Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 130 - An Bíobla Naofa 1981


Salm Aithrí agus Dóchais
1 Amhrán Oilithreach.

1 Amhrán Oilithreach. 1 As na duibheagáin a ghlaoim ort, a Thiarna; éist, a Thiarna, le mo ghuí.

2 Go n‑éiste do chluasa go haireach le mo ghlór ag impí ort.

3 Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán?

4 Ach is leat na peacaí a mhaitheamh; ionas go riarfaí go humhal duit.

5 Tá muinín ag m'anam as an Tiarna; ar a bhriathar atá mo sheasamh.

6 Is foighní m'anam ag feitheamh leis an Tiarna, ná lucht faire leis an maidin. Bíonn lucht faire ag faire leis an maidin,

7 agus Iosrael leis an Tiarna, de bhrí gur ag an Tiarna atá an trócaire, agus an fhuascailt fhairsing.

8 Agus is é a dhéanfaidh Iosrael a fhuascailt óna gcionta go léir.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí