Salm 31 - An Bíobla Naofa 1981Urnaí an Duine Dhoilíosaigh 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 2 Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn; nár dhéantar mo náiriú go brách. Saor mé de réir d'fhíréantachta, 3 éist liom agus brostaigh chun m'fhuascailte! Bí i do charraig choimirce dom: i do dhaingean do mo chosaint is do mo tharrtháil. 4 Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal; seol mé agus treoraigh mé as ucht d'ainm. 5 Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham, óir is tú mo dhídean, a Thiarna. 6 Do do láimhse a thiomnaím m'anam, óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna. 7 A Dhia na fírinne, is fuath leat lucht adhartha íol gan éifeacht, ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna. 8 Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghrá óir chuir tú spéis i m'anacair agus chuidigh tú le m'anam ina chúngaigh. 9 Níor thug tú suas do mo namhaid mé, ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing. 10 Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna, óir tá mé i gcúngach. Tá mo shúil arna dubhadh le tuirse: agus m'anam is mo chroí. 11 Tá mo bheatha á snoí le brón agus mo bhlianta le hosnaíl. Táim ar díth mo nirt le buaireamh; tá mo chnámha á gcnaí. 12 Rinne ábhar aithise díom do mo naimhde go léir. Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé: is cúis uamhain mé do mo chairde. An dream a chastar sa tsráid orm, teitheann siad uaim. 13 Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de, nó le soitheach a briseadh. 14 Cluinim cogarnach á déanamh ag a lán, agus imeagla i mo thimpeall. Cograíonn siad lena chéile i m'aghaidh: beartaíonn siad mo bhás. 15 Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna, deirim: “Is tú mo Dhia.” 16 Tá m'anam ag brath ort, saor mé ón namhaid is ó chách ar mo thóir. 17 Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla; tabhair slán mé i do ghrá. 18 Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort; go gcuirtear náire ar na hurchóidigh. Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad; 19 go mbalbhaítear a mbéal bréagach, a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach le teann uabhair is tarcaisne. 20 Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat don dream lenarb eagal tú, a thugann tú don mhuintir a thriallann ort i bhfianaise na hÁdhamchlainne. 21 Folaíonn tú iad i do láthairse ó chúlghearradh daoine. Coimeádann tú slán i do bhoth iad ó chlampar teangacha. 22 Moladh leis an Tiarna a nocht dom móriontas a ghrá i gcathair dhaingean. 23 Dúirt mé tráth agus scaoll orm: “Díbríodh as do radharc mé.” Ach d'éist tú le glór mo ghuí nuair a ghlaoigh mé ort. 24 Tugaigí grá don Tiarna, a naomha uile; caomhnaíonn sé na dílsigh. Ach díolann sé an comhar go hiomlán le lucht an díomais. 25 Bígí láidir! bíodh misneach in bhur gcroí agaibh, a dhaoine uile a bhfuil bhur ndóchas sa Tiarna. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart