Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Salm 56 - An Bíobla Naofa 1981


Muinín as an Tiarna

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Yonat Elem Rehoqim”. Mictam le Dáiví nuair a bhí sé ina chime ag an Filistínigh i nGat.

2 Bí trócaireach liom, a Dhia, óir déantar leatrom orm; imrítear ansmacht orm in aghaidh an lae.

3 Gabhann mo naimhde de chosa ionam i gcónaí, is iomaí duine a bhíonn ag troid liom go huaibhreach.

4 Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh,

5 ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair. As Dia atá mo mhuinín gan eagla, Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?

6 Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí; níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.

7 Tionólann siad le chéile in oirchill orm; téann siad ar mo lorg le fonn mo mharaithe.

8 [Cúitigh] a n‑urchóid leo, a Dhia, déan na ciníocha a chloí i do chuthach.

9 Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán; tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal; nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?

10 Cuirfear mo naimhde ar gcúl an uair a ghlaofaidh mé ort, óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom.

11 As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair,

12 as Dia atá mo mhuinín gan eagla; cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?

13 Tá mé faoi cheangal na móideanna a rinne mé duit; toirbhreoidh mé íobairtí buíochais duit, a Dhia,

14 toisc gur tharrthaigh tú m'anam ón mbás agus choinnigh tú mo chosa ó thuisliú, ionas go siúlfainn i bhfianaise Dé, is go mbainfinn aoibhneas as solas na mbeo.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí