Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 1:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Éisteadh an t‑eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige, agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Do thuicsin seanfhocail, agus dá chíallughadh; briathra na neagnuidhe, agus ráite dorcha.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 1:6
14 Tagairtí Cros  

Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara; is lán mo chroí de thuiscint.


Osclóidh mé mo bhéal i samhlaoidí agus míneoidh mé rúndiamhra na seanaimsire.


Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith: Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.


Broid is ea briathra na saoithe agus is cosúil le tairní dea-dhaingnithe an díolaim seanráite a thug an t‑aon aoire amháin uaidh.


Labhraím leis béal ar bhéal, Go soiléir gan tomhaiseanna, Agus feiceann sé cló an Tiarna. “Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?”


Dúirt sé leo: “Tá rúndiamhair ríocht Dé tugtha daoibhse; ach dóibh seo atá amuigh, is i bparabail a bhíonn an uile ní,


Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.


Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n‑aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.


agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léirscriosta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí