Sa Tiomna Nua, tar éis do na Rómhánaigh Íosa a chéasadh, cuireadh é i dtuama, ach d’athbheoigh Dia é ó na mairbh chun conradh nua a bhunú. Ciallaíonn an aiséirí coirp filleadh ar an saol i gcorp athraithe, faoi thiomáint an Spioraid Naoimh. D’éirigh Íosa ó na mairbh, mar “chéadtorthaí na ndaoine atá ina gcodladh” (1 Corantaigh 15:3-4).
Tar éis na haiséirí, chuaigh sé suas, corp agus anam, i láthair an Athar agus as sin rialaíonn sé an chruthú ar fad; tugtar Deascabháil an Tiarna ar an eachtra seo. Cruthaíonn an aiséirí gurb é Críost Slánaitheoir an domhain.
Cad a rinne tú le hÍosa? Fuair sé bás ar do shon ionas go bhféadfaí do pheacaí a mhaitheamh. Níl aon duine eile ann ar féidir leis seo a dhéanamh. Deir Gníomhartha 4:12: “Níl slánú in aon duine eile, mar níl ainm ar bith eile faoin spéir tugtha do dhaoine trínar féidir linn a bheith slánaithe.”
Ní bhfuil sé ann so, achd déirigh sé: cuimhnighidh mar a dubhairt sé féin ribh an feadh do bhí sé fós ann sa Ghalilé Ag rádh, Is éigin Mac an duine do thabhairt a lámhuibh dháoine peacthach, agus a chrochadh, agus a eiséirghe an treas lá.
Oír dá raibh sinn air ar bplanndughadh maráon rision a gcosmhuilachd a bháis: bíam mar an gcéadna a gcosmhuilachd a eiséirighe: Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadh maráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaóis seirbhis ó so súas don pheacadh.
Ionnus go mbíadh aithne agum airsion, agus ar chúmhachd a eiséirghe, agus ar chumann a pheannuidhe, ar mbeith dhamh dom chur a gcosamhlachd chrotha ré na bhás;
Oír má chréidmíd go bhfuáir Iósa bás agus gur eidéirghe sé, as amhluidh sin fós bhéuras Día an drung chodlus a Níosa ma ráon is.
Achd do mharbhabhair Ughdar na beatha, noch do dhúisigh Día ó mharbhaibh; agá bhfuilmídne ar bhfíadhnuisibh.
Agus as í so toil an té do chuir misi uádh, go bhfuighe gach áorr do chí an Mac, agus chreideas ann, an bheatha mharrthanach: agus dúiseóchuidh misi é an lá déigheanach.
A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé: Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?
Agus ar na ngabháil eagla dóibsion, agus ar gcromadh a naighthe chum na talmhan, a dubhradarsan ríu, Créud fa níartháoi eidir na marbhuibh an lé atá beo? Agus rug sé amach go soithe Betánia íad, agus ar dtóghbháil a lámh, do bheannuigh sé íad. Agus tárla, ar mbeith dá mbeannughadh dho, gur sgaradh ríu é, agus gur tóghadh súas ar neamh é. Agus ar na onóruighadh dhóibhsean, dfilleadar go Híarusalém maille le gáirdeachus mór: Agus do bhídis do ghnáth ann sa teampoll, ag moladh agus ag beanughadh Dé. Amen. Ní bhfuil sé ann so, achd déirigh sé: cuimhnighidh mar a dubhairt sé féin ribh an feadh do bhí sé fós ann sa Ghalilé
Agus a dubhairt seisean ríu, Ná bíodh eagla oraibh: A táthaói ag iarruidh Iósa Nasardha, do céasadh: do éirigh sé; ní bhfuil sé ann so: féuch a náit an ar cuireadar é.
Achd a nois do eiséirghidh Chríosd ó mharbhuibh, do rinneadh céudthoradh ná druinge do bhí na gcodladh dhe.
Oír do bhrígh gur tré dhuine tháínic an bás, as tré dhuine mar an gcéudna thig eiseirghe na marbh.
Oír tug mé dhibh ar tús an ní fuáir me mar an gcéadna, eadhon go bhfuáir Críosd bás ar son ar bpeacaidhne do réir na sgriobtúr; Créud fá bhfuilmídne fós a nguáis gach uile uáir? Dar bhur ngáirdeachusa noch atá agumsa a Níosa Críosd ar Dtighearna, do gheibhim bás gach laói. Más do réir nóis dáonna do chomhruic mé ré hainmhidhibh a Nephesus, créud é an tarbha a dtéid sé dhamh, muna néirghid na máirbh? itheam agus íbheam; óir do ghéubham bás a márach. Ná mealltar sibh: truáillidh droch chomhráite béusa maithe. Músgluidh chum firéuntachda, agus na déunaidh peacadh; óir ní bhfuil éolus Dé ag cuid aguibh: as chum adhnáire do chur oraibh a deirim so. Achd a déuraidh neach éigin, Cionnus éirghid na mairbh? agus créud é samhail an chuirp ann a dtigid síad? O a dhuine mhichéllidh, an síol chuireas tusa ní bhéodhthuighear é, muna bhfaghuidh sé bás air tús: Agus a ní shíolchuireas tú, ní hé an corp bhías do shiolchuireas tú, ach grán lom, éadhon, cruithneachda, nó arbhar éigin eile: Achd do bheir Día corp dhó do réir a thola féin, agus dá gach uile shíol a chorp féin fó leith. Ní háon fheóil amháin gach uile fheóil: achd atá feóil ar leith ag dáoinibh, agus feóil ar leith ag ainmhithibh, agus feóil ar leith ag íasguibh, agus feóil ar leith ag éunlaith. Agus gur hadhlaiceadh é, agus gur éiridh sé an treas lá do réir na sgríobtúr:
An té itheas mféoilsi, agus ibheas mfuil, atá an bheatha mharrthanach aige: agus dúiseóchaidh misi é ann sa lá deigheanach.
Ní bhfuil sé ann so: óir do eirigh sé, mar a dubhairt sé, Tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na luighe.
Achd ar bhfreagra do naingeal a dubhairt sé ris na mnáibh, Ná bíodh eagla oruibhsi: óir atá a fhios agam, gur ab é Iósa do crochadh a tátháoi díarruigh. Ní bhfuil sé ann so: óir do eirigh sé, mar a dubhairt sé, Tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na luighe.
Ar an adhbhar gur órduigh sé lá, an a mbéura sé breath chomhthrom ar a tsáoghal tres an bhfear úd do órduigh sé; agus mar dhearbhadh ar so do nuile dhuine, thóg sé súas ó mharbhuibh é.
Is beannuighe agus is náomhtha an tí agá bhfuil cuid aige sa gcéud eiséirghe: óir ní bhfuil cúmhachda ag an dara bás orrtha so, achd béid síad na sagartuibh do Dhía agus do Chríosd, agus béid na ríoghuibh na fhochairsean míle blíadhuin.
Agus Día na síothchana, tug air ais ó mharbhuibh an Tíghearna Iósa, árdáodhaire na gcáorach, tré fhuil an chonnartha shíorruidhe, Go ndéuna sé sibh diongmhalta sa nuile deaghobair, chum a thola do dhéunamh, ag oibriughadh ionnuibh an neithe as geanamhuil na fhíadhnuise, tré Iósa Críosd; dá bhfuil glóir go sáoghal na sáoghal. Amén.
Cía dhaimeónas? Críosd fúair bás, agus fós, do rinne a neiséirighe, noch atá ar deis Dé, agus fós ghuidheas air ar soinne.
Oír atá grádh Chríosd dar mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, eadhon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfúaradar uile bás: Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo ó so amach béo dhóibh féin, achd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirghe.
Do foillsigheadh na Mhac Dé a gcúmhachdaibh, do réir spioraid na náomhthachda, tré eiséirghe ó mharbhaibh:)
Féuch, a támáoid ag dul súas go Hiarusaleim; agus do bhéarthar Mac an duine dúachdaránaibh na sagart agus do na scríobuighibh, agus béaruid síad breath bháis air. Agus do bhéaruid síad do na cineadhachduibh e do chum go ndéindís fonámhad fáoi, agus go sgiursfaidís, agus go grochfaidis é: achd an treas lá éiréochaidh sé a rís.
Ar na réumhfhaicsin dó do labhair sé a dtimcheall eiséirghe Chríosd, nach bhfúigfithi a anam a nifearn, agus nach bhfaicfeadh a cholann trúailleadh. Do thóg Día an Tiosaso súas, agus atámáoidne uile an bhfíadhnuisibh air.
Ann sin do chuáidh an deisciobal eile a sdeach mar an gcéudna, noch tháinig ar tús chum an túama, agus do chunnairc sé sin, agus do chreid sé. Oír ní raibh fios an sgríobtúr fós aca, gur bhéigin eision deiséirghe ó mharbhaibh.
A ní fós ré dtig an baisdeadh ré sáothar sinne a nois ag freagra na heísiomplara sin (ní hé cur uáinn shalchair na colla, achd fiarfuidhe dheaghchoinsiáis a dtáobh Dé,) tré eiséirghe Iósa Criosd.
Achd a nois do eiséirghidh Chríosd ó mharbhuibh, do rinneadh céudthoradh ná druinge do bhí na gcodladh dhe. Oír do bhrígh gur tré dhuine tháínic an bás, as tré dhuine mar an gcéudna thig eiseirghe na marbh. Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádhamh, as mar an gcéudna do dhéuntar íad uile daithbhéodhughadh a Gcríosd.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh.
Agus as eision ceann chuirp, na heagluisi: agar ab é an tosach é, an chéidgin ó mharbhuibh; chum airdcheannuis do bheith aige ós cionn na huile.
Agus tugadar na habsduil maille ré cúmhachdaibh móra fíadhnuise eiséirghe an Tighearna Iósa úatha: agus do bhádar grásá móra orrtha uile.
Ionnus go mbíadh aithne agum airsion, agus ar chúmhachd a eiséirghe, agus ar chumann a pheannuidhe, ar mbeith dhamh dom chur a gcosamhlachd chrotha ré na bhás; Dá fhéuchain an dtiucfadh dhíom ar éunchor rochdain go heiséirghe na marbh.
Agus do thóg Día an Tighearna súas, agus tóigeabhaidh sé sinne súas ré na chúmhachdaibh féin mar an gcéadna.
Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.
Agus ar dteachd Diosa do labhair sé ríu, ag rádh, Thugadh dhamsa gach uile chumhachda ar a neamh agus ar talamh. Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh: Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe. Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang, agus éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá: Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém. Agus is sibhsi fiadhnuiseadha na neitheannsa.
Ar a nadhbharsin atámuid adhlaice maráon risean tré bhaisdeadh chum báis: ionnus do réir mar do tógbhadh súas Críosd ó mharbhaibh chum glóire a Náthar, gur mar sin mar an gcéudna do dhéunmais siubhal a núaidheachd beatha.
Agus ar dteachd Diosa do labhair sé ríu, ag rádh, Thugadh dhamsa gach uile chumhachda ar a neamh agus ar talamh.
Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang, agus éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá:
Pol, absdal, (ní ó dháoinibh, ná tré dhuine, achd tré Iósa Críosd, agus tré Dhía an Tathaír, noch do thóg súas é ó mharbhuibh;)
Noch do oibrigh sé a Gcríosd, an tan do thóg sé súas ó mharbhuidh, agus do shuighidh sé é ar a dheis féin air neamh. Go hard ós cionn gach uile úachdáranachda, agus chúmhachd, agus neirt, agus thighearnuis, agus gach uile anma dá nainmnighthear, ní sa tsáoghalsa amháin, achd mar an gcéudna sa tsáoghal atá chum teachda:
Agus dosgladar na tuámaidhe; agus déirgheadar morán do chorpuibh na ndáoine náomhtha do bhí na gcodladh, Agus ar ndul a mach as na tuámuidhibh dhoibh a ndiaigh a eiséirghesean, do chúadar a sdeach do chathuir náomhtha, agus do fhoillsigheadar íad féin do mhórán.
Agus an céd lá don tseachdmhuin tháinig Muire Mhagdalén ar maidin, ann sa dorchadas, chum an túamá, agus do chunnairc sí an lea car na tógbháil ó túama. Ar a nadhbharsin dfilleadar na deisciobáil dá nárus féin. Achd do sheas Muire ag an túama amuigh a gul: agus ag gul dí, do chrom sí a sdeach, ann sa túama, Agus do chunnairc sí dhá aingeal na suidhe a gcúlaidhibh glégheala, fear agá cheann, agus fear agá chosaibh, sa náit iona raibh corp Iósa curtha. Agus a dubhradar ría, A bhean, créud fá a nguileann tú? A dubhairt sise ríu, Do bhrígh go rugadar mo Thighearna léo, agus nach fios damh cá háit ann ar chuireadar é. Agus an tan a dubhairt sí so, dfill sí ar a háis, agus do chunnairc sí Iósa na sheasamh, agus níor aithin sí gur bé Iósa é. A dubhairt Iósa rís, A bhean, créud fá a nguileann tú? cía atá tú íarraigh? Ar na sháoilsin dise gur ab é an gárghadóir do bhí ann, a dubhairt sí ris, A thighearna, má rug tusa leachd é, innis damhsa gá hair ann ar chuir tú é, agus béuruidh misi leam é. A dubhairt Iósa ríá, A Mhuire. Ar niompódh dhise, a dubhairt sí ris, Rabbóni; (ionnan ré a rádh agus, A Mhaighisdir.) A dubhairt Iósa ría, Na bean rium; óir ní dheachaidh mé fós súas chum Mathar: achd imthigh romhad chum mo dhearbhraithreach, agus abair ríu, Go bhfuilim ag dul súas chum Matrhar féi, agus chum bhur Natharsa; chum mo Dhé féin, agus bhur Ndíasa. Táinig Muire Mhagdalén dá innisin do na deiscioblaibh go bhfacaidh sí an Tighearna, agus go ndubhairt sé na neithese ría. Agus ar dteachd an trátha nóna an lá sin féin, an céud lá don tseachdmhuin, agus ar mbeith do na dóirrdibh dúnta mar a rabhadar na deisciobáil cruinn deagla na Níuduigheadh, tháinig Iósa agus do sheas sé na lár, agus a dubhairt sé ríu, Síothcháin maille ribh. Uime sin do rioth sí, agus tháinig sí mar a raibh Síomón Peadar, agus an deisciobal eile, noch dob ionmhuin lé Híosa, agus a dubhairt sí ríu, Rugadar an Tighearna léo as an dtúama, agus ní bhfuil a fhios aguinn g háit ar chuireadar é.
Agus ar dteachd an trátha nóna an lá sin féin, an céud lá don tseachdmhuin, agus ar mbeith do na dóirrdibh dúnta mar a rabhadar na deisciobáil cruinn deagla na Níuduigheadh, tháinig Iósa agus do sheas sé na lár, agus a dubhairt sé ríu, Síothcháin maille ribh. Uime sin do rioth sí, agus tháinig sí mar a raibh Síomón Peadar, agus an deisciobal eile, noch dob ionmhuin lé Híosa, agus a dubhairt sí ríu, Rugadar an Tighearna léo as an dtúama, agus ní bhfuil a fhios aguinn g háit ar chuireadar é. Agus ar na rádh so dhó, do thaisbéin sé a lámha agus a tháobh dhóibh, Uime sin do bhí gáirdeachus ar na deisciobluibh, an tan do chunncadar an Tighearna.
O a bháis, gá háit a bhfuil do cháilg? ó a úaimh, gá háit a bhfuil do bhuáidh? A sé an peacadh cáilg an bháis; agus a sé an reachd neart an pheacaidh. Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Agus an tí atá beó, gidh go raibh mé marbh; agus, féuch, atáim beo go sáoghal na sáoghal, Amén; agus atáid eochracha ifrinn agus an bháis agam.
Agus agá labhairt so dhóibhsion, do sheas Iósa féin ann a lár, agus a dubhairt sé ríu, Siocháin maille ribh. Achd ar mbeith dhóibhsion ar crith agus lán deagla, do sháoileadar gur spiorad do chunncadar. Agus a dubhairt seision ríu; Créd fá bhduilti ar bhar mbúaidhreadh, agus créd fá a néirghid smúaintighe ann bhar gcroidhthibh? Feuchaidh mó lámha agus mó chosa, óir is misi féin atá ann: glacaidh, agus féuchaidh mé; oír ní bhfuil féoil na cnámha ag spioruid, mar do chithi agamsa.
Agus a gcionn óchd lá na dhiaigh sin do bhádar a dheisciobail a rís a stigh, agus Tomás na bhfochair: Táinig Iósa, ar mbeith do na dóirsibh dúnta, agus do sheas sé ann a lár, agus a dubhairt sé, Síothcháin maille ribh. Na dhiaigh sin a dubhairt sé ré Tomás, Cuir do mhéur ann so, agus féuch mo lámha; agus tabhair do lámh leachd, agus cuir ann mo tháobh í: agus na bí míchreidmheach, achd créidmheach. Agus do fhreagair Tomás agus a dubhairt sé rís, Mo Thighearna agus mo Dhia. A dubhairt Iósa rís, Ar son go bhfacaidh tú mé, A Thomáis, do chreid tú: as beannaighthe na dáoine nach bhfacaidh, agus do chreid.
Agus dár thaisbén sé é féin béo a ndiáigh a pháisi maille lé mórán do chomharthaidhibh fírinneacha, ar feadh dhá fhichead lá dá fhoillsiughadh féin doibh, agus ag teachd ar na neithibh do bhean ré rioghachd Dé:
Agus ar neiséirghe Díosa ar maidin an céd lá don tseachdmhuin, do thaisbén sé é féin ar tús do Mhuire Mhagdalén, as ar theilg sé seachd ndeamhain.
Ar mbeith díbh adhluice má ráon ris tré bhaisdeadh, ann a ndearnabhair eiseirghe fós má raón ris tré chreideamh oibre Dé, do thóg é súas ó mharbhuibh.