Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 28:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus a dubhairt sé ris an nduine, Amhairc, eagla an TIGHEARNA, sí sin an chríonnacht; agus olc do sheachna is tuigsi sin.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 28:28
25 Tagairtí Cros  

chuir Acháb fios ar Obaidiá, reachtaire an pháláis, agus fear a raibh an-urraim aige don Tiarna.


Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.


Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáil Agus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?


Ach inis dom, cad as don eagna? Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil?


Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas; Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í.


Is é tús na heagna eagla Dé - is ciallmhar iad lucht a adhartha; mairfidh a mholadh go brách.


Coinnigh do theanga ón olc agus do bhéal ó bhriathra éithigh.


An té a smachtaíonn na náisiúin nach n‑agróidh sé? an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige?


Tús na heagna eagla Dé; is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.


Foinse beatha is ea teagasc an tsaoi, lena seachnaítear gaistí an bháis.


Bíonn fear na céille gaoismhear ach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.


Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.


Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.


Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí, ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.


Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.


Tús na heagna eagla an Tiarna; agus grinntuiscint is ea aithne ar an Neach Naofa.


Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.


Nígí, glanaigí sibh féin. Tógaigí bhur n‑urchóid as mo radharc. Éirigí as an olc a dhéanamh!


“Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo d'fhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh.


Coimeádaigí iad agus leanaigí iad, agus taispeánfaidh siad bhur n‑eagna agus bhur dtuiscint don saol. Nuair a chluinfidh siad faoi na dlíthe seo go léir, déarfaidh siad: ‘Nach eagnaí agus nach tuisceanach an dream an cine mór seo!’


Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”


Casadh sé ón olc agus déanadh an mhaith; lorgadh sé an tsíocháin agus téadh sé ar a tóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí