Salm 68 - An Bíobla Naofa 1981Caithréim agus Bua 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán. 2 Éireoidh Dia agus scaipfear a naimhde agus teithfidh as a láthair an dream a thugann fuath dó. 3 Mar a scaiptear an deatach is amhlaidh a scaipfear iad; mar chéir a leátar i láthair na tine rachaidh na peacaigh ar neamhní i bhfianaise Dé. 4 Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé, déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach. 5 Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm, déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta; gairdigí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair. 6 Athair na ndílleachtaí agus caomhnóir na mbaintreach; is é sin Dia ina áras naofa. 7 Is é Dia a thugann teallach don aonarán uaigneach; seolann sé na braighdeanaigh chun saoirse agus sonais, ach fágann sé lucht ceannairce i dtalamh gan uisce. 8 A Dhia, nuair a ghabh tú roimh do phobal amach, nuair a thriall tú tríd an bhfásach bhí an talamh ar crith. Selah 9 Bhí néalta neimhe ag díle báistí i bhfianaise Dé - i bhfianaise Dé is Dia do Iosrael. 10 D'fhear tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar d'oidhreacht; thug tú beatha do do phobal agus iad ar an ngorta. 11 Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair. 12 Tugann an Tiarna an briathar uaidh; is líonmhar an slua iad lucht inste dea-scéala: 13 “Cuirtear ruaig is raon maidhme ar ríthe na sluaite agus tá an bhantracht sa bhaile ag roinnt na creiche. 14 Bíodh go bhfuil sibhse in bhur luí i measc chróite na gcaorach tá sciatháin an choilm arna gclúdach le hairgead agus a chleití ag drithliú le ruithne an óir, 15 San uair a scaip an tUilechumhachtach na ríthe agus leag sé ar lár iad mar shneachta ar Shalmón.” 16 Is maorga na sléibhte iad sléibhte Bháiseán; is sléibhte beannacha iad sléibhte Bháiseán. 17 Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha, ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras? Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách. 18 Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann; tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa. 19 Ghabh tú in airde agus braighdeanaigh mar aon leat agus ghlac tú le tíolacthaí ó dhaoine, a Thiarna - fiú amháin ó lucht ceannairce i d'áras, a Dhia. 20 Moladh leis an Tiarna ó lá go chéile, an Dia a thugann taca dúinn; is é ar slánaitheoir é. Selah 21 Dia a thugann tarrtháil orainn an Dia seo againne; tugann an Tiarna ár nDia doras éalaithe ón mbás dúinn. 22 Déanfaidh Dia go dearfa cloigeann a naimhde a bhascadh; baithis mhongach an té a chéimníonn gan staonadh ina chionta. 23 Is é a dúirt an Tiarna: tabharfaidh mé ar ais ó Bháiseán iad; tabharfaidh mé ar ais iad ó dhuibheagáin na mara, 24 chun go dtomfaidh tú do chosa i bhfuil do naimhde agus go mbeidh a gcuid féin díobh ag teangacha do mhadraí. 25 Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia; mórshiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa; 26 na cantairí i dtús an tslua, na cruitirí ar deireadh, na cailíní ina lár istigh ag seinm ar thiompáin. 27 Molaigí an Tiarna i gcomhthionóil shollúnta; molaigí bhur nDia, a shliocht chlann Iosrael. 28 Siúd é Biniáimin an té is óige i dtosach an tslua agus siúd iad flatha Iúdá ag gluaiseacht ina sluaite; mar aon le flatha Zabúlun agus flatha Naftáilí. 29 Cruinnigh do chumhacht, a Dhia, nocht dúinn do neart, an chumhacht sin a d'oibrigh tú a Dhia, ar ár son. 30 As ucht do theampaill in Iarúsailéim in airde, bíonn mórán ríthe ag tabhairt tíolacthaí chugat. 31 Bí ag bagairt ar ainmhithe allta na ngiolcach, táinte na dtarbh agus laonna na gciníocha; sléachtaidís go humhal duit le bronntanais airgid; cuir scaipeadh ar na ciníocha a bhfuil a ndúil sa chogadh. 32 Tiocfaidh na flatha ag triall ort ón Éigipt agus sínfidh an Aetóip a lámha chun Dé. 33 Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne, seinnigí moladh ar an gcláirseach don Tiarna Selah 34 atá ina shuí ar néalta neimhe os ar gcionn in airde; ardaíonn sé a ghlór agus is cumasach an glór é. 35 Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Dé a bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha. 35 Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa; is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal. Moladh le Dia! |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart