A chara, smaoinigh ar an mbealach iontach é véarsaí Bíobla a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Cibé áit a bhfuil tú nó cibé rud atá ar siúl agat, beidh Briathar Dé leat i gcónaí. Is bealach praiticiúil é chun a chinntiú go bhfuil arm cumhachtach agat i gcónaí.
Samhlaigh é: tá cara agat atá ag streachailt agus is féidir leat véarsa faoi ghrá Dé a roinnt leo. Nó b'fhéidir go bhfuil tú gafa i dtrácht agus tá véarsa faoi fhoighne ag teacht chun cuimhne. Fiú cúpla nóiméad gach lá ag obair ar véarsaí a chur de ghlanmheabhair is féidir difríocht mhór a dhéanamh nuair is mó a bhíonn sé de dhíth ort.
Deir Iósua 1:8[1], "Ná lig don leabhar seo den dlí imeacht ó do bhéal, ach machnaigh air de ló agus d'oíche, ionas go ndéanfaidh tú gach a bhfuil scríofa ann a chomhlíonadh go cúramach; ansin beidh rath ar do shlí agus ansin beidh ádh ort." Smaoinigh air sin – rath agus ádh trí Bhriathar Dé a choinneáil gar duit!
Eístfidh an duine críonna, agus méideochuidh sé foghluim; agus tiucfa duine tuicsionach chum comhairleach críonna:
Asi a neagna an ní is oirdheirce; uimesin fagh eagna: agus maille red uile fhagháil fagh tuigse.
Do gheibh croidhe an duine eagnuidhe éolus; agus íárruidh clúas an duine chríonna eagna.
Oír is sgáile a neagna, agus is cumhdach an tairgiod: acht isé dearscnughadh a néoluis, go ttabhair a neagna sáoghal don druing agá mbí sí.
Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.
Tabhair teagasg do dhuine chríonna, agus biáidh sé níos críonna: múin duine ionnraic, agus méideochaidh sé a nealadhain.
Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
Déun díthchioll ar thú féin do tháisbéunadh ionmholta do Dhía, a tfior oibre nách rig a leas adhnaire do bheith aire, ag gearradh bhreithre na fírinne go cómhthrom.
Do níd na daoine críonna stór éoluis: acht is fogus béul a namadáin daidhmhilleadh.
Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc.
Asé eagla an TIGHEARNA tosach a néoluis: acht dísbeaguid na hamadáin eagna agus teagasg.
Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Oír is glioca aimhghliocas Dé náid dáoine; agus as neartmhaire meirbheas Dé náid dáoine.
¶ Cía dá múinfidh sé éolus? cía air a ttiubhra sé teagasg do thuigsin? an drong bhearthar ó bhainne, agus thairngthear ó na cíchibh.
Ná neithe fós, do fhóghluim sibh agus do ghlacabhair, agus do chúalabhair, agus do chonncabhair ionnamsa, deunuidh íad: agus biáidh Día na síothchána maille ribh.
Iarruidh croidhe an té agá mbí tuigsi éolus: acht ís air amadánacht beathuighthear béul na namadán.
Oír sibhse dár chóir bheith bhur luchd teaguisg do réir aimsire, as riachdanus dáoibh a rís sinne bhir dteagusg a gcéudthosuighibh bhréithre Dé; agus tárrla dhibh beith sa ríochdsin gur mó atá bainne duireasbhuidh oruibh, na bíadh láidir. Oír gach áon chleachdas bainne atá sé neamhíulmhar a mbréithir na fíréuntachda: (óir is náoidhe é.) Achd is don luchd thig chum áóisi fhóghnas an biádh laidir, agá bhfuilid a gcéúdfadha tré ghnáthughadh fhada ar na gcleachdadh chum eidirdhealuighe maitheasa agus uilc.
Agus tuilliomh, a mhic, maille riu so, gabh múnadh: ní bhí críoch air iomad leabhar do dhéanamh; agus is cuirthe do nfeóil iomad an stuidéir.
Glac greim daingion do theagasg; na léig uáit í: cumhdaigh i; óir isí sin do bheatha.
Agus a dubhairt sé ris an nduine, Amhairc, eagla an TIGHEARNA, sí sin an chríonnacht; agus olc do sheachna is tuigsi sin.
Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.
Achd bíghidh ag fás a ngrás, agus a neólas ar Dtíghearna agus ar Slanaightheóra Iósa Críosd. Glóir dhósan a nois agus go síorruidhe. Amén.
Ionnus go siúbhalfadh sibh mar as cubhaidh don Tíghearna maille ré sa thoil do dhéunamh sna huile neithibh, ag tabhairt toruidh uáibh sa nuile dheaghobair, agus ag fás a néolas Dé;
Ga mhéad is féarr eagna dfagháil ná ór? agus tuigsi dfagháil is córa í do thogha ná airgiod?
Nach raibh a fhios agad? nach ccúala tú, nach lagaidhthear an Día siorruidhe, an TIGHEARNA, Cruthaightheóir théorann na talmhan, agus nach ccuirthior é? ní bhfuil scrúdagh ar bith air a thuigsin. Do bheir sé cumhachda do nanbhfann; agus don droing ag nach bí neart méuduighidh sé neart. ¶ Guth an té fhúagras ann sa bhfásach, Gléasuidh slighe an TIGHEARNA, déanaidh díreach annsa díothramh slighe mhór dar Ndía. Laigeochthar fós na hogánuigh agus beid coirthe, agus tuitfid na hóigfhir thríd amach: Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig: Agus do thúirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhúaileadar ar an ttigh úd; agus níor thúit sé: óir do bhí a fhuinniméd air charraig.
¶ A dubhairt mé ann mo chroidhe a ttáobh staide mhac na ndaóine, cho go bhfoillseochadh Día íad, agus go bhfaictidis féin nach bhfuil ionnta acht ainmhighthe. Oír an ní theagmhas do mhacaibh na ndaoine teagmhaidh do na hainmhighthibh; aoinní amháin theagmhas dóibh: óir mar théid cuid aca déag, is marsin éagas an chuid oile; fós, is áonanál amháin atá aca; marsin nach bhfuil uáisle ag an nduine thar a nainmhidhe: óir is díomhaóineas iad ré chéile.
Atá dligheadh an TIGHEARNA iomlán, ag iompógh a nanma: is fírinneach fiaghnuise an TIGHEARNA, ag déanamh an tsimpligh críonna. Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.
An té shiubhluighios le daóinibh críonna biáidh sé críonna: acht scriosfuighthear compánach na namadán.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Foillsigh a THIGHEARNA, do shligthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain. Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
Ná mealltar sibh; ní ghabhann Día sgige chuige: oír gidh bé ní shiolchuireas neach, a sé an ní céudna bheanfas sé.
Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh. Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola.
Foghlamuigh maith do dhéanamh; íarruigh breitheamhnus, cobhruighidh na boicht, breathnuighidh an dilleachda, tagraidh ar son na baintreabhuigh.
Gidh bé ghrádhuighios teagasg grádhuighidh sé eólus: acht an té fhúathuighios smacht is brúideamhuil é.
Laibheoruidh béul a nfíréin eagna, agus laibheoruidh a theanga breitheamhnus. Atá dligheadh a Dhé iona chroidhe, ní sciorrfuidh áon dá choiscéimibh.
Uime sin mas íthe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéana sibh na huile neithe.
Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh: Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe. Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Ionnus go dtíubhradh Día ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsighe dháoibh chum eision dadmháil:
Eísd re comhairle, agus glac teagasg, chor go mbía tu glic ad chrích dheighíonuigh.
Achd a néagna úd ó neamh atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síothchánta, ceannsuigh, sótheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon, gan fhallas.
Smuáin ar na neithibhse; cómhnuigh ionnta; ionnus go mbíadh do theachd ar haghuidh follas do na huile dháoinibh.
Tabhair tuigse dhamh, agus coimheadfad do dhlighe; agus coimhlíonfad é le mo chroidhe iomlán.
Goirfighear duine críonna don ghlic a gcroidhe: agus méuduighidh millsi an beil ealadha.
Ionnas nách mbiádh sibh lesgeamhuil, achd bhur luchd leanmhana ag an druing agá bhfuil oighreachd na ngeallamhnach tré chreideamh agus tré fhoighid.
Atá ór ann, agus móran do chlochuibh uáisle: acht is íad bríathra a néolus an séud mórluáigh.
Agus a dhearbhráithreacha, as dearbh leamsa féin bhir dtáobhsa, go bhfuilti lán do mhaith, ar mbeith dháoibh líonta do ghach uile éolas, agus go dtig dháoibh fós a chéile do theagusg.
Toirmiscthior tionnscanta a néagmhuis chomhairle: acht a niomad na ccoimhairleach daingnithear íad.
Gidheadh ní hé spiorad an tsáoghail, do ghabhamairne chugainn, achd an spiorad atá ó Dhía; ionnus go mbíadh fios na neitheann aguinn noch do tíodhlaiceadh dhúinn ó Dhía.
Ag cur theilgin na hinntinne ar gcúl, agus gach uile áirde dá nárduigheann é féin a nadhuigh éolais Dé, agus ag breith gach uile smuáintighe a mbráighdeanus chum úmhluighthe do Chríosd.
Gabhaidhsi mo theagasg, agus ní airgiod; agus éolus tar a nór toghtha. Oír is fear a neagna náid na clocha búadha; agus na huile neithe is féidir do dhúiliughadh ní hionchoimhmeasta ría íad.
Achd atá an tungadh do ghlacabhair úadhsan na chomhnuighe ionnuibh, agus ní bhfuil na riachdanus oruibh neach ar bith bhur múnadh: achd mar mhuineas an tungadh sin sibh a dtáobh na nuile neitheann, agus as fírinneach é, agus ní bhfuil bréug ann, agus do réir mar do mhúin sé sibh, do dhéunuidh sibh comhnuigh annsan.
Agus ní bhéid súile na druinge do chífeas céodhach, agus éistfid clúasa na ndaóine chluinfiós. Tuigfidh fós croidhe na ndaóine meargánta éolus, agus biáidh teanga na mbriotach réidh chum labhartha go soilléir.
Buaileadh an fíreun mé; budh cineul dhamh sin: fós imdheargadh sé mé; budh ola mórlúaighe sin, nach brisfidh mo cheann: biáidh fós mo ghuidhe léo iona nanacair.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.
Neartuigh an gliocus duine crionna ní is mó ná deithneamhar do dhaoinibh cumhachtacha atá annsa chathruigh.
Má éighionn tú fós a ndiáigh éoluis, agus go ttóigfe tú do ghuth súas chum na tuigsiona; Má íarrair í amhuil airgiod, agus go spíonfuidh tú da híarruidh mar ionnmhusaibh foluightheacha; Annsin tuigfidh tú eagla an TIGHEARNA, agus do gheabha tú éolus Dé.
Is beanuighe an té aga bhfuil Día Iácob mar chabhair, agá a bhfuil a dhóigh annsa TIGHEARNA a Dhía féin:
O a Thimotéuis, coimhéid an ní fágbhadh táobh riot, agus seachain cíapáil bhríathar neamhdhíagha gan éifeachd, agus conntrarrdhachd ealadhan nách bhfuil achd na haínm ealadhna: Noch ar mbeith do dhruing áirighe dhá hadmháil do chúadar ar seachrán a dtimchioll an chreidimh. Grása maille riot. Amén.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Oir a neithesion nach éidir dfaicsin, mar atá a chúmhachd síorraidhe agus a dhiadhachd, atáid síad soilléir sóthuigsigthe ó chrúthughadh an domhain treas na neithe do rinneadh; ionnus nach beith leithsgéul aca:
Do bheir an tslat agus an smacht gliocas uatha: acht do bheir an leanabh fágthar taobh ris féin náire dhá mhathair.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Oír bí iomarcaigh doilghis a niomarcuigh na heagna: agus an té mhéuduighios éolus méaduigh sé dóbhrón.
Creidigh an simplidheach gach aonfhocal: acht féuchaidh an duine ghlic go maith dá imtheacht féin.
Bídís bríathra mo bhéil, agus smuáineadh mo chroidhe, ionghabhtha ad lathair, ó a THIGHEARNA, mo charruic agus mfear fúasguilte.
Cuimhnighim mo sheinm san noidhche: meadhuighim rem chroidhe: agus cúartuigh mo spiorad, ag rádh.
Na mealladh éinneach é féin. Má chithear déunduine aguibh é féin do bheith glic sa tsáoghalsa, bíodh sé na amadán, ionnus go mbíadh se glic. Oír is aimhghliocas ré Día gliocas an tsáoghalsa. Oír atá sgríobhtha, Greamuidhe sé na dáoine glioca ann a slighthibh féin.
Agus grádhochuidh tú an TIGHEARNA do Dhía réd chroidhe uile, agus réd anam uile, agus réd chumhachduibh uile.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.
¶ Ní fhéadfuidh éanduine seasamh ad aghuidh ar feadh láethe do bheatha: mar do bhí mé lé Maóise, is mar sin bhías mé leachdsa: ní fhailleocha mé ort, ní mó thréigfios mé thú.
Má umhluighid mo phobal, noch ghoirthear am ainmsi, iad féin, agus guidhe, agus maghaidhsi díarruidh, agus filleadh ó na ndroichshlighthibh; annsin cluinfe misi ó fhlaitheamhnus, agus maithfe mé a bpeacadh, agus leigheosuidh mé a bhfearann.
Agus do coimhlíonadh an sgriobtúir a deir, Do chreid Abraham do Dhía, agus do measadh dhó é na fhiréuntachd: agus do goireadh Caruid Dé dhe.
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, Atá sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.