Biblia Todo Logo
Véarsaí Bíobla
- Fógraí -


61 Véarsaí Bíobla mar gheall ar an dara teacht Chríost

61 Véarsaí Bíobla mar gheall ar an dara teacht Chríost

Cuimhnigh gach lá, a chara, go bhfuil Críost ag teacht ar ais. Chun a bheith réidh, tá sé ríthábhachtach ár gcreideamh a chaitheamh i gcomhluadar a chéile, ag spreagadh a chéile chun cloí le Briathar Dé.

Níl a fhios againn cathain a bheidh Íosa ar ais, mar sin caithfimid a bheith ullamh le bualadh leis ag aon nóiméad. Is é an grá a shaorann ó eagla a theachta agus a líonann sinn le dóchas bheith i láthair Dé.

Ina chéad teacht, chomhlíon Íosa Críost go leor tairngreachtaí, ach tá cuid eile fós le teacht. Is í an dara teacht ár ndóchas, muiníneach as go bhfuil smacht ag Dia ar gach rud agus go bhfuil sé dílis dá ghealltanais.

Mar a dúirt sé in Eoin 14:1-4, "Ná bíodh imní oraibh. Creidigh i nDia agus creidigh ionamsa. Tá go leor áiteanna i dteach m'Athar; mura mbeadh, déarfainn libh. Táim ag dul chun áit a ullmhú daoibh."

A bhuí le grása Dé, tá súil againn maireachtáil agus a bheith slán.




Eabhraigh 9:28

As mar na gcéudna fuáir Críosd a iodhbhairt éunuáir amháin chum peacuidh mhóráin do sgríos dó; agus búdh léir é an dara huáir gan pheacadh don druing atá ag fuireach ris chum slánuighthe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 24:42

Ar a nadhbharsin déanuidhsi faire: oír ní bhfuil a fhios agaibh gá húair thiocfas bhur Dtighearna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 5:23

Agus go ndéarna Día na siothchána féin náomtha sibh go hiomlan; agus go gcoimhéudthar bhur spiorad agus bhur nanam agus bhur gcorp go huilighe ó chiontuibh go teachd ar Dtíghearna Iósa Críósd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 22:12

Agus, féuch, is gearr do dtiucfa mé; agus mo lúach sáothair agum, chum a thabhartha dá gach áon do réir mar bhías a ghníomh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 21:27

Agus ann sin do chifid Mac an duine ag teachd a néull maille lé cumhachda agus lé glóir mhóir.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 3:11

Féuch, tiucfa mé go haithghearr: connaimh an ní atá agud, ionnus nach béuradh éinneadh do choróin uáit.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 25:31

Agus an tráth thiocfas Mac an duine an a ghlóir féin agus na haingil náomhtha uile maille ris, ann sin suidhfidh sé ar chaithír a ghlóire féin:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 24:44

Agus ar a nadhbharsin bíthísi ullamh: oír is ann sa núair nach sáoilti thiocfas Mac an duine.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 1:7

Féuch, atá sé ag teachd maílle ré neulluibh; agus do chífidh gach uile shúil é, agus an dream féin do tholl é: agus cáoinfid na huile threabha na talmhan na fhíadhnuise. As amhluidh bhías, Amén.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 2:28

Agus a nois, a chlann bheag, déunuigh comhnuighe annsan; ionnas, an tan fhoillseóchar é, go mbiádh dánachd aguinn, agus nach mbiáidh náire oruinn na fhiadhnuise an tan thiucfas sé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 1:6

Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 1:8

As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, a deir an Tíghearna, an tí atá, agus do bhí, agus bhías an tí atá Uilechúmhachdach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 3:20

Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 22:20

A deir an tí do ní fíadhnuise na neitheannsa, Go deimhin is gearr go dtiucfa mé; Amén. Uime sin, tarr, a Thíghearna Iósa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 24:36

Achd ni bhfuil fios an láoi ná na húaire úd ag duine ar bith, ná fós, ag ainglibh neimhe, ach dag Mathairse amháin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 16:27

Oír tiocfuidh Mac an duine a nglóir a Athar féin maille lé na ainglibh; agus do bhéara sé an tráthsin dá gach neach do réir a ghniomhartha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 24:30-31

Ann sin do chífidhthear comhartha Mhic an duine ar neamh: agus ann sin caóifid treabha na talmhan uile, agus do chífid Mac an duine ag teachd a néullaibh neimhe maille ré cumhachdaibh agus ré glóir mhóir. Agus cuirfidh sé a aingil le trompa agus lé guth mór, agus cruinneochuid síad a dháoine toghthasan ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal neimhe go soithe an leithimeal eile dhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 1:10-11

Agus an féadh do bhádar ag féachuín go gér air neamh agus eisean ag imtheachd, feuch, do sheasadar días fear a neadach geal láimh ríu; Noch a dubhairt fós, A dháoine ón Ghalilé, créd fá seastháoi ag féachuin air neamh? an Tíosaso, atá ar na thogbháil úaibh air neamh, is amhluidh thiocfas sé mar do chunncabhair é ag imtheachd air neamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 9:26

Oír gidh bé le budh nár misi agus mo bhriathra, budh nár le Mac an duine eision, an tráth thiocfas sé ann a ghloír fein, agus Athar, agus na naingeal náomhtha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 10:24-25

Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 5:7

Uime sin a dhearbhráithre, bíghidh foighideach, go teachd an Tíghearna. Féuch, bí an treabhach ag fuireach re toradh mórluáidh na talmhan, agus fanuidh sé ris maille ré foíghid, nó go bhfaghann sé fearthuin na maiden agus an tráthnóna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 4:7

Agus atá críoch na nuile neitheann ag druid rinn: uime sin bíghidh measarrgha, agus déunuigh faire a nurnuighibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 4:16-17

Oír tiucfuidh an Tíghearna féin a núas ó neamh maile ré gáir, ré gúth a narchaingil, agus re sdoc Dé: agus eireóchuid na mairbh a Gcríosd ar tús: Na dhíaigh sin inne fhúigfighear béon, fuáidéochar súas sinn ma ráon ríusan sna néulluibh, chum teagmhála don Tíghearna sa naíeur: agus mar sin bíam go síorruidhe a bhfochair an Tíghearna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 25:31-32

Agus an tráth thiocfas Mac an duine an a ghlóir féin agus na haingil náomhtha uile maille ris, ann sin suidhfidh sé ar chaithír a ghlóire féin: Agus cruinnéochthar na huile chinidheacha an a fhíadhnuisi: agus dealóchuidh sé ó chéile íad, mar dhealuigheas an táoghaire na cáoirigh ó na meannáin:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 24:26-27

Ar a nadhbharsin dá nabruid síad ribh, Féuch, a tá sé san bhfásach; na himdhigh amach: Féuch, atá sé a seómruidhibh úaigneacha; na creididh sin. Oír do réir mar thig téinnteach ó a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shíar; mar sin bhías teachd Mhic an duine.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Peadar 3:8

Agus, a chaired, ná biodh an táoin níse na ainbhfios oruibh, go bhfuil éunlá amháin ag an Dtíghearna mar mhíle bliadhan, agus mile blíadhain mar eunlá amháin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:30

Agus ná cuiridh doilgheas ar Sbioruid náomtha Dé, lér cuireadh séula oruibh go lá an fhúasgluighthe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 1:7

Ionnus nach bhfuil riachdanas én tiodhluice oraibh; ag fuireach dhibh ré teachd ar Dtighearna Iósa Críosd:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Títeas 2:13

Ar mbeith dhúinn ag fuireach ris an muinghin bheannuighe, agus re teachd deallruigheach ghloire an Dé mhóir eadhon ar Slánaightheóra Iósa Críosd;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Peadar 3:10

Gidheadh tiucfuidh lá an Tíghearna marghaduighe sa noidhche; ann a rachuidh neamh thoruinn maille ré tormán, agus ann a mbéid na dúile ag leaghadh ré teas, agus ann a loisgfighthear an talamh agus na hoibreacha atá air.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 14:3

Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 24:36-39

Achd ni bhfuil fios an láoi ná na húaire úd ag duine ar bith, ná fós, ag ainglibh neimhe, ach dag Mathairse amháin. Agus amhuil laéthe Náoi, is mar sin bhías teachd Mhic an duine. Oír mar do bhádar ann sna laéthibh ré udílínn ag ithe agus ag ol, ag pósadh ban agus ag tabhair ban dfearuibh, go soithe an lá an a ndeachuidh Naói a sdeach ann sa naírc, Agus ni raibh a fhios aca nó go dtáiníc an díle, agus gur thógaibh sé lé íad uile; is mar sin bhías teachd Mhic an duine.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 15:51-52

Féuch, as ní dorcha labhruim ribh, ní choidéolam uile, achd cuirfighthear a naithearrach crotha sinn uile, A mómeint, ré silleadh na súl, ré gúth an sduic dheigheanaigh: oír séidfidh an sdoc, agus dúiseochar na mairbh neamhthruáillighe, agus cuirfighthear sinne a naithearrach crotha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Marcas 13:26-27

Agus ann sin do chifid síad Mac an duine ag teachd ann sna néulluibh maille ré cumhachdaibh móra agus ré glóir. Agus cuirfidh sé a aingil an tansin, agus cruinnéochuidh sé a dháoine toghtha fein ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal na talmhan go leithimeal neimhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Zacairia 14:3-4

¶ Annsin rachus an TIGHEARNA amach, agus troidfidh sé a naghaidh na ccineadhachso, amhuil do throid sé a ló an chatha. Agus seasfuid a chosa annsa lósin ar shlíabh na noluigheadh, noch atá as coinne Ierusalem san noirthear, agus scoiltfidh slíabh na noluigheadh iona lár don leath shoir agus don leath shíar, na ghleann romhór; agus áthrochuid leath an tsléibhe don táoibh ó thúaigh, agus a leath oile don taoibh ó dheas.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 22:10

A dubhairt se riom an tan sin, Ná séuluidh bríathra fáidheadóireachda an leabhairse: óir atá a naimsir a lathair.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 3:2

A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 15:52

A mómeint, ré silleadh na súl, ré gúth an sduic dheigheanaigh: oír séidfidh an sdoc, agus dúiseochar na mairbh neamhthruáillighe, agus cuirfighthear sinne a naithearrach crotha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 13:11-12

Agus sin, ré meas na haimsire, gur mithidh dhúinn a nois músgladh ó chodladh: óir is goire dhúinn a nois ar slanughadh na a nuáir do chreideamar. Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 3:20-21

Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd: Noch chuirfeas an gcorp truáillighe a nátharrach crótha, chum a dhéunta cómhchosmhuil ré na chorp glórmhar féin, tres a noibriughadh lér féidir leis na huile neithe fós do chur faói féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Tiomóid 4:1

Uime sin cuirim dúalach ort a bhfíadhnuise Dé, agus an Tíghearna Iósa Críosd, noch bhéuras breath ar bhéodhuibh agus ar mharbhuibh agá theachd deallruightheach agus an ríoghachd;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 19:11-16

Agus do chonnairc mé neamh osguilte, agus féuch each ban; agus a sé dob ainm don tí do bhí na shuidhe air Díleas agus Fírinneach, agus is do réir cheirt do ní breitheamhnus agus cosgadh. Agus bá cosmhail a shúile ré lasair theineadh, agus do bhádar mórán coróineach ar a cheann; agus do bhí ainm sgríobhtha aige, nár baithne daóineach achd dó féin. Agus é ar na éudughadh déudach do thomadh a bhfuil: agus a sé ainm ghoirthear dhe Bríathar De. Agus do leanadar slóigh neimhe é air éachuibh bána, ar na néudughadh do líneudach toghtha, gléigheal glan. Agus tháinic cloidheamh géur dhá fháobhar amach as a bhéul, chum na gcineadhach do bhúaladh ris: agus do dhéunuidh sé a ríaghlughadh ré slait íaruinn: agus a se shaltras fá na chosaibh úmar fíona cúthuigh fheirge Dé Uilechumhachduigh. Agus do bhí ainm sgríobhtha aige air a éudach agus air a shlíasaid, RI NA RIGHTHEADH, AGUS TIGHEARNA NA DTIGHEARNADH.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Zacairia 14:4

Agus seasfuid a chosa annsa lósin ar shlíabh na noluigheadh, noch atá as coinne Ierusalem san noirthear, agus scoiltfidh slíabh na noluigheadh iona lár don leath shoir agus don leath shíar, na ghleann romhór; agus áthrochuid leath an tsléibhe don táoibh ó thúaigh, agus a leath oile don taoibh ó dheas.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 21:27-28

Agus ann sin do chifid Mac an duine ag teachd a néull maille lé cumhachda agus lé glóir mhóir. Agus an tan thionnsgóntar na neithesi do dhéanamh, féachuidh súas, agus togbhaidh bhár gcinn; óir is fogus dáoibh bhar bhfúasgladh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 12:40

Agus ar a nadhbharsin fós bithisi ullamh: oír is a núair nach saoiltí thiocfus Mac an duine.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 5:4

Agus an tan fhoillséochar an Tárdáodhaire, do gheubha sibh coróin mharthannach ghlóire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 24:42-44

Ar a nadhbharsin déanuidhsi faire: oír ní bhfuil a fhios agaibh gá húair thiocfas bhur Dtighearna. Achd bíodh a fhios so agaibh, dá mbeath a fhios ag fear an tighe cía an úair a dtíocfadh an gaduidhe, go deimhin do dhéanadh sé faire, agus ní fhuileongadh sé a thigh do thochailt tríd. Agus ar a nadhbharsin bíthísi ullamh: oír is ann sa núair nach sáoilti thiocfas Mac an duine.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 3:2-3

A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé. Oír dá ndáoruidh ar gcroidhe sinn, as mó fós Día ná ar gcroidhe, agus atá fios na nuíle neitheann aige. A cháirde, muna ndáoruigh ar gcroidhe sinn, as éidir linn bheith dána ar Dhía. Agus gach ní shirmid, do gheibhmíd úadh é, do bhrígh go gcoimhéudamaóid a aitheanta, agus go ndéunamaóid na neithe ar a bhfuile gean aige. Agus a sí so a áithne, Go ccreidfeadh sinne a nainm a Mhic Iósa Críosd, agus a chéile do ghrádhughadh, réir na háithne tug seision dúinn. Oír an tí choimhéudas a aitheanta comhnuighe sé ann, agus eisean annsan. Agus is as so aithnighemíd eisean do bheith na chomhnuighe íonnuinn, as an Sbioruid tug sé dhúinn. Agus gach neach agá bhfuil an mhunighinse aige annsan, glanuidh sé é féin, do réir mar atá seisíon glan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:19-21

Oír atá feitheamh díthcheallach gach creatúir ag fuireach ré foillsiughadh chloinne Dé. Oír do sháor dligheadh Spioruide na beatha a Níosa Críosd misi ó dligheadh an pheacaidh agus an bháis. Oír atá an creatúir fá mhursántachd an diomhaóimis, ní dhá thoil féin, achd ar son an té dó chuir fá mhursántachd é, A muinighin go sáorfuidhe an creatúir féin ó sheirbhís na truáillidheachda go sáoirsi ghlóire chloinne Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:4

An tan fhóillséochthar Críosd, ar mbéathainne, foillséochthar sibhse fós an tan sin a nglór má ráon ris.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 5:7-8

Uime sin a dhearbhráithre, bíghidh foighideach, go teachd an Tíghearna. Féuch, bí an treabhach ag fuireach re toradh mórluáidh na talmhan, agus fanuidh sé ris maille ré foíghid, nó go bhfaghann sé fearthuin na maiden agus an tráthnóna. Bíghidhse mar an gcéudna foighideach; agus neartuighe bhur gcroídhthe: óir is fogus dúinn teachd an Tíghearna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 6:9

Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 3:19-21

Ar a nadhbharsin déunaidh aithrighe, agus fillidh, ionnus go sgriosfuidhe bhur bpeacaidh, a núair thiocfus aimsir a nfúaraidh ó fhíadnuise an Tighearna; Agus do hiomchradh duine áirighe do bhí na mhairtíneach ó bhruinn a mhathar, noch do chuirdís gach láoi ag dorus an teampuill ré a ráitear Breagha, díarruidh déirce ar a ndruing do théigheadh a sdeach don teampoll; Agus chuirfeas sé úadh Iósa Críosd, noch do seanmórughadh dhíbh roimhe: Dár ab éigin do neamh a ghabháil go teachd daimsearachaibh aiseagtha na nuile neitheann, noch do labhair Día tré bhéul a uile fháigheadh náomhtha ó thús an domhain.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 6:12-17

Agus do fhéuch mé an tan do fhosguil sé an seiseadh séula, agus, féuch, do chríothnuigh an talamh go mór; agus do rinneadh an ghrían cómhdhorcha ré héudach róin, agus do rinneadh an ghealach uile cósmhuil ré fuil; Agus do thuiteadar réulta neimhe chum na talmhan, amhuil theilgeas an crann fige a húbhla anabuidh, an tan bhogthar í ré gaóith thréin. Agus do imthigh neamh thoruinn mar leabhrán fhilltear ar a chéile; agus do hathruigheadh gach slíabh agus gach oiléun as a nionaduibh féin. Agus do fholuigheadar ríghthe na talmhan, agus na daóine móra, agus na daóine saidhbhre, agus na hárdchaiptínighe, agus na daóine cúmhachdach, agus gach searbhfhoghantuighe, agus gach duine sáor, íad féin a dtuinthighibh agus a measg charrag na sléibhteadh; Agus a dúbhradar ris na sléibhtibh agus ris na cairrgibh, Tuitibh oruinn, agus folchuidh sinn ó ghnúis an tí atá na shuidhe sa gcathaóir, agus ó fheirg a Nuáin: Oír táinic lá mór a fheirge; agus cía fhédus seasamh?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Peadar 3:3-4

Ar mbeith fhios so aguibh ar tús, go dtiucfuid sna laéthibh deigheanach luchd sgige, leanfus dá nainmíanuibh féin, Agus a déuruid, Ca háit a bhfuil geallamhuin a theachda? óir ón tráth fá ndeachadar na haithreacha dhéug, fanuid na huile neithe a néunsdaid ó thus an chrúthuighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 25:13

Ar a nadhbharsin déanuidh faire, oír ní bhfuil fios an láoi ná na húaire agaibh an a dtiocfuidh Mac an duine.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 5:2-3

Oír atá a sháirfhíos aguibh féin go dtiucfuidh lá an Tíghearna mar ghaduighe sa noidhche. Ná tuguidh neamhshúim a bhfáidheadóireachd. Dearbhuidh na huile neither; congmhuidh an ní bhias maith. Seachnuidh gach uile chosamhlachd uilc, Agus go ndéarna Día na siothchána féin náomtha sibh go hiomlan; agus go gcoimhéudthar bhur spiorad agus bhur nanam agus bhur gcorp go huilighe ó chiontuibh go teachd ar Dtíghearna Iósa Críósd. As díleas an tí do ghoir sibh, noch fós do dhéunas sin. A dhearbhráithre, deanuidh úrnuighe air ar soinne. Teannuidh ribh na dearbhráithre uile maille ré póig náomhtha. Cuirím dúalach oruibh a bhfíadhnuisé an Tíghearna a neipisdilse do léughadh do na déarbhráithribh náomhtha uile. Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ribh. Amen. Oír an tan déuruid síad, Síothcháin agus neambáoghal; tiucfuidh sgrios obann orrtha an tan sin, mar thig iodhana go mnaói thorruidh; agus ní bhéuruid íad féin as.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Teasalónaigh 2:1-2

Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithe, tré theachd ar Dtighearna Iósa Críosd, agus ar gcomhchruinnighne chuigesion, Agus maille ris a nuile mhealltóireachd eugcóruidh a measg na druinge theid a múgha; do bhrígh ná ghabhadar grádh na fírinne chuca, chum a slánaighthe. Agus air a nadhbharsa cuirfe Día chuca oibriughadh bríoghmhar séachráin, ionnus go cereidfidís an bhréug: Ionnus go ndaimeontaói an méid uilé nar chreid a nfírinne, achd agá raibh a ndúil a néugcóir. Gidheadh atá dfiachuibh oruinne buidheachas do bhreith do shíor ré Dí ar bhur sonsa, atá grádhuighthe ón Dtíghearna, ar a nadhbhar gur thogh Día sibh ó thosuigh chum slánaighthe tré náomthachd na Spioruidhe agus tré chreideamh na fírinne: Chum ar ghoir sé síbh tré ar soisgélne, chum gnoghuighe ghlóire ar Dtíghearna Iósa Críosd. Uime sin, a dhearbhráithre, seasuidh go daingean, agus congmhuídh na toirbhearta fúarabhair, noch do múineadh dhíbh, tré bhreithir, nó tré ar neipisdilne. Agus gó dtuguidh an Tíghearna féin Iósa Críosd, agus Día, eadhon ar Nathair, noch do ghrádhuigh sinn, agus tug dhúinn comhfhurtachd síorruidhe agus muinighin mhaith tré ghrás, Furtachd do bhur gcroidhthibh, agus go ndaingnidhe sé sibh sa nuile bhréithir agus dheaghobair. Gan bheith dhíbh go hobann sobhogtha ó ninntinn atá aguibh, ná bheith buáidheartha, ó sbioruid, ná ó bhréithir, ná ó litir, mar do thiucfadh sí uainne, amhuil do bhíadh lá Chríosd do láthair.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 20:11-15

Agus do chonnairc mé cathaóir mhór gheal, agus neach áirighe na shuidhe innte, agár theith talamh agus neamh roimhe; agus ní fríth a náit. Agus do chonnairc mé na mairbh, eidír bheag agus mhór, na seasamh a bhfíadhnuise Dé; agus do hosgladh na leabhair: agus do hosgladh leabhar eile, eadhon leabhar na beatha: agus rugadh breath ar na mharbhaibh as na neithibh do bhí sgríobhtha sna leabhruibh, do réir a ngníomharthadh. Agus tug an fhairrge uáithe na mairbh do bhí innte; agus tug an bás agus ifearn úatha na mairbh do bhí aca: agus rugadh breath orrtha fó leíth do réir a ngníomharthadh. Agus do teilgeadh an bás agus ifearn a loch teineadh. A sé so an dara bás. Agus gidh bé nar frith sgríobhtha a leabhar na beatha do teilgeadh é sa loch teineadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 21:28

Agus an tan thionnsgóntar na neithesi do dhéanamh, féachuidh súas, agus togbhaidh bhár gcinn; óir is fogus dáoibh bhar bhfúasgladh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip

Paidir chun Dé

A Thiarna, is naofa thú agus is fiú gach glóire thú! A Athair, cruthaitheoir na bhflaitheas agus na talún, is tusa an chéad duine agus an duine deireanach, an tús agus an deireadh. A Athair, guím go neartóidh tú do phobal, go mbeimid ag faire cosúil leis na maighdeana críonna lenár lampaí lasta, go mbeimid ullamh don chruinniú glórmhar sin, áit a thiocfidh tú i néal le cumhacht agus le mórghlóir. Go raibh maith agat as gealladh dúinn go bhfillfeá ar do mhuintir, guím go mbeimid mar phobal aireach, dírithe ar do theacht, mar thiocfidh tú mar ghadaí, agus áit a n-ardóidh tú sinn i gclaipeadh súile, cosúil le tintreach a lonraíonn ó cheann ceann na spéire go dtí an ceann eile. A Athair, is leatsa an ghlóir agus an onú go léir. I n-ainm Íosa. Áiméan.
Lean orainn:

Fógraí


Fógraí