Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 10:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce; ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Do níd na daoine críonna stór éoluis: acht is fogus béul a namadáin daidhmhilleadh.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 10:14
17 Tagairtí Cros  

Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna -


An té a luíonn súil, adhnann sé aighneas, [ach an té a cheartaíonn go dána, déanann sé síocháin].


Géilleann croí an eagnaí do theagasc ach tá tubaiste i ndán don chabaire baoth.


Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.


An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo, ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.


Ní bhíonn sonas i ndán d'fhear an chroí chlaoin; titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.


An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis agus cuireann [comhairle d'aon sórt] fearg air.


Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas, agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.


Scriosann béal an amadáin é féin, agus is gaiste dó a bheola.


An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin; an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas.


An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga, seachnaíonn sé tubaiste.


Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.


Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.


Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór.


“Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d'aimsigh é d'fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.


Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí