Eoin 14:3 - An Bíobla Naofa 19813 agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)3 Agus nuair a bheas mé imithe agus an áit ullmhaithe agam daoibhse, tiocfaidh mé ar ais chugaibh arís agus glacfaidh mé isteach chugam féin sibh, ionas go mbeidh sibh mar a mbím. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara3 Agus má théighim, agus áit a chur fá réir díbh, tá mé ag teacht arís, agus glacfaidh mé chugam féin sibh, chun go raibh sibh-se mar a mbím-se. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)3 Agus má imthighim le áit do chur i n‐áirithe dhaoibh, fillfead agus glacfad chugam féin sibh; chum go mbéidh sibh‐se mar a mbéidhead‐sa, leis. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)3 Agus má imthighim agus áit do chur in-eagar dhaoibh, táim ag teacht airís agus glacfad chúgham féin sibh, i dtreó, an áit ’na mbead-sa go mbeidh sibh-se ann, leis. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20123 agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibh-se chomh maith. Féach an chaibidil |