Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Peadar 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Go mbeannuightear Dia, Athair ár dTighearna Íosa Críost, d’aithghein, do réir a mhór‐thrócaire, sinn chum beo‐dhóchais tré aiséirghe Íosa Críost ó na marbhaibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Go mba bheannaithe Dia, Athair ár dTiarna Íosa Críost! Is dá mhórthrócaire a athghineadh sinne chun dóchais bhithbheo trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! Dʼathghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun beo-mhuiníne

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! D'athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 1:3
56 Tagairtí Cros  

nach ó’n bhfuil, ná ó thoil na colna, ná ó thoil duine do geineadh iad, acht ó Dhia.


ag déanamh gáirdeachais i ndóchas; go foighdeach fá ghéirleanmhain;


Anois go líonaidh Dia an dóchais sibh de gach áthas agus de gach síothcháin san gcreideamh, chum go mbéidh sibh féin lán de dhóchas, tré chumacht an Spioraid Naoimh.


agus do tógadh suas arís le n‐ár bhfíréanú.


Óir, má rinneadh réidhteach idir sinn agus Dia tré bhás a Mhic, an tráth ’n‐a rabhamar ’n‐ár náimhdibh, is móide an fáth, ar mbeith do’n réidhteach sin déanta, go slánóchar sinn tré n‐a bheathaidh.


Agus má chómhnuigheann Spiorad an té do thóg Íosa ó na marbhaibh ionnaibh, an té do thóg Íosa ó na marbhaibh beodhóchaidh sé bhur gcuirp sho‐mharbhtha mar an gcéadna tré n‐a Spiorad chómhnuigheas ionnaibh.


Óir is i ndóchas do saoradh sinn: acht ní dóchas an dóchas do‐chítear: óir cad chuige a mbéadh dóchas ag an duine chum an nidh do‐chí sé?


Anois fanann na trí neithe seo, an creideamh, an dóchas agus an grádh: acht an nidh is mó díobh is é an grádh é.


Acht anois atá Críost éirighthe ó na marbhaibh, is é céad‐toradh na ndaoine atá fá shuan é.


Go mbeannuightear Dia agus Athair ár dTighearna Íosa Críost, Athair na dtrócaire agus Dia gach cómhfhortachta,


Agus an méid shiubhalfas de réir na riaghla so, go raibh síothcháin, agus trócaire ortha go léir, agus ar Israel Dé.


chum go dtugaidh Dia ár dTighearna Íosa Críost, Athair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta dhaoibh i n‐eolas air:


Go mbeannuightear Dia agus Athair ár dTighearna Íosa Críost, do bheannuigh le gach beannacht spioradálta sinn ins na h‐áiteannaibh neamhdha i gCríost:


’n‐a bhfuil fuascladh againn tré n‐a fhuil, maitheamhnas ár bpeacadh,


acht Dia, atá saidhbhir i dtrócaire, as ucht an ghrádha mhóir atá aige dhúinn,


Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó i bhfad níos mó do dhéanamh ’ná thig linn a iarraidh nó a shamhlú, do réir na cumhachta atá ag oibriú ionainn,


acht go seasuighidh sibh go daingean ar bhun an chreidimh, gan casadh i leathtaobh ó dhóchas an tsoiscéil do chualabhar, do craobhscaoileadh i measc gach a bhfuil cruthuighthe fá neamh, go bhfuilim‐se Pól im’ mhinistir de.


d’ár thoiligh Dia a chur i bhfios créad é saidhbhreas glóire na rúindiamhaire seo i measc na gCineadhach, is é sin Críost ionnaibh, an dóchas chum glóire.


ag síor‐chuimhneamh ar bhur ngníomharthaibh creidimh, agus ar bhur saothar carthannachta, agus ar bhur ndóchas foidhneach as ár dTighearna Íosa Críost, i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar.


Acht, a bhráithre, níor mhaith linn sibh bheith i n‐ainbhfios i dtaobh na ndaoine atá ’n‐a gcodladh, chum nach mbéidh cumha oraibh, mar bhíos ar na daoinibh eile atá gan dóchas.


Anois go dtugaidh ár dTighearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAthair, do ghrádhuigh sinn, agus thug sólás síorraidhe agus deagh‐dhóchas dúinn tré ghrása, go dtugaidh sé sólás croidhe dhaoibh,


agus do mhéaduigh grása ár dTighearna go mór, le creideamh agus leis an ngrádh atá i nÍosa Críost.


ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost;


acht is amhlaidh atá Críost mar Mhac os cionn tighe Dé; agus is sinne a theach‐san, acht ár muinighin agus an dóchas atá mar adhbhar glóire againn do chongbháil go daingean go deireadh.


Is d’á thoil féin do ghein sé le briathar na fírinne sinn, chum go mbéimís mar chéad‐thortha a bhfuil cruthuighthe aige.


D’á bhrigh sin, ag teannadh bhur n‐intinne, bidhidh stuama, agus bíodh bhur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiubharfar daoibh le foillsiú Íosa Críost;


chreideas tríd‐sean i nDia, do thóg ó na marbhaibh é, agus thug glóir dó; chum go mbéadh bhur muinighin agus bhur ndóchas as Dia.


óir do h‐aith‐gheineadh sibh, ní ó shíol so‐thruaillighthe, acht ó shíol neamhthruaillighthe, le briathar bith‐bheo, buan Dé.


agus gach fuar‐chrábhadh, agus éad, agus gach bíodán, agus, mar dhéanfadh naoidheanáin nua‐bheirthe, cuiridh dúil san mbainne spioradálta úr‐ghlan, gan cealg, chum go bhfásfaidh sibh chum slánuighthe d’á bhárr;


acht naomhuighidh Críost mar Thighearna ’n‐bhur gcroidheachaibh: agus sibh ullamh i gcómhnaidhe chum freagra do thabhairt do gach duine iarras fios fátha an dóchais atá ionnaibh:


Is é a shamhail sin an baiste shlánuigheas sinne anois, ní h‐é glanadh salachair an chuirp, acht freagairt deagh‐choinsiais do Dhia, tré aiséirghe Íosa Críost;


Óir na mná naomhtha fad ó, go raibh a muinighin as Dia, is ar an gcuma sin do mhaisigheadar iad féin, agus iad umhal d’á bhfearaibh féin:


Má’s eol díbh é bheith fíréanta, is eol daoibh gach aoinneach chleachtas fíréantacht, gur uaidh‐sean do geineadh é.


Agus gach aoinneach go bhfuil an dóchas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan.


Cibé duine do geineadh ó Dhia, ní dhéanann sé peacadh, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacadh do dhéanamh de bhrigh gur ó Dhia do geineadh é.


A cháirde ionmhaine, bíodh grádh againn d’á chéile: óir is ó Dhia thig an grádh; agus gach duine ghrádhuigheas, is ó Dhia do geineadh é, agus aithnigheann sé Dia.


Cibé duine chreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Dhia do geineadh é, agus cibé duine ghrádhuigheas an té do ghein é, grádhuigheann sé an Mac do geineadh uaidh.


Is eol dúinn, aoinneach do geineadh ó Dhia nach ndéanann sé peacadh; acht an té do geineadh ó Dhia, coimheádann sé féin é, agus ní bhfaghann an ainspioraid greim air.


Óir buadhann ar geineadh ó Dhia ar an saoghal, agus is é do bhuaidh ar an saoghal, ná ár gcreideamh‐na.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí