Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfadh aon duine do choróin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Ní fada go dtioefaidh mé; coinnigh greim daingean docht ar a bhfuil agat, ar eagla go mbéarfadh duine eile ar do choróinse.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Atáim ag teacht go luath; congbhuigh a bhfuil agat, chum nach mbainfidh aoinneach do choróin díot.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Féuch, tiucfa mé go haithghearr: connaimh an ní atá agud, ionnus nach béuradh éinneadh do choróin uáit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfaidh aon duine do choróin.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:11
19 Tagairtí Cros  

Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht; tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas; ar lá an Tiarna tógfar gártha searbha; fiú an gaiscíoch, beidh sé ag glaoch ar chabhair.


Níl aon iomaitheoir díobh nach í an mheasarthacht a ghnáthaíonn sé i ngach ní. Níl le baint acu siúd ach craobh dhíomuan ach tá craobh le baint againne nach dtréigfidh choíche.


Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna.


Má bhíonn fear ag iomaíocht sna lúthchleasa, ní bhfaighidh sé an duais mura gcloíonn sé leis na rialacha san iomaíocht.


Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.


Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.


Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.


Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.


“Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachadh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfí a náire.”


Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.


Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.


ach coinnígí greim daingean ar a bhfuil agaibh go dtaga mé.


“Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar.


An té a thugann fianaise ar na nithe seo, deir sé: “Sea, táim ag teacht gan mhoill.” Amen. Tar, a Thiarna Íosa.


Sea, féach, is gearr go deimhin go dtiocfaidh mé. Is méanar don té a choinníonn focail fháistine an leabhair seo.”


Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.


Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá:


Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí