Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Peadar 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A mhná, bidhidh‐se umhal, mar an gcéadna, d’bhur bhfearaibh féin; ionnas, má tá aon chuid aca nach n‐umhluigheann do’n bhriathar, go mbuaidhfear ortha, i n‐éagmais an bhriathair, le deagh‐iomchar a mbainchéile;

2 ag féachain dóibh ar bhur mbéasaibh banamhla, cúthaile.

3 Ná bíodh le feicsin mar adhbhar maise oraibh ar an taobh amuigh dhíbh gruaig threillsighthe, nó seoda óir, nó culaithe breaghtha éadaigh;

4 acht nádúir fholuighthe an chroidhe istigh, deagh‐mhaise neamh‐thruaillighthe caoin‐spioraid cheannsa, atá an‐luachmhar i bhfiadhnaise Dé.

5 Óir na mná naomhtha fad ó, go raibh a muinighin as Dia, is ar an gcuma sin do mhaisigheadar iad féin, agus iad umhal d’á bhfearaibh féin:

6 fá mar bhí Sára umhal d’Abracham, ag glaodhach tighearna air. Atá sibh‐se ’n‐bhur gclainn di anois, má ghníonn sibh go maith, gan éinnidh bheith ann le faitchíos do chur oraibh.

7 Ar an gcuma chéadna, a fheara, déanaidh cómhnaidhe i n‐éinfheacht le n‐bhur mnáibh do réir déighchéille, ag tabhairt onóra do’n mhnaoi amhail do’n tsoitheach is laige, agus mar chómh‐oidhre grása na beathadh; chum nach gcurfar aon chosc le n‐bhur n‐urnaighthibh.

8 I ndeireadh scéil, bidhidh uile ar aon intinn, athtruaghach, lán de ghrádh bráthardha, so‐chroidheach, acht umhal;

9 gan olc do dhéanamh i n‐éiric an uile, ná athcháineadh do thabhairt i n‐aghaidh cáinte, acht ’n‐a ionad sin, beannacht; óir is chuige sin do glaodhadh sibh, go bhfaigheadh sibh beannacht mar oidhreacht.

10 Óir, An té gur mian leis beatha, Agus laethe maithe d’fheicsin, Coisceadh sé a theanga de’n olc, Agus a bheola d’fhoclaibh mealltacha:

11 Staonadh sé de’n olc, agus déanadh sé maitheas; Iarradh sé síothcháin, agus leanadh sé í.

12 Óir atá súile an Thighearna ar na fíréanaibh, Agus atá a chluasa foscailte d’á n‐urnaighthibh: Acht atá a ghnúis i n‐aghaidh luchta déanta an uilc.

13 Agus cia h‐é dhéanfas dochar daoibh, má leanann sibh go dícheallach de’n mhaith?

14 Acht má fhulaingeann sibh ar son na fíréantachta féin, is aoibhinn daoibh: agus ná bíodh eagla oraibh rómpa‐san, agus ná bíodh buaidhirt oraibh;

15 acht naomhuighidh Críost mar Thighearna ’n‐bhur gcroidheachaibh: agus sibh ullamh i gcómhnaidhe chum freagra do thabhairt do gach duine iarras fios fátha an dóchais atá ionnaibh:

16 acht a dhéanamh go ciúin, ómósach, agus coinsias maith bheith agaibh; ionnas, nuair labhartar ’n‐bhur n‐aghaidh, go gcuirfear náire ortha‐san mhasluigheas bhur ndeaghiomchar i gCríost.

17 Óir is fearr, má’s é toil Dé é, go bhfulaingeochadh sibh ag déanamh maitheasa, ná ag déanamh olcais.

18 Óir d’fhulaing Críost féin, aon uair amháin, ar son na bpeacaidhe, an fíréan i n‐éiric na neimhfhíréan, chum sinn do thabhairt chum Dé; d’á chur chum báis san bhfeoil, acht d’á bheodhadh san spiorad;

19 ’n‐á ndeachaidh sé agus ’n‐ar sheanmóir sé do na spioraidibh do bhí fá ghlas;

20 an dream do bhí easumhal san am fad ó, nuair do bhí foighid Dé ag fanamhain i laethibh Naoi, an fhaid do bhí an áirc d’á cur i dtreo, gur sábháladh beagán daoine, is é sin ochtar, innti treasna an uisce.

21 Is é a shamhail sin an baiste shlánuigheas sinne anois, ní h‐é glanadh salachair an chuirp, acht freagairt deagh‐choinsiais do Dhia, tré aiséirghe Íosa Críost;

22 atá ar dheasláimh Dé, tar a éis dó dul isteach ins na flaitheasaibh; na h‐aingle, agus na h‐ughdaráis, agus na cumhachta bheith curtha fá n‐a cheannas.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí