Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XIV. Caint Chríost tar éis a shuipéir dhéidheanaigh.

1 Ná tagadh buaireamh an bhúr gcroidhe. Creideann sibh i nDia; creididh ionam-sa leis.

2 Is mó árus i dtigh m’Athar; dá mba ná beadh, do neósfainn daoibh é: óir táim ag dul ag cur áite i n-eagar dhaoibh.

3 Agus má imthighim agus áit do chur in-eagar dhaoibh, táim ag teacht airís agus glacfad chúgham féin sibh, i dtreó, an áit ’na mbead-sa go mbeidh sibh-se ann, leis.

4 Agus is eól daoibh cá bhfuilim ag imtheacht, agus tá eólas na slighe agaibh.

5 Dubhairt Tomás leis: A Thighearna, ní h-eól dúinn cá bhfuilir ag imtheacht, agus conus is féidir dúinn an tslígh d’aithint?

6 Dubhairt Íosa leis: Is mise an tslígh, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aoinne chun an Athar ach tríom-sa.

7 Dá n-aithnigheadh sibh mise d’aithneóch’ sibh m’Athair gan amhras, agus aithneóchaidh sibh é feasda, agus do chonacabhair é.

8 Dubhairt Pilib leis: A Thighearna, taisbeáin dúinn an t-Athair, agus is leór dúinn san.

9 Dubhairt Íosa leis: An bhfuilim an fhaid seo aimsire agaibh agus gan aithne agaibh orm? A Philib, an t-é a chíonn mise chíonn sé an t-Athair, leis; agus conus adeirir-se, Taisbeáin dúinn an t-Athair?

10 Ná creideann sibh go bhfuilim-se sa n-Athair agus an t-Athair ionam-sa? Na bréithre a labhraim-se libh-se ní h-uaim féin a labhraim iad; ach an t-Athair atá ’n-a chómhnuighe ionam, isé a dheineann na mírbhúiltí.

11 Ná creideann sibh mise bheith sa n-Athair agus an t-Athair a bheith ionam-sa?

12 Nó murab é sin é, creididh mé mar gheall ar na h-oibreacha féin. Go deimhin, deimhin, adeirim libh, an t-é a chreideann ionam-sa, na h-oibreacha a dheinim-se déanfaidh sé féin iad, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ’ná iad; mar táim-se ag dul ag triall ar an Athair.

13 Agus pé rud a dh’iarrfaidh sibh ar an Athair am’ ainim-se déanfad-sa an rud san, i dtreó go bhfaghaidh an t-Athair glóire sa Mhac.

14 Má iarrann sibh aon rud orm am’ ainim-se déanfad an rud san.

15 Má tá grádh agaibh dom coimeádaidh m’aitheanta.

16 Agus iarrfad-sa ar an Athair é, agus cuirfidh sé chúghaibh Sólásaidhe eile chun fanmhaint agaibh go deó;

17 Spioraid na fírinne, nách féidir do’n tsaoghal a ghlacadh, óir ní fheiceann sé é ná ní aithnigheann sé é; ach aithnéochaidh sibh-se é, mar fanfaidh sé agaibh, agus beidh sé ionaibh.

18 Ní fhágfad sibh i nbhúr ndíleach-taithibh; tiocfad chúghaibh.

19 Tamall beag eile agus ní fheiceann an saoghal mé feasda; ach chíonn sibh-se mé: óir táim-se beó agus beidh sibh-se beó, leis.

20 An lá san aithneóchaidh sibh-se go bhfuilim-se am’ Athair, agus go bhfuil sibh-se ionam-sa, agus mise ionaibh-se.

21 An t-é go bhfuil m’aitheanta-sa aige agus do choimeádann iad, siné an t-é go bhfuil grád aige dhom; agus an t-é go bhfuil grád aige dhom, beidh grádh agam’ Athair dó; agus beidh grádh agam-sa dhó agus taisbeánfad mé féin dó.

22 Dubhairt Iúdás leis, níor bh’é an t-Iscariót úd: A Thighearna, cad fé ndeár go ndéanfair thu féin a thaisbeáint dúinne agus ná taisbeánfair thu féin do’n tsaoghal?

23 D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leis: Má tá grádh ag duine dhómh-sa coimeádfaidh sé mo bhréithre, agus beidh grádh ag m’ Athair dó, agus tiocfaimíd chuige agus déanfaimíd cómhnuighe i n-a fhochair.

24 An t-é ná fuil grádh aige dhom ní choimeádann sé mo bhréithre; agus an briathar d’aireabhair ní h-é mo bhriathar-sa é, ach briathar an Athair a chuir uaidh mé.

25 Do labhras an méid seo libh agus mé i nbhúr bhfochair.

26 Ach an Sólásaidhe, an Spioraid Naomh, an t-é a chuirfidh an t-Athair uaidh am’ ainim-se, múinfidh sé sin daoibh gach nídh, agus cuirfidh sé i nbhúr gcuimhne gach nídh d’á ndéarfad libh.

27 Fágaim síothcháin agaibh; tugaim mo shíothcháin daoibh; ní mar a thugann an saoghal a thugaim-se dhaoibh. Ná bíodh buaireamh ar bhúr gcroidhe, ná eagla.

28 D’aireabhair conus mar adubhart libh: Táim ag imtheacht, agus ag teacht chúghaibh. Dá mbead grádh agaibh dom, bheadh áthas oraibh toisg mé bheith ag dul ag triall ar an Athair; óir is mó an t-Athair ’ná mise.

29 Agus anois tá sé innste agam daoibh roim sé, i dtreó nuair a thiocfaidh sé go gcreidfidh sibh.

30 Ní déarfad puinn i nbhúr bhfocair anois. Óir tá priúnsa an domhain seo ag teacht, agus ní’l nídh ar bhith aige ionam-sa.

31 Ach ionus go n-aithneóchadh an domhan go bhfuil grádh agam do’n Athair; agus do réir mar a thug an t-Athair órdú dhom, is mar sin a dheinim. Eirighidh, imthighmís asso.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí