Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:42 - An Bíobla Naofa 1981

42 Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Bígí ar bhur gcoimeád mar sin, mar ní feasach cad é an lá a thiocfas bhur dTiarna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Bígidh ag faire, dá bhrígh sin, mar nach fios díbh cad é an uair a thiocfas bhur dTighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin; óir ní fios daoibh cá h‐uair thiocfas bhúr dTighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Ar a nadhbharsin déanuidhsi faire: oír ní bhfuil a fhios agaibh gá húair thiocfas bhur Dtighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Deinidh faire, d’á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a thiocfaidh bhúr dTighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:42
17 Tagairtí Cros  

“Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl fhios ag duine ar bith ná ag aingil na bhflaitheas, ach ag an Athair amháin.


“Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb'eol don fhear tí cén t‑am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh.


Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.


Bhí siad ag dul á ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras.


Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.


Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh


Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”


Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh.


Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma.


Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall.


Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.


Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.


“Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachadh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfí a náire.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí