Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 29:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh - an Tiarna a labhraíonn - smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Oír atá fios na smuáintigheadh smuáinim dá bhur ttáobh agum, a deir an TIGHEARNA, smuaintighthe síothchána, agus ní uile, do thabhairt críche agus dothchus díbh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 29:11
38 Tagairtí Cros  

Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.


Maireann comhairle an Tiarna go brách agus a smaointe ó aois go haois.


Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige.


Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána - síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí.


Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!


Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.


Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.


“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Faoi mar is maith iad na fígí seo, is amhlaidh sin a rachaidh mé i gcúram lucht deoraíocht Iúdá a sheol mé amach as an áit seo go tír na gCaildéach.


Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.


Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh.


Ach féach, brostóidh mise chucu biseach agus leigheas; leigheasfaidh mé iad agus cuirfidh mé in aithne dóibh iomláine na síochána agus na sábháilteachta.


Is maith an ní é fanacht go foighneach le slánú an Tiarna.


Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cé gur theilg mé i bhfad uaim iad i measc na gciníocha agus gur scaip mé iad ar fud na dtíortha, ba shanctóir dóibh mé ar feadh tamaill sa tír ina ndeachaigh siad.’


Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).


Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarna agus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún; mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéile mar phunanna ar urlár buailte.


Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”


Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí