Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 27:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Le Dáiví. 1 Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú, cé a chuirfidh eagla orm? Is é an Tiarna daingean m'anama; cé a chuirfidh ar crith mé?

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

1 Is é an Tiarna mo sholas, agus mo shlánú; cé sin a mbeidh eagla orm roimhe: is é an Tiarna neart mo bheatha; cé siúd a chuirfidh crith orm?

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

1 ’Se Dia mo sholus a’s mo sláint’, Cia chuirfeas mé a nguais? ’S é neart mo bheatha Dia na ndúl, Cia chuirfeas me a gcrua’s.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Le Dáiví. 1 Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú, cé a chuirfidh eagla orm? Is é an Tiarna daingean mʼanama; cé a chuirfidh ar crith mé?

Féach an chaibidil Cóip




Salm 27:1
45 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn, Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas,


Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”


Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom; agus gur tú mo shlánaitheoir.


Tá an Tiarna i m'fhochair; ní baol dom. Cad a dhéanfaidh an duine dom?


Óir saorfaidh tú lucht na huirísle ach umhlóidh tú lucht an díomais.


Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann, mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht.


mheathlaigh na náisiúin iasachta: tháinig siad as a ndaingne go critheaglach.


Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar sula bhfaighe sé mo bhua; Ansin is ea a bheidh mé gan smál agus saor ó thrompheaca.


Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. 8 A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!


Óir is tú mo dhídean, a Dhia, cén fáth ar theilg tú uait mé? Cén fáth a bhfuilim ag triall go dobrónach agus mo namhaid do mo chiapadh?


I nDia amháin atá m'anam ar a shuaimhneas; is uaidh a thagann mo chúnamh.


Bí ar do shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom, óir is ann atá mo dhóchas.


B'fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B'fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.


An Tiarna mo neart, mo dhán; eisean mo shlánú. Eisean mo Dhia, agus molfaidh mé é. Dia m'athar, agus móraim é!


An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”


A theaghlach Iacóib, tagaigí, agus siúlaimis i solas an Tiarna!


Tríd an Tiarna amháin, a déarfaidh daoine, a thagann bua agus neart! Chuigesean a thiocfaidh siad agus náire orthu, iad siúd uile a thug a dhúshlán.


“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.


Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m'ionsaithe; ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile, ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.


Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.


mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil


agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’ ”


An solas fírinneach a shoilsíonn gach aon duine, bhí sé ag teacht ar an saol.


Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”


Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?


ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm.


ná bíodh eagla ort rompu, ach cuimhnigh cad a rinne an Tiarna do Dhia le Forann agus leis an Éigipt go léir,


Ná bíodh aon eagla ort rompu, óir tá an Tiarna do Dhia in bhur measc, agus is mór agus is uafar an Dia é.


Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.


Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”


Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.


Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta.


Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: “Slánú dár nDia a shuíonn sa ríchathaoir agus don Uan!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí