Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Thiontaigh Íosa thart, agus nuair a chonaic sé í dúirt sé léi, “Ná bíodh aon imní ort, a iníon; shlánaigh do chreideamh féin thú.” Agus rinneadh an bhean slán folláin ón uair sin amach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Acht thionntuigh Íosa thart, agus chonnaic sé í, agus dubhairt: A inghean, glac misneach, rinne do chreideamh slán thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Acht do chas Íosa, agus nuair do chonnaic sé í, adubhairt sé, Bíodh meisneach agat, a inghean; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus ar bhfilleadh Diósa agus ar na faicsinsean dó, a dubhairt sé, Biódh muinighin mhaith agad, a inghean; do shlánaigh do chreideamh thú. Agus do bhí an bhean slán ó a nuáirsin a mach.)

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:22
15 Tagairtí Cros  

Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.


Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad ’n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach?


Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do’n bhuachaill an uair sin.


Agus féach, do thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a mhic, táid do pheacaí maithte dhuit.


Ansan do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus dubhairt sé: Deintear libh do réir bhúr gcreidimh.


Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí radharc aige láithreach, agus do lean sé é sa tslígh.


Agus dubhairt seisean léi: A ’nghean ó, do shlánuigh do chreideamh thú. Imthigh i síothcháin, agus bí slán ó’n ngearán.


Agus dubhairt sé leis: Eirigh agus imthigh leat, óir do shlánuigh do chreideamh thú.


Agus dubhairt Íosa leis: Féach suas; do shlánuigh do chreideamh thu.


Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcáin.


Agus dubhairt seisean léi: Do leighis do chreideamh thú, a ’nghean ó; imthigh leat i síothcháin.


Agus bhí fhios ag an athair gur le linn na h-uaire sin adubhairt Íosa leis, Tá do mhac beó; agus do chreid sé féinagus a theaghlach go léir.


Agus dubhairt sé do ghuth árd: Eirigh ad sheasamh ar do chosaibh! Agus do léim sé ’n-a sheasamh agus shiúbhluigh sé.


Bhí sí ’ghá dhéanamh san ar feadh mórán laethanta. Do ghoill san an Phól agus d’iompuigh sé agus dubhairt sé leis an spioraid: Deirim leat, i n-ainim Íosa Críost, imtheacht amach aisti. Agus d’imthigh, an uair chéadna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí