Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:41 - An Bíobla Naofa 1981

41 beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Beidh beirt bhan ag meilt na bró; tógtar bean agus fágtar an bhean eile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Béidh beirt bhan ag meilt san bhróin: tógfar bean acu, agus fágfar an bhean eile.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 béidh beirt bhan ag meilt sa muileann; tógfar bean aca, agus fágfar an bhean eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Béid díás ban ag méilt ann sa mhuileann; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfidhthear an bhean eile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Beidh beirt bhan ag meilt le muileann: Tógfar bean agus fágfar bean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 beirt bhan ag meilt bró: tógfar bean agus fágfar bean.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:41
5 Tagairtí Cros  

Gheobhaidh gach céadghin i dtír na hÉigipte bás, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin na daoirsí ar chúl an mhuilinn; agus céadghin gach beithígh.


Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin! Scaoil díot do chaille; tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa, siúl tríd na haibhneacha.


Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine;


Beidh beirt bhan ag meilt in éineacht; tógfar bean acu ach fágfar an bhean eile.


Ná tógadh aon duine muileann ná bró i ngeall mar b'ionann sin agus anam a thógáil i ngeall.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí