1 Peadar 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Peadar, abstal Íosa Críost, chum na muinntire atá ar deoraidheacht, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia, 2 do toghadh do réir réamheolais Dé an tAthair, tré naomhú an Spioraid, chum umhlachta agus chum croithte fola Íosa Críost: Go méaduightear grása agus síothcháin daoibh. 3 Go mbeannuightear Dia, Athair ár dTighearna Íosa Críost, d’aithghein, do réir a mhór‐thrócaire, sinn chum beo‐dhóchais tré aiséirghe Íosa Críost ó na marbhaibh, 4 chum oidhreachta neamh‐thruaillighthe, gan smál, nach dtéigheann i n‐éag, atá i n‐áirithe ins na flaitheasaibh daoibh‐se, 5 atá d’bhur gcumhdach le cumhacht Dé tré chreideamh fá chómhair slánuighthe atá ullamh le n‐a fhoillsiú ins an aimsir dheiridh. 6 Nidh is eadh é do‐bheir adhbhar gáirdeachais daoibh, bíodh, má’s gábhadh é, go bhfuil atuirse ar feadh tamaill oraibh mar gheall ar chathuighthibh éagsamhla; 7 chum go bhfaighfear dearbhú bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ’ná ór théigheas ar neimhnidh, gidh go mbruithntear é le teinidh, go bhfaighfear a thairbhe i moladh, i nglóir, agus i n‐onóir nuair foillseochar Íosa Críost: 8 an té d’á dtugabhar grádh, gidh nach bhfacabhar é; ag creideamhain daoibh ann, gan a fheicsin fós, atá sibh ag déanamh gáirdeachais le h‐áthas do‐inniste, lán de ghlóir; 9 agus slánú bhur n‐anmann d’á fhágháil agaibh mar thoradh bhur gcreidimh. 10 Na fáidhe do rinne tarngaireacht fá’n ngrása do bhí le teacht chugaibh, d’fhiosruigh agus do chuarduigh siad go dícheallach i dtaobh an tslánuighthe úd: 11 ar lorg na h‐aimsire, nó cómhartha na h‐aimsire d’fhoillsigh Spiorad Chríost do bhí ionnta, nuair thug sé fios roimh ré i dtaobh a raibh le fulang ag Críost, agus i dtaobh na glóire do bhí le leanamhain ’n‐a dhiaidh. 12 Do nochtadh dhóibh, nach dóibh féin, acht daoibh‐se do bhíodar ag dáileadh na neithe úd atá curtha i dtuigsin daoibh anois aca‐san do sheanmóir an soiscéal daoibh tríd an Spiorad Naomh do cuireadh ó neamh; neithe is mian le h‐ainglibh a scrúdú. 13 D’á bhrigh sin, ag teannadh bhur n‐intinne, bidhidh stuama, agus bíodh bhur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiubharfar daoibh le foillsiú Íosa Críost; 14 mar dhéanfadh clann umhal, gan géilleadh do na sean‐ainmhiantaibh do chleachtabhar ’n‐bhur n‐ainbhfios; 15 acht ar shompla an té naomhtha do ghlaodh sibh, bidhidh‐se naomhtha mar an gcéadna ’n‐bhur n‐iomchar uile; 16 de bhrigh go bhfuil sé scríobhtha, Béidh sibh naomhtha; óir atáim‐se naomhtha. 17 Agus má ghlaodhann sibh airsean mar Athair, do‐bheir breith do réir oibre gach duine, gan meas do thabhairt ar phearsain duine seachas a chéile, caithidh aimsear bhur ndeoraidheachta le h‐eagla: 18 agus a fhios agaibh nach le neithibh so‐thruaillighthe, le h‐airgead nó le h‐ór, do fuascladh sibh ó na baoith‐chleachtaibh saoghalta tháinig i n‐oidhreacht ó n’ bhur sinnsearaibh chugaibh; 19 acht le fuil luachmhair, mar fhuil uain gan locht, gan smál, fuil Chríost: 20 do réamhórduigheadh roimh bhunadh an domhain, acht do foillsigheadh i ndeireadh na n‐aoiseann ar bhur son‐sa; 21 chreideas tríd‐sean i nDia, do thóg ó na marbhaibh é, agus thug glóir dó; chum go mbéadh bhur muinighin agus bhur ndóchas as Dia. 22 Ó thárla bhur n‐anmanna bheith glanta ag umhlú do’n fhírinne dhaoibh, chum fíor‐ghrádh na mbráthar do chothú, tabhraidh grádh ó chroidhe go dúthrachtach d’á chéile: 23 óir do h‐aith‐gheineadh sibh, ní ó shíol so‐thruaillighthe, acht ó shíol neamhthruaillighthe, le briathar bith‐bheo, buan Dé. 24 Óir, Atá an uile fheoil mar an bhféar, Agus atá a scéimh uile mar bhláth an fhéir. Feoghann an féar, agus tuiteann a bhláth; 25 Acht fanann briathar an Tighearna go síorraidhe. Agus is é briathar an tsoiscéil do craobhscaoileadh dhaoibh é seo. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society