcháir. Má tá tú buartha, tabhair na hullmhaithe sin do d'Athair Naofa agus tabharfaidh sé aire dóibh.
Freagróidh Dia do chuid paidreacha ina am féin, mar sin bí misneachmhar. Deir Dia ina fhocal (Salm 31:24) go ndéanfá iarracht agus go mbeirtear cróga mar go bhfuil sé leat cibé áit a dtéann tú. Fiú má shiúlann tú trí ghleann scáth an bháis, ná bíodh eagla ort mar tá an Tiarna leat.
Bíodh muinín agat as d'Athair Naofa. Cé nach féidir leat a fheiceáil, tá sé ag obair ar do shon mar is breá leis thú. Bígí misneachmhar agus cróga, a gach duine a bhfuil súil agaibh sa Tiarna.
Níl tú i d'aonar! Lig do Dhia troid ar do shon. Maireann tú ag cosa Íosa agus gheobhaidh tú síocháin, solas agus treoir do do shaol ansin. Ná caill do chreideamh choíche mar is iomaí an trioblóid a bhíonn ar an bhfíréan, ach saorfaidh an Tiarna iad uile agus tabharfaidh sé an bua dóibh i ngach ceann acu.
Agus do labhair Iósa ríu air an mball ag rádh, Biódh meisneach maith agaibh; is Misi a tá ann; ná bíodh eagla oraibh.
Bíthí láidir agus bíodh meisneach mhór aguibh, ná himeagluidh, agus ná biodh úamhan aguibh rompa: óir sé do THIGHEARNA Día, théid libh; ní fheallfa sé ort, agus ní thréigfe sé thú.
Ná bíodh eagla a naightheach ort: óir atáimsi maille riot dot sháoradh, a deir an TIGHEARNA.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
(Oír do chonncadar uile é, agus do bhádar ar na mbúaidhreadh.) Agus do labhair sé ríu ar an mball, agus a dubhairt sé ríu, Bíodh meisneach maith aguibh misi a tá ann, na bíodh eagla oruibh.
Agus, féuch, tugadar fear pairilise, na luighe air a leabaidh chuighe: agus an tan do chunnairc Iósa a gcreideamh a dubhairt sé re fear na pairilisi; Biódh muinighin mhaith agad a mhic; ataid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit.
Agus ar bhféachain Diósa orrtha a dubhairt sé ríu, Ní bhfuil so ar chumas do na dáoinibh: achd a tá gach uile ní ar chumas do Dhía
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Achd a dubhairt Iósa ris, Más eidir leachd so do chreideamhuin, a tá gach én ní soidhéanta don té chreidios.
Agus a noidhche na dhiáigh sin do sheas an Tighearna láimh ris, agus a dubhairt sé, Bíodh meisneach mhaith agad, a Phóil: óir do réir mar do rinne tú fíadhnuisi am thimcheallsa a Niarusalém, as mar sin as éigean duit fíadhnuisi dhéunamh sa Róimh.
Agus ar bhfilleadh Diósa agus ar na faicsinsean dó, a dubhairt sé, Biódh muinighin mhaith agad, a inghean; do shlánaigh do chreideamh thú. Agus do bhí an bhean slán ó a nuáirsin a mach.)
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Nách ar aithin misi dhíot? Bí láidir agus lán bhéodha; ná bíodh eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do THIGHEARNA Día maille leachd gidh bé áit a racha tú.
Agus an TIGHEARNA, is eision an té rachus romhad; biáidh sé maille riot, ni fheallfa sé ort, ní mó thréigfios sé thú: ná himeagluidh, agus ná bíodh úamhan ort.
Má fhanann sibh ionnamsa, agus má fhanuid mo bhríathrasa ionnuibhse, íarruidh gach ní bhus áill libh, agus do dhéuntar dhaóibh é.
As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh.
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Beinneocha mé an TIGHEARNA, noch thug comhairle dhamh: do thegaisgeadar mo dhubháin mé mar an ccéadna a naimsir na hoidhche. Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.
Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh. Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh. Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhidean aguinn. Selah. Ar a nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge; Bíodh go ndeanadh a huisceadha sin fuáim, agus go mbeidis buáidheartha, da ccriothnuighdís na cnuic le na hat sin go hanmhór. Selah.
Isé an TIGHEARNA thfear cosanta: isé an TIGHEARNA do scáth air do láimh dheis. San ló ní bhuáilfe an ghrían thú, nó an ghealach san noidhche. Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA thú ó nuile olc: coimhéadfa sé hanam. Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA do dhul amach agus do theacht a steach ó namsa amach, agus go síorruidhe.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Oír budh é an TIGHEARNA do bharánta, agus cuimhdeochuidh sé do chos ó bheith gabhtha.
Is maith an TIGHEARNA, caisléan daingion a ló na buáidheartha; agus aithnigh sé an drong dhóthchusuighios ann.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda; Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Agus féuch, ataimsí maille riot, agus cuimhdeóchuidh mé thú ann gach uile bhall a ngéubha tú, agus do bhéura mé a rís don tírsi thú: oir ní fhágfaidh mé thú, nó go ndéarna mé an ní do labhair mé riot.
Is beannuighthe an duine dhóthchusuighios annsa TIGHEARNA, agus gur bé an TIGHEARNA a mhuinighinn. Oír biáidh sé amhuil crann plannduighthe láimh ris na huisceadhuibh, agus shíneas amach a fhréamha láimh ris an tsrúth, agus nach dhfaicfidh a núair thig an teasbhach, agus biáidh a dhuille glas; agus ni bhiáidh cúramach a mbiíadhuin an tarta, ní mó scuirfios sé do thábhairt tórindh.
¶ Tógbhuigh súas bhur súile go hárd, agus féuchaidh cía do chruthaidh na neithesi, noch do bheir a slógh amach le háireamh: goiridh sé uile íad as a nanmannaibh le méud a chumhachd, óir atá sé láidir a ccumhachdaibh; ní fhaillighionn áon é.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Is beannuighthe bheithí, an tan imdheargfuid dáoine sibh, agus dhibeoruid sibh, agus a déuruid gach uile dhrochfhocal ribh go bréugach, ar mo shonsa. Biodh gaírdeachas, agus luáthgháir óruibh: óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.
Laigeochthar fós na hogánuigh agus beid coirthe, agus tuitfid na hóigfhir thríd amach: Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Anuair rachus tú amach do throid a naghuidh do námhad, agus do chífe tú eich, agus carbuid, agus daóine is lía na thú fein, ná bíodh eagla ort rompa: óir atá do THIGHEARNA Día maille riot, noch thug amach as crích na Hégipte thú.
As iomdha tíaghais a dtigh Matharsa: agus muna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é. Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh. An sa lá sin áitheontaói go bhfuilímsi sa Nathair, agus sibhsi ionnama, agus misi ionnuibhsi. Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó. A dubhairt Iudás ris, ní hé Iscariot, A Thighearna, créd é an tadhbhar fá dtaisbéantá thú féin dúinne, agus ní do tsáoghal? Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Gidh bé ghrádhuifheas misi, coimheudfuidh sé mo bhriathar: agus gráidheochuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, agus do dhéunam comhnuidhe aige. Gidh bé nach grádhuigheann misi ní choimhéudann sé mó bhríathra: agus an bhriathar do chúalabhair ní leamsa í, achd leis a Nathair do chuir úadh mé. A dubhairt mé na neithesi ribh, air mbeith am chomhnuidhe aguibh. Achd an Comhfhurtáightheóir, an Spiorad Náomh, noch chuirfeas an Tathair úadh a mainmsi, múinfidh sé na huile neithe dhibh, agus cuirfidh sé a ccuimhne dhibh, gach uile ní dhá ndubhairt misi ribh. Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air, Do chúalabhair go ndubhairt mé ribh, Imthighim, agus thigim chugaibh. Dá ngrádhuigheadh sibh misi, do bhíadh lúathgháir oruibh, do bhrígh go ndubhairt mé, Atáim ag dul chum a Nathar; óir as mó Mathair ná misi. Agus a nois dinnis mé so dhaóibh, suil. Thiocfas sé chum críche, ionnus, go gcreidfeadh sibh, an tan thiocfas sé chum críche. Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann.
Is ón TTIGHEARNA orduighthear coiscéime an duine: an tan bhías dúil aige iona shlighe. Bíodh go ttuitfeadh, ní teilgfighthear síos é: óir congmhaidh an TIGHEARNA a lámh súas.
¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, Ná heagluighthear thú rompa: óir do sheachuid misi ad laimh íad; ní sheasfa duine dhíobh romhad.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú. Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Uime sin ní bhfuilmíd ag dul a nanbhfainne; achd bíodh go dtruáillighthear ar nduine leithimealach, athnúadhaighthear fós an tí atá don táóbh a stigh go láethamhuil. Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne: Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.
Ata fós manam ag feithiomh amháin air Dhía: noch ó bhfuil mo shlánughadh. Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe air. Do labhair Día aonuáir; fá dhó chúala mé so; gur ré Día bheanas cumhachda. Mar an ccéadna is leátsa, a THIGHEARNA, trócaire: óir do bhéarair don duine do réir a oibre. Isé fós mo charruic agus mo shlánughadh; mo dhídean; ní chorrochthar mé go mór.
Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa. A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Foghnuidh croidhe súgach amhuil leighios: acht tiormuighidh spiorad briste na cnámha.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid; Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus: Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla; Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé. Uime sin ar gcur úaibh na huile neamhghloine agus iomarcuidh mailíse, gábhuidh chúguibh maille ré ceannsachd an bhríathar atá ar na plánndughadh ionnuibh, ler féidir bhur nanmanna shlánughadh. Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin. Oír da néisdigh éinneach ris an mbréithir, agus nach déun sé dhá réir, as cosmhuil é ré duíne bhíos ag breathnughadh a ghnúise nadúrtha a sgathán: Oír ar na bhreathnughadh féin dó, imthighe roimhe, agus ar ball dearmaduigh sé créd bá é a chosamhlas féin do dhuinne. Achd an tí fhéuchas go grinn ar reachd diongmhálta na saóirse, agus chomhnuigheas ann, do bhrígh nach fear éisdeachda dearmadach é, achd fear gníomha do dhéunamh, biáidh sé beannuighe ann a ghníomh féin. Má atá aóinneach eadruibh lér cosmhuil bheith ríaghalta, agus nach ccuireann srían ré na thanguidh, achd bhíos ag mealladh a chroidhe féin, as diomhaóin ríaghail an tíse. Ag so an ríaghail ghlan gan cháidhe a bhfíadnuise Dé agus a Nathar, Eadhon dul dféuchain na ndileachdadh agus na mbaintreabhach a nám a ríachdanuis, neach é féin do choimhéud gan cháidhe ón tsáoghal. Ar mbeith a fheasa aguibh, noibhrigheann dearbhadh bhur gcreidimh foighid. Agus bíodh obair dhiongmhálta ag an bhfoigid, chum sibh féin do bheith diongmhálta iomlán, gan uireasbhuidh aóinneithe.