Matha 9:22 - An Bíobla Naofa 198122 Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)22 Thiontaigh Íosa thart, agus nuair a chonaic sé í dúirt sé léi, “Ná bíodh aon imní ort, a iníon; shlánaigh do chreideamh féin thú.” Agus rinneadh an bhean slán folláin ón uair sin amach. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara22 Acht thionntuigh Íosa thart, agus chonnaic sé í, agus dubhairt: A inghean, glac misneach, rinne do chreideamh slán thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)22 Acht do chas Íosa, agus nuair do chonnaic sé í, adubhairt sé, Bíodh meisneach agat, a inghean; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)22 Agus ar bhfilleadh Diósa agus ar na faicsinsean dó, a dubhairt sé, Biódh muinighin mhaith agad, a inghean; do shlánaigh do chreideamh thú. Agus do bhí an bhean slán ó a nuáirsin a mach.) Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)22 D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201222 Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach. Féach an chaibidil |