Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Peadar 5:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus nuair a bhíonn seal beag pianmhar curtha díbh agaibh, déanfaidh Dia na ngrást uile, a ghlaoigh sibh chun a ghlóire síoraí i gCríost, bhur dtógáil ar bhur mboinn agus neartóidh sé libh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus Dia an uile ghrása, do ghlaodh chum a ghlóire féin i gCríost sibh, tar a éis daoibh fulang ar feadh tamaill bhig, foirbhfidh sé sibh, neartóchaidh agus daingneochaidh sé sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a ath-nuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 5:10
39 Tagairtí Cros  

Bíonn m'anam ag sileadh deor le neart bróin; tabhair misneach dom le do bhriathar.


Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide, tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m'eascairde. Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh; agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.


A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge, agus atá lán de ghrá agus d'fhírinne:


Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.


Neartóidh mé sa Tiarna iad agus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm, a deir an Tiarna.


Neartóidh mé teaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé teaghlach Iósaef. Seolfaidh mé ar ais arís iad, mar táim tar éis trua a ghlacadh dóibh, agus beidh siad amhail is nár shéan mé riamh iad; óir, is mise an Tiarna, a nDia, agus éistfidh mé lena nguí.


ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.”


Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.


Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa


Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta


ach sular rugadh iad agus sula raibh aon ní olc maith déanta fós acu,


Mar is sinne a ghlaoigh sé ní as measc na nGiúdach amháin ach as measc na ngintlithe chomh maith.


Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn.


Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost.


Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh.


An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan á thuilleamh aige dúinn.


Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.


Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.


do bhur spreagadh agus do bhur misniú, agus ag agairt oraibh bhur saol a thabhairt mar is dual de réir Dé atá ag glaoch oraibh isteach ina ríocht ghlórmhar féin.


Is é fáth ar ghlaoigh sé oraibh tríd an dea-scéal seo againne, chun go mbainfeadh sibh amach daoibh féin glóir ár dTiarna Íosa Críost.


go gcuire siad sólás croí oraibh agus go dtreisí siad libh i ngach gníomh agus briathar fónta.


Ach tá an Tiarna dílis agus treiseoidh sé libh agus cosnóidh sé ar an olc sibh.


Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe.


Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire


Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa.


Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.


ach amhail is naofa eisean a ghlaoigh oraibh, bígí-se naofa in bhur n‑iompar go léir,


Gach duine agaibh, de réir mar a fuair sé tíolacadh ó Dhia, bainigí feidhm as ar mhaithe lena chéile mar a dhéanfadh maoir fhónta ar ilghrásta Dé.


Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.


Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur airsean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta;


Agus seo é an gealltanas a gheall sé dúinn, an bheatha shíoraí.


An té sin ar féidir leis sibh a choimeád gan titim i bpeaca, agus sibh a chur gan smál i láthair a ghlóire faoi lúcháir,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí