Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Peadar 1:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 an té d’á dtugabhar grádh, gidh nach bhfacabhar é; ag creideamhain daoibh ann, gan a fheicsin fós, atá sibh ag déanamh gáirdeachais le h‐áthas do‐inniste, lán de ghlóir;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Bíonn grá agaibh dó cé nár amharc sibh air; agus creideann sibh ann, cé nach bhfeiceann sibh fós é, le hardáthas do-aithriste.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha,

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 1:8
37 Tagairtí Cros  

An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise.


Má tá grádh agaibh dom, coimhéadfaidh sibh m’aitheanta.


An té go bhfuil m’aitheanta aige, agus chóimhlíonas iad, is é sin an té go bhfuil grádh aige dhom: agus an té go bhfuil grádh aige dhamh‐sa, béidh grádh ag an Athair dhó‐san, agus béidh grádh agam‐sa dhó, agus foillseochad mé féin dó.


An té nach bhfuil grádh aige dhom, ní choimhéadann sé mo bhriathra: agus an briathar do‐chluin sibh, ní h‐é mo bhriathar‐sa é, acht briathar an Athar do chuir uaidh mé.


Mar sin daoibh‐se, agus brón oraibh fá láthair: acht do‐chífead arís sibh, agus béidh áthas ar bhúr gcroidhe, agus ní bhainfidh aoinneach bhúr n‐áthas díbh.


Adubhairt Íosa leis, De bhrigh go bhfacais mé, ar chreidis? is aoibhinn dóibh‐sean nach bhfaca, agus do chreid.


Adubhairt Íosa leo, Dá mba é Dia bhúr n‐athair, do bhéadh grádh agaibh damh‐sa: óir is ó Dhia tháinig mé, agus is uaidh thigim, agus ní uaim féin tháinig mé, acht ba eisean do chuir uaidh mé.


Agus thug sé isteach ’n‐a thigh iad, agus do chuir sé biadh rómpa, agus do‐rinne sé féin agus muinntear a theaghlaigh go léir gáirdeachas mór, agus é ag creideamhain i nDia.


óir ní biadh agus ól ríoghacht Dé, acht fíréantacht, agus síothcháin, agus áthas san Spiorad Naomh.


Anois go líonaidh Dia an dóchais sibh de gach áthas agus de gach síothcháin san gcreideamh, chum go mbéidh sibh féin lán de dhóchas, tré chumacht an Spioraid Naoimh.


Cibé duine nach ngrádhuigheann an Tighearna, bíodh sé anátema.


an té do chuir séala orainn, agus do chuir éirlis an Spioraid ’n‐ár gcroidheachaibh.


gur fuaduigheadh é suas go Párrthas, agus go gcuala sé briathra do‐innste, nach cuibhe do’n duine d’aithris.


gan ár súile bheith ar na neithibh so‐fheicsiona, acht ar na neithibh do‐fheicsiona: óir ní thugann na neithe so‐fheicsiona acht seal, acht is síor‐bhuan iad na neithe do‐fheicsiona.


(óir is do réir creidimh shiubhlaimíd, agus ní do réir radhairc);


Buidheachas do Dhia as ucht a thíodhlaice do‐innste.


Acht is é toradh an Spioraid, grádh, aoibhneas, síothcháin, fád‐fhulang, muinntearas, maitheas, dílse,


Óir i nÍosa Críost ní fhuil fóghnamh ar bith i dtimcheall‐ghearradh ná i neamh‐thimcheall‐ghearradh acht oiread: acht amháin san gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.


agus a fhaide, agus a dhoimhneacht, agus grádh Chríost, sháruigheas gach eolas, d’aithint, chum go líonfar le lán‐líonmhaireacht Dé sibh.


ó Dhia an t‐Athair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Go raibh grása aca‐san go léir go bhfuil grádh gan smál aca do’n Tighearna Íosá Críost.


Agus ó táim cinnte dhe sin, atá a fhios agam go bhfanfad agaibh‐se uile, chum sibh do chur ar aghaidh,


óir is sinne lucht an fhír‐thimcheall‐ghearrtha, do‐ghní adhradh tré Spiorad Dé, agus do‐ghní maoidhmheachas as Íosa Críost,


Déanaidh gáirdeachas san Tighearna i gcómhnaidhe: adéarfad arís é, Déanaidh gáirdeachas.


Anois is é is creideamh ann, bheith dearbhtha de na neithibh go bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte fá neithibh nach bhfeictear.


Tré chreideamh d’fhág sé an Éigipt ’n‐a dhiaidh, gan eagla air roimh dhíbheirg an ríogh: óir do sheasuigh sé go tréan, mar bhéadh a shúil ar an té nach bhfeicthear.


Nidh is eadh é do‐bheir adhbhar gáirdeachais daoibh, bíodh, má’s gábhadh é, go bhfuil atuirse ar feadh tamaill oraibh mar gheall ar chathuighthibh éagsamhla;


D’á bhrigh sin, is luachmhar libh‐se é, ó chreideann sibh ann: acht i dtaobh an dreama nach gcreideann, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Is di‐se do rinneadh cloch chinn chúinne:


Agus nuair foillseochar an tÁrd‐Aodhaire, gheobhaidh sibh coróin na glóire nach dtéigheann i n‐éag.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí