Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Peadar 1:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 do toghadh do réir réamheolais Dé an tAthair, tré naomhú an Spioraid, chum umhlachta agus chum croithte fola Íosa Críost: Go méaduightear grása agus síothcháin daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 a toghadh de réir réamheolas Dé an tAthair, agus a naomhaíodh leis an Spiorad le bheith umhal dʼÍosa Críost agus lena fhuil a bheith á doirteadh orthu: Méadú grásta agus síochána daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ar na dtógha do réir réimhfhios Dé Athar, chum náomhthachda na Sbioruide, tré úmhlachd agus crothadh fola Iósa Críosd: Grása, agus síothcháin, go ró líonmhar maille ribh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 de réir oirchill Dé, an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú dʼÍosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d'Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 1:2
53 Tagairtí Cros  

Agus muna mbéadh gur giorruigheadh na laethe sin, ní fuasclóchaidhe aon duine beo: acht ar son na bhfíréan toghtha giorróchar na laethe sin.


Óir éireochaidh Críostanna bréige, agus fáidhe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cómharthaí agus iongantaisí móra, d’fhonn na fíréin toghtha féin do mhealladh, má’s féidir é.


Agus cuirfidh se a aingil amach le glaodh mór stuic, agus baileochaidh siad a fhiréin ó na ceithre gaothaibh, ó imeall go h‐imeall neimhe.


Agus muna mbéadh go raibh na laethe ciorrbhuighthe ag an Tighearna, ní thiocfadh aon duine slán as: acht ar son na bhfíréan atá toghtha aige, do chiorrbhuigh sé na laethe.


óir éireochaidh Críostanna bréige agus fáidhe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cómharthaí agus iongantais, d’fhonn na fíréin féin do mhealladh, dá mb’ fhéidir é.


Agus annsin cuirfidh sé a aingil amach, agus cruinneochaidh sé a fhíréin ó na ceithre gaothaibh, ó fhír‐imeall an domhain go fír‐imeall neimhe.


Agus an amhlaidh nach n‐agarfaidh Dia cruadh‐chás a mhuinntire toghtha féin bhíos ag glaodhach air de ló agus d’oidhche?


Adeir an Tighearna, atá ag cur na neithe sin i dtuigsin ó thosach an tsaoghail.


tugadh suas é de réir cómhairle cinnte agus réimh‐eolais Dé, agus do chrochabhair‐se agus do mharbhabhar é le láimh cuirptheach:


Agus anois, cuirim fá choimirce Dé, agus fá bhriathar a ghrása sibh, go bhfuil ar chumas dó bhúr dtógáil suas, agus oidhreacht do thabhairt daoibh i measc na naomh.


tré n‐a bhfuaramair‐ne grása agus abstalacht, chum na Cineadhacha uile do thabhairt chum umhlachta do’n chreideamh,


mar dhaoine le h‐Íosa Críost; chugaibh‐se uile atá san Róimh, ionmhain le Dia, do glaodhadh chum bheith ’n‐bhur naomhaibh, Grása agus síothcháin daoibh ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


Níor dhiúltuigh Dia d’á phobal d’aithin sé roimh ré. Nach eol daoibh briathra na Scrioptúra, mar tráchtar ar Élias? cionnas mar phléidh sé le Dia i n‐aghaidh Israel,


I dtaobh an tsoiscéil, atáid‐sean ’n‐a náimhdibh ar bhur son‐sa: acht i dtaobh an togha, atá grádh ag dul dóibh ar son na sinnsear.


an grás ó Dhia tugadh dhom, go mbéinn im’ mhinistir ag Íosa Críost chum na gCineadhach, ag miniostrálacht soiscéil Dé, chum go mbéadh na Cineadhaigh ’n‐a n‐íodhbairt thaithneamhaigh, agus naomhuighthe thríd an Spiorad Naomh.


Óir atá tuairisc bhur n‐umhlachta i mbéal an uile dhuine. Atá bród orm ’n‐bhur dtaobh, d’á bhrigh sin: acht is mian liom sibh bheith glic i dtaobh maitheasa, agus bheith neamh‐urchóideach i dtaobh an uilc.


acht atá d’á nochtadh anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile chineadh tré scrioptúiribh na bhfáidh, do réir aithne an Dé shíorraidhe, chum go mbéidís umhal do’n chreideamh;


óir má’s do réir na feola mhaireas sibh, is é an bás atá i ndán daoibh: acht má bhásuigheann sibh gníomhartha na colna le neart an Spioraid, mairfidh sibh beo.


Cia h‐é chuirfeas cúis ar mhuinntir thoghtha Dé? Is é Dia fhíréanuigheas: cia h‐é dhaorfas?


Óir is tríd‐sean atá sibh i nÍosa Críost, an té do‐rinneadh eagna ó Dhia dhúinn mar fhíréantacht, agus mar naomhthacht, agus mar fhuascailt:


Agus do bhí a leitheidí sin oraibh‐se: acht do nigheadh sibh, acht do naomhuigheadh sibh, acht do fíréanuigheadh sibh i n‐ainm an Tighearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé.


bíonn samhlaidheacht, agus gach árd‐aidhm chuireas i n‐aghaidh eolais Dé d’á leagadh againn, agus gach smaoineadh d’á chur fá smacht na h‐umhlachta do Chríost;


Go raibh grása an Tighearna Íosa Críost, agus grádh Dé, agus comaoin an Spioraid Naoimh agaibh go léir.


D’á bhrigh sin, mar dhéanfadh clann toghtha Dé, naomhtha agus ionmhain, cuiridh umaibh croidhe trócaire, muinntearas, umhlacht, macántacht, fad‐fhulang;


Acht is dual dúinn buidheachas do thabhairt do Dhia go síor ar bhur son‐sa, a bhráithre ionmhain leis an Tighearna, de bhrigh gur thogh Dia ó thosach sibh chum slánuighthe tré naomhú an Spioraid, agus tré chreideamh san bhfírinne.


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang an uile nidh ar son na ndaoine atá toghtha, chum go bhfaighidh siad‐san, leis, an slánughadh atá i nÍosa Críost le glóir shíorraidhe.


Pól, seirbhíseach Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidimh muinntire toghtha Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir crábhaibh,


druidimís i bhfoigseacht dó, le fírinne croidhe, agus an creideamh daingnighthe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroidheacha glanta ó dhroch‐choinsias, agus ár gcorp nighte le fíor‐uisce:


Tré chreideamh do bhunuigh sé an Cháisc, agus croitheadh na fola, chum nach leagfadh scriosaire na gcéid‐ghein lámh ortha.


agus chum Íosa, idir‐mheadhóntóir connartha úr‐nua, agus chum na fola do crothadh, gur fearr a teachtaireacht ’ná fuil Aibéil.


agus tar éis dó teacht i bhfoirbhtheacht, do bhí sé mar ughdar slánuighthe shíorraidhe do na daoinibh go léir umhluigheas dó;


mar dhéanfadh clann umhal, gan géilleadh do na sean‐ainmhiantaibh do chleachtabhar ’n‐bhur n‐ainbhfios;


acht le fuil luachmhair, mar fhuil uain gan locht, gan smál, fuil Chríost:


do réamhórduigheadh roimh bhunadh an domhain, acht do foillsigheadh i ndeireadh na n‐aoiseann ar bhur son‐sa;


Ó thárla bhur n‐anmanna bheith glanta ag umhlú do’n fhírinne dhaoibh, chum fíor‐ghrádh na mbráthar do chothú, tabhraidh grádh ó chroidhe go dúthrachtach d’á chéile:


Acht cineadh toghtha is eadh sibh‐se, sagartacht ríoghdha, náisiún naomhtha, pobal atá ’n‐a shealbhachas ar leith aige féin; chum go bhfógróchadh sibh tréithe oirdhearca an té do ghlaodh as an dorchadas sibh chum a sholais iongantaigh féin:


Go méaduightear grása agus siothcháin daoibh tré eolas Dé agus Íosa ár dTighearna:


An seanóir chum na baintighearna toghtha agus chum a clainne, go bhfuil grádh agam dóibh san bhfírinne; agus ní h‐agam‐sa amháin, acht ag na daoinibh uile go bhfuil eolas ar an bhfírinne aca;


Beannuigheann clann do dheirbhsheathar toghtha dhuit.


Go méaduightear trócaire, síothcháin agus grádh dhaoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí