Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Peadar 3:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Is é an baiste atá ag freagairt di sin, a tharrthaíos sibhse anois, nach é glanadh salachar coirp é, ach éileamh coinsiasa ghlain ar Dhia, trí aiséirí Íosa Críost,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Is é a shamhail sin an baiste shlánuigheas sinne anois, ní h‐é glanadh salachair an chuirp, acht freagairt deagh‐choinsiais do Dhia, tré aiséirghe Íosa Críost;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 A ní fós ré dtig an baisdeadh ré sáothar sinne a nois ag freagra na heísiomplara sin (ní hé cur uáinn shalchair na colla, achd fiarfuidhe dheaghchoinsiáis a dtáobh Dé,) tré eiséirghe Iósa Criosd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 An baisteadh anois atá ag freagairt dó sin, anois, mar shamhail. Déanann sé sibh-se a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 3:21
30 Tagairtí Cros  

“Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d'áitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.


Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,


An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é.


Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, ní amháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!”


Dá fhad amach san oíche a bhí sé, thug sé leis iad agus nigh a gcréachtaí; agus baisteadh é féin agus a líon tí go léir ar an bpointe.


Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;


Anois cad é an mhoill atá ort? Éirigh i do sheasamh, déantar thú a bhaisteadh agus do pheacaí a ní díot féin trí ghlaoch ar a ainm.’ ”


Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. “Féach,” arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?”


(Dúirt Pilib leis: “Má chreideann tú ó do chroí go hiomlán, is ceadmhach duit.” D'fhreagair sé agus dúirt: “Creidim gurb é Mac Dé é Íosa Críost.”)


Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.


mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.


Thagair mé na nithe seo dom féin agus d'Apollós, a bhráithre, ar mhaithe libhse, i dtreo go bhfoghlaimeodh sibh ónár gcásna gan a bheith ag dul thar cailc, agus gan duine a bheith ag déanamh mórtais as duine amháin i gcoinne duine eile.


Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.


Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.


Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime aige mar éide.


Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce


Comhadhlacadh sibh in éineacht leis sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é.


Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.


Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe.


Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.


Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó na mairbh féin. Dá bharr sin, tugadh ar ais dó é - eachtra a raibh brí shamhailteach léi.


Bígí ag guí ar ár son. Táimid cinnte de go bhfuil coinsias glan againn mar is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud.


Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.


Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.


Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! D'athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne


agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí