Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 1:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna -

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Eístfidh an duine críonna, agus méideochuidh sé foghluim; agus tiucfa duine tuicsionach chum comhairleach críonna:

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 1:5
18 Tagairtí Cros  

Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”


Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna; Is fada ó Dhia an choirpeacht Agus an éagóir ón Uilechumhachtach.


Má tá aon tuiscint ionat, éist leis seo, Agus tabhair cluas dá bhfuil á rá agam:


Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe, Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.


An mhuintir thuisceanach go léir, Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom:


An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas; an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é.


Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna; tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana.


Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas, agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.


Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t‑aineolaí san airdeall; ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige.


Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir; foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan.


Éistigí le teagasc agus bígí eagnaí; ná déanaigí faillí air:


Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort, ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit.


Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.


Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.


Ós ag caint le daoine stuama atáim, breithnígí féin a bhfuil agam á rá:


Coimeádaigí iad agus leanaigí iad, agus taispeánfaidh siad bhur n‑eagna agus bhur dtuiscint don saol. Nuair a chluinfidh siad faoi na dlíthe seo go léir, déarfaidh siad: ‘Nach eagnaí agus nach tuisceanach an dream an cine mór seo!’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí