Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 1:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 agus an té is bithbheo; is mé a chuaigh a dʼéag agus seo mé i mo bheo, go saol na saol, agus eochracha an bháis agus an Háidéas agam.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 is mise an tosach agus an deireadh, agus an Té bith‐bheo; agus do bhíos marbh, agus féach, atáim beo go saoghal na saoghal, agus atá eochracha báis agus ifrinn agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus an tí atá beó, gidh go raibh mé marbh; agus, féuch, atáim beo go sáoghal na sáoghal, Amén; agus atáid eochracha ifrinn agus an bháis agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus Ifrinn agam.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 1:18
32 Tagairtí Cros  

Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.


Ar nochtadh duit doirse an éaga Nó an bhfaca tú geataí scáil an bháis?


mheathlaigh na náisiúin iasachta: tháinig siad as a ndaingne go critheaglach.


Moladh leis an Tiarna ó lá go chéile, an Dia a thugann taca dúinn; is é ar slánaitheoir é. Selah


Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn; má osclaíonn sé, ní dhúnfar; má dhúnann, ní osclófar.


Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu.


Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.”


Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh?


Dúirt Íosa léi: “Mise an t‑aiséirí agus an bheatha; An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,


Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.


Tá a fhios againn ó tógadh Críost ó mhairbh nach bhfaighidh sé bás níos mó. Níl aon cheannas ag an mbás air feasta,


Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.


agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.


Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost.


Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda


Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.


Ní dhearnadh sagart de, áfach, de réir rialacha a bhí bunaithe ar ghinealach daonna ach de bharr na cumhachta atá ag beatha dhoscriosta.


Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.


mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta,


Agus thug ceann de na ceithre dhúile beo do na seacht n‑aingeal seacht soitheach óir lán d'fhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann:


Agus thug an fharraige uaithi a raibh de mhairbh aici, agus an Bás agus Ifreann a raibh do mhairbh iontu; tugadh breith orthu, gach duine de réir a n‑oibreacha.


Agus teilgeadh an Bás agus Ifreann isteach sa linn tine. An linn tine sin an dara bás.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine:


“Is naofa, naofa, naofa, an Tiarna Dia Uilechumhachtach; an té a bhí ann, atá, agus atá le teacht.”


Agus dúirt na ceithre dúile: “Amen.” Agus shléacht na seanóirí agus rinne siad adhradh.


D'fhéach mé, agus b'shiúd an t‑each báiteach bán agus “An Bás” a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.


Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.


Tugann an Tiarna beatha agus bás. Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí