Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Peadar 1:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Peadar, abstal Íosa Críost, chum na muinntire atá ar deoraidheacht, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Peadar, aspal Íosa Críost, Ag beannú do dheoraithe na díbeartha ar fud Phontas, Ghalátia, Chappadócia, na hÁise, agus Bhitinia,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Peadar, absdal Iósa Críosd, chum na gcoigcríoch atá sgartha ó chéile ar feadh Phontus, Ghalátia, Chappadócia, na Hásia, agus na Bitínia,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghaláit, sa Chapadóic, san Áise, agus sa mBitín, an mhuintir atá tofa

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghalait, sa Chapadóise, san Áise, agus i mBitinia, an mhuintir atá tofa

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 1:1
34 Tagairtí Cros  

Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair;


Agus muna mbéadh gur giorruigheadh na laethe sin, ní fuasclóchaidhe aon duine beo: acht ar son na bhfíréan toghtha giorróchar na laethe sin.


Agus ag siubhal d’Íosa le h‐ais mara Ghalilé, do chonnaic sé beirt dearbhrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, do bhí ag cur lín sa bhfairrge: óir do b’iascairí iad.


Agus an amhlaidh nach n‐agarfaidh Dia cruadh‐chás a mhuinntire toghtha féin bhíos ag glaodhach air de ló agus d’oidhche?


Agus ní h‐amháin ar son an chinidh, acht go gcruinneochadh sé i n‐aon chineadh amháin clann Dé atá scaipthe.


Annsin adubhairt na h‐Iúdaigh eadortha féin, Cia an áit ’n‐a rachaidh an duine seo, agus nach bhfaighimíd é? An rachaidh sé chum na ndaoine atá scaipthe i measc na nGréagach, leis na Gréagaigh do theagasc?


Agus fuair sé Iúdach áirithe annsin darbh ainm Aculas, fear rugadh i bPontus, tháinig tamall roimhe sin ó’n Iodáil, mar aon le n‐a bhainchéile Priscilla, de bhrigh gur órduigh Claudius do na h‐Iúdachaibh go léir imtheacht ó’n Róimh:


Agus tar a eis do tamall do chaitheamh annsin, d’imthigh sé, agus do ghluais sé ar fud réigiúin Ghalátia agus Frigia i ndiaidh a chéile, ag neartú na ndeisceabal go léir.


Agus do lean mar sin ar feadh dhá bhliadhan; i dtreo go gcuala siad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe san Áise briathar an Tighearna, idir Iúdachaibh agus Ghréagachaibh.


Acht d’éirigh aicme de lucht na sionagóige ar a dtugadh aicme na Libertíneach, agus na gCurénach, agus na nAlecsandrianach, agus daoine ó Chilicia agus ó’n Áise, agus do bhíodar ag caismirt le Stiofán.


Acht an méid díobh do scaipeadh d’imthigh siad rómpa ag craobhscaoileadh an bhriathair.


Beannuigheann eaglaisí na hÁise dhaoibh. Beannuigheann Acuila agus Prisca go croidheamhail daoibh san Tighearna, i n‐éinfheacht leis an eaglais atá ’n‐a dtigh.


Níorbh áil linn, a bhráithre, sibh bheith gan eolas i dtaobh an anró thárla dhúinn san Áise, go raibh trom‐ualach mór orainn do sháruigh orainn ar fad, i riocht gur bhaineamar dúil de’n bheathaidh féin:


agus na bráithre uile atá im’ fhochair, chum eaglaisí Ghalátia:


cuimhnighidh go rabhabhar dealuighthe ó Chríost an tráth sin, gearrtha ó mhuinntir Israel, ’n‐bhur gcoimhthigheachaibh do choingheallachaibh na geallamhna, gan dóchas, gan Dia san tsaoghal.


D’á bhrigh sin ní fhuil sibh níos mó ’n‐bhur gcoimhthigheachaibh, ná ’n‐bhur ndeoraidhthibh, acht atá sibh ’n‐bhur lucht aon‐chathrach leis na naomhaibh, ’n‐bhur lucht aointighis ag Dia,


Is eol duit gur thréig a raibh san Áise mé; daoine dhíobh‐san is eadh Figelus agus Hermogenés.


Fuaradar‐san uile bás san gcreideamh, gan a raibh geallta dhóibh d’fhágháil, acht do chonnacadar i bhfad uatha iad, agus d’fháiltigheadar rómpa, g‐á admháil go rabhadar ’n‐a gcoigríochachaibh agus ’n‐a n‐oilithribh ar an saoghal.


Séamas, seirbhíseach Dé agus an Tighearna Íosa Críost, chum an dá threibh dhéag atá ar deoraidheacht, beatha agus sláinte.


A cháirde ionmhaine, impidhim oraibh, mar dheoraidhthe agus mar oilithrigh, staonadh ó na h‐ainmhiantaibh colnaidhe do‐ghní troid i n‐aghaidh an anma.


Síomón Peadar, seirbhíseach agus abstal Íosa Críost, chum na ndaoine fuair an creideamh sár‐luachmhar céadna atá againne; tré fhíréantacht ár nDé agus ár Slánuightheora Íosa Críost:


g‐á rádh, An méid do‐chí tú, scríobh i leabhar é, agus cuir chum na seacht n‐eaglais é; chum Eiféise, agus chum Smiorna, agus chum Pergamum, agus chum Tuatíra, agus chum Sárdis, agus chum Filadelfia, agus chum Laodicia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí