1 Peadar 1:3 - An Bíobla Naofa 19813 Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! D'athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)3 Go mba bheannaithe Dia, Athair ár dTiarna Íosa Críost! Is dá mhórthrócaire a athghineadh sinne chun dóchais bhithbheo trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)3 Go mbeannuightear Dia, Athair ár dTighearna Íosa Críost, d’aithghein, do réir a mhór‐thrócaire, sinn chum beo‐dhóchais tré aiséirghe Íosa Críost ó na marbhaibh, Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20123 Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! Dʼathghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun beo-mhuiníne Féach an chaibidil |
Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.