A chara, ba mhaith liom a rá leat inniu go dtugann Dia an neart duit chun aghaidh a thabhairt ar gach aon dheacracht. Is minic a shíleann muid nach bhfuil muid réidh nuair a thagann fadhbanna chugainn, ach bí cinnte de go n-ullmhaíonn Dia sinn i gcónaí. Deir a bhriathar nár thug Dia spiorad na heagla dúinn, ach spiorad na cumhachta, an ghrá agus na féinrialaithe. Mar sin, bíodh misneach agat, tá Dia leat, ag troid ar do shon i ngach cath.
Bain úsáid as na huirlisí a thug Dia duit trína bhriathar agus trína Spiorad Naomh. Bí cróga agus glac céimeanna daingean, cinntitheacha. “Bígí láidir agus bíodh misneach agaibh, a lucht dóchais sa Tiarna.” (Salm 31:24) Mar sin, bíodh misneach agat, ní theipeann ar Dhia choíche.
Is é Dia do neart, do shaorálaí, do chabhraitheoir, do sciath, d’áit arda tearmainn. Cuir do mhuinín i nDia, do Athair ar Neamh, beidh gach rud go breá. “Is é Dia a thugann neart dom; déanann sé mo chosán díreach.” (2 Samúéil 22:33)
Oír sa náit ann a bhfuil tnúth agus consbóid, bí buáidhirt ann agus gách uile dhroichghníomh.
Ná bíodh dúil a nglóir dhiomháoin aguinn, ag cur chathuighe ár a chéile, ag tnúth ré chéile.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é,
Uime sin ar gcur na huile aingidheachda, agus meabhla, agus fhalláis, agus thnútha, agus an uile ithiomráidh uáibh,
Ní shainteocha tú tigh do chomharsan, ní shainteocha tú bean do chomharsan, nó óglach do chomharsan, nó a bhanóglach, nó a dhamh, nó a assal, no énni is lé do chomharsaín.
Santuighe sibh ní, agus ní bhíonn sé aguibh: bhí sib hag marbhadh, agus ag iomthnúthughadh, agus ní féidir libh ní fhagháil: do ní aguibh, do bhrígh nach íarrann sibh. Iárruidh sibh, agus ní gheibh sibh, éinní, do bhrígh go níarrthaói go holc, ionnus go mbíadh sibh ag caitheamh ré bhur míangusaibh féin.
Is fuilteach a nfearg, agus is cuthaigh an chorruighe; acht cía fhéadas seasamh as coinne ainghidheachda?
Oír atá sibh fós colluidhe: oír ó atá tnúth, agus imreasuin, agus aimhreiteach eadruibh, a né nach bhfuilti colluidhe, agus nach siobhlann sibh do réir dháoine?
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin.
Ná tnúthuigheadh do chroidhe ris na peacachuibh: acht bí a neagla an TIGHEARNA ar feadh an laé uile.
Ná habradh éinneach an tan bhíos a gcathughadh, Is ó Dhía churthar cathúghadh oram: óir ní féidir cathúghadh a nuile do chur air Dhía, agus ní chúireann sé cathúghadh ar aóinneach: Achd bí gach áon a gcathúghadh, an tan thairngeas agus bhréugan, a ainmhíana féin é. Na dhiáigh sin ar ngabháíl toirrcheasa chuige don nainmhían, beiridh sé peacadh: agus an tan, críochnuighthear an peacadh, beiridh sé bás.
Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid.
Na fearguidh thú féin fá luchd déanta a nuilc, ná bí aingidhe a naghaidh luchda oibrighthe a néigceirt. Agus fós beagán, agus ní bhiáidh an cionntach ann: measfa tú go dúthrachdach a ionad, agus ní bhfuil sé ann. Acht géubhuid na ceansuighthe oighreachd a nfearuinn; agus biáidh a ndúil a niomad na síothchána. Do ní an tanduine tionsgnamh a naghaidh a nionnruic, agus do ní díoscán na aghaidh ré na fhíaclaibh. Do dhéana an TIGHEARNA gáire uime: óir do chí go ttiucfaidh a lá. Do thairngeadar na drochdhaóine an cloidheamh, agus do réighiodar a mbogha, do theilgean na mbuaidheartha agus an mbochd síos, agus do mharbhadh na ndíreach san tslighe. Rachuidh a ccloidheamh a steach iona ccroidhe féin, agus brisfighthear a mbogha. Is féarr an beagan atá ag an bhfíréun ná saidhbhrios mhóráin do dhrochdhaóinibh. Oír brisfighthear rightheach na ndrochdhaóine: acht congmhaidh an TIGHEARNA an fíréun súas. As aithne don TIGHEARNA láethe na ndíreach: agus biáidh a noighreachd go síorruidhe. Ní bhiáidh náire orra a naimsir a nuilc: agus béid sásuigh a laéthibh na gorta. Oír mar an bhféur gearrfuighear síos go hobann íad, agus críonfuid mar an luibh ghlais. Acht meithfid na cionntuigh, agus béid naimhde an TIGHEARNA mar mhéuthus ná lubhán: cnaóifighthear íad; biáid cnaóite a ndeatuigh. Gabhaidh an drochduine áirleagadh, agus ní dhíolann a rís: acht taisbeanuidh an fíréun trócaire, agus do bheir ní úadh. Oír an mhéid atá ar na mbeannughadh uadhsan géabhuid oighreachd na talmhan; agus an luchd do mhalluigh sé gearrfar amach íad. Is ón TTIGHEARNA orduighthear coiscéime an duine: an tan bhías dúil aige iona shlighe. Bíodh go ttuitfeadh, ní teilgfighthear síos é: óir congmhaidh an TIGHEARNA a lámh súas. Do bhí mé óg, agus a nois atáim áosta; acht ní fhaca mé an fíréun ar na thréigion, agus a shliocht ag íarruidh déirce aráin. Atá sé trócaireach, agus áirleagthach; ar feadh an laói, agus atá a shliochd beannuigh. Dealuigh ó nolc, agus déan maith; agus áitreibh go bráth. Oír is ionmhuin leis an TTIGHEARNA breitheamhnus, agus ní thréigionn a naóimh; agus atáid daingion go bráth: achd gearrfar sliochd an drochdhuine ar fad. Géabhaid na daoine fíréunta oighreachd a nfeáruinn, agus áitreobhuid ann go síorruidhe. Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin.
Gidheadh má bhíonn séarbhus tnútha agus brosdughadh feirge aguibh an bhur gcroidhthibh, ná déunuidh mórdháil, ná bréug a naghuidh na fírinne. Ní ó neamh thig a néagnasa, achd atá sí talmhuighe, colluidhe, diabhluidhe.
Ná bíodh fearg ort ar son na ndrochdhaoine, agus ná bíodh tnúth órt ris na ciontachaibh; Oír stuidéaruidh a ccroidhe millteachus, agus labhruid a mbéil urchóid. Oír ní bhía luáigheacht ag an ndrochdhuine; cuinfighear coinneal an chiontuigh as.
Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.
Gidheadh is éudáil mór an díaghachd maille ré neach bheith sásdadh ré na staid féin. Oír ní thugamar ní ar bith linn air a tsáoghal, is follas fós nach féidir linn éinní bhreith as.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú.
Ionnus nach bíadh siosma sa gcorp; achd go mbíadh an cúram céudna ag na ballaibh ar son a chéile. Uime sin dá bhfuilngidh éunbhall, comhfhuilngid na buíll nile; nó dá bhfaghuidh éunbhall onóir, do níd na buill uile gáirdeachas má ráon ris.
Acht misi, is beag nar sciorr mo chosa; is beag nar shleamhnuigh mo choiscéime uáim. Mar aisling tar éis duine do mhúscladh; mar sin, a THIGHEARNA, a nuáir mhúisceolus tusa, do dhéanair a níomháigh do tharcuisniughadh. Marso do bhí mo chroidhe ro bhuáidheartha, agus ann mo dhubhánuibh do gonadh mé. Agus do bhí mé brúideamhuil, agus ní raibh a fhios agam: mar na hainmhíntidh do bhí mé agadsa. Gidheadh do bhí mé do ghnáth agadsa: do rug tú air mo láimh dheis. Tréorochuidh tú mé réd chomhairle, agus na dhiáighsin géubha tú chugad a nglóir mé. Cía atá ágam a bhflaitheamhnus? agus cosmhuil riotsa ní bhfuil solus agam ar talamh. Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth. Oír, féuch, an lucht théid а bhfad uáit meithfid síad: scriosfair gach áon dá ttéid ré stríopachus uáit. Acht ís maith dhamhsa druidean ré Día: atá mo dhóigh annsa TTIGHEARNA Día, go bhfoillsighe mé hoibreacha uile. Oír do thnúthaigh mé rís na hamadanuibh, mar do chonnairc mé síothcháin na gciontach.
¶ Agus tárla mar do thangadar, a nuáir, do fhill Daibhi ó mharbhadh an Philistinigh, go ttangadar na mná amach as uile chaithreachaibh Israel, ag seinm agus ag damhsa, a ccoinne an rígh Saul, re tiompánuibh, re gaírdeachus, agus re hadhbhaghuibh ceóil. Agus do fhreagradar na mná a cheile mar do bhádar ag seinm, agus a dubhradar, Do mharbh Saul a mhílte, agus Dáibhi a dheich mílte. Agus do bhí Saul ro fheargach, agus do ghoill an cháintsin air go mór; agus a dubhairt sé, Do chuireadar deich mílte a leith Dháibhi, agus niór chuireadar am leithsi achd mílte: agus cred dob áill léis dfagháil níos mó achd an rioghachd? Agus do bhí súil Shauil ar Dháibhi ón lásin amach.
Oír ní adhrocha tú dia ar bith eile: oír an TIGHEARNA, a bhfuil ainm Eadmhur, as Día eadmhar é:
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Agus a dubhairt sé riú, Feachaidh, agus seachnuidh sibh ar a tsaint: oír ní a níomarcuigh an tsaídhbhris atá ag duine air bith atá a bheatha.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Bí drochshúil ag an té dheithbhrighios chum bheith saidhbhir ní thuigionn sé go ttiucfa bochtaine air.
Ní tré ríachdanus a deirim so: óir do fhoghluim misi, bheithe sásuigh, ris an staid ann a bhfuilim. As éol damh bheith uiríseal, agus as éol damh bheith iomlán: sa nuile áit agus sna huile neithibh do teaguisgeadh mé ré bheith sáitheach agus ré bheith a riachdanus.
Achd cuiridh umuibh an Tighearna Iósa Críosd, agus ná bíodh cúram na colla oraíbh, a míangusuibh.
Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla.
Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc: Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith.
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.
Achd a néagna úd ó neamh atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síothchánta, ceannsuigh, sótheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon, gan fhallas.
Oír cía chuireas ar leith thusa? agus créud atá agad nach bhfuáir tú? agus má fuáir tú é, créd fá ndéanann tú glóir as, mar nach glacta é?
¶ Do mheas mé a rís, gach uile sháothar, agus gach uile obair cheart, gurab air a shonso thnúthuighios duine re na chomharsain. Is díomhaóineas so fós agus buáidhreadh spioraide.
Amhuil fhreagras aghaidh daghaidh annsa nuisge, mar sin fhreagras croidhe dhuine do dhuine. Moladh neach oile thú, agus nar bé do bhéul féin; coimhthigheach, agus nar biad do phuisíne féin. Ifrionn agus dibhfheirg ní bhíd choidhche lán; marsin ní bhíd súile an duine sáitheach choidhche.
Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid: Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;
Uime sin claóidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, sdríopachas, neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus saint, noch as iodhaládhradh:
Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh; Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn,
Do ní an duine trócaireach maith dhá anam féin: acht an té bhíos éattrocaireach buáidhridh sé a fheóil féin.
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith.
Uime sin úmhluighe sibh féin faói laimh chúmhachduigh Dé, chum bhur nárduighe dhó a nam iomchubhaidh: Téilgidh bhur nuile chúram airsion; óir is cúramach é bhur dtimchioll.
Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe. Agus do bhéaruidh an TIGHEARNA cabhair dhoibh, agus sáorfuidh íad: sáorfuidh se íad ó na drochdhaóinibh, agus coimhdeochuidh íad, do bhrígh go bhfuil a ndóigh ann. Táobh do shlighe ris an TTIGHEARNA; agus cuir do dhóigh ann; agus do dhéana sé é.
Ag cur theilgin na hinntinne ar gcúl, agus gach uile áirde dá nárduigheann é féin a nadhuigh éolais Dé, agus ag breith gach uile smuáintighe a mbráighdeanus chum úmhluighthe do Chríosd.
Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile. A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór. Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin.
Achd déunadh gach áon a obair féin dearbhtha, agus mar sin biáidh adhbhar gáirdeachais aige dhá tháobh féin amháin, agus ní do tháobh dhuine eile. Oír iomchoruidh gach áon a úalach féin.
Bféarr beagan maille re heagla an TIGHEARNA ná ionnmhus mór agus buáidhreadh maille ris. Is féarr dínnér luibhionn mar a mbí grádh, ná damh bíadhta agus fúath maille ris.
Ach créd fá mbeireann tusa breath ar do dhearbhráthair? nó fós créud fa dtarcuisnigheann tú do dhearbhratháir? Óir séasfum uile a bhfiadhnuise chaithreach bhreitheamhnuis Chríosd. Oír atá sgríobhtha, Mairimse, a deir an Tighearna, agus sléachdfuidh gach uile ghlún damh, agus do dhéana gach uile theangaidh admháil do Dhía. Ar a nadhbharsin do bhéura gach áon dínn cunntus ar a shon féin do Dhía.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh: Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca. Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe: Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;
Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne;
Tríalluidh eagla an TIGHEARNA chum beatha: agus an té agá mbí sin anfuidh sé sásta; ní thiocfuighthior chuige le holc.
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd: Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.
Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
Ná dearmaduigh maith agus cúmann do dhéunamh: óir dí dúil ag Día ann a samhuil sin díobarthuibh.
Gradhuigh an chara gach uile uáir, agus rugadh an dearbhráthair a naghaidh buaidheartha.
Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann. Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta.
Uime sin na bíodh rochúram oruibh timcheall an laói máruigh: óir biaidh a sháith curium air an lá a márach timcheall a neithe féin. Is lór do lá a olc féin.
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Fá dheóigh, bíghidh uile déininntinn, ag comhfhulang ré chéile, bíodh grádh bráthargha eadruibh, bíghidh trócaireach, sóchaidridh:
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Scuir ó fheirg, agus léig dhíot ainteas: ná fearguidh thú féin air éanchor chum uilc do dhéanamh.
Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.
Achd a dubhairt sé riom, Is lór dhuit mo ghrássa: óir iomlánuighthear mo chúmhachdasa a néugcrúas. Uime sin budh ró mhóide mfonn mórdháil do dhéunamh as méugcrúasuibh, ionnus go ndéanadh cúmhachd Chríosd cómhnuidhe ionnam.
Uime sin mar atá cómhfhurtachd ar bith a Gcríosd, má atá sólas ar bith grádha, má atá cumann ar bith Sbioruide, má atá truáighe ar bith nó trócaire, Ionnus go ccromthadh gach uile ghlún dainm Iósa, eadhon glúine na neitheann atá ar neamh, agus ar talamh, agus fáoi an dtalamh; Agus go naidmheóchadh gach uile theanguidh gur ab é Iósa Críosd an Tighearna, chum glóire Dé Athar. Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh. Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola. Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid: Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal; Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin. Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile. Ar son a nadhbhair chéudna déanuighse fós lúathgháir, agus gáirdeachas má ráon riomsa. Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna Iósa ré Timoteus do chur chuguibh go haithghearr, ionnus go mbéinn deighmheisnigh, ar bhfagháil fheasa créud as cor dhíbhse. Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas.
Bíodh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, ar na thumadh a salann, ionnas go mbíadh a fhios aguibh cionnas as coir dhíbh gach áon do fhreagra.
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh; Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis.
Uime sin don tí lér féidir na huile neithe do dhéunamh go hiomarcach tar mar iarrmuid nó mar smuáinemíd, do réir an chúmhachd oibrigheas ionnain,
Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
Ar mbeith díbh ag úrnuighe do shíor ré gach áoin ghné úrnuighe agus athchuinghe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gach uile bhúanas agus ghuidhe ar son na nuile náomh;
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn: Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris.
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé. Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é: Mar nach bhfuil Gréugach agus Iúduighe, timchillghearradh agus neamhthimchillghearradh, duine barbartha, agus Scitían, dáor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh. Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann. Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach. Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean. Agus gidh bé ar bith ní dhéuntaói a mbreithir nó a ngníomh, déantar íad uile a nainm an Tíghearna Iósa, ag breith bhuídheachais díbh ré Día eadhon an Tathair thrídsion. A mhnám, bíghidh úmhal da bhur bhfearuibh, mar is cubhaidh sa Dtíghearna. A fhiora, grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh. Bíodh bhur ndúil sna neithibh atá shúas, agus ní sna neithibh atá air talamh.
Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.
Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.
Gidheadh, O manam, comhnuighsi a Ndía amháin; óir is úadhsan atá mo dhóthchus. Is eision amháin mo charruig agus mo shlánughadh: is é mo dhídion; ní chorrochthar mé.
Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn:
Agus is mar an gcéadna fhóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní bhfuil a fhios aguinn créd do íarrfadhmaóis a nurnuighe mar budh cóir: achd do ní an Spiorad féin urnuighe air ar son lé hosnaidhibh dó-innse. Achd atá a fhíos ag sgrúdaigheóir na gcroidheadh cred é toil na Spioruide, óir is do réir thola Dé ghuidheas sé ar son na náomh.
Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse do réir a sháidhbhris maille ré glóir a Níosa Críosd.
Féuch, atá súil an TIGHEARNA ar an luchd air a bhfuil a eagla, air an lucht chuirios a ndóigh iona thrócaire; Do sháoradh a nánma ó bhás, agus dá ccongmháil béo a ngorta.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Foillsigh a THIGHEARNA, do shligthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain. Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
Déunaidh faire, seasaidh go daingion sa gcreideamh, bíghidh fearrgha, bíghidh láidir.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.
Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.
Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
As a bhfuil dánachd aguinn agus slighe ré dhul a steach maille ré dóthchas tré chreideamh annsan.
Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin.
Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra. As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh.
Oír misi an TIGHEARNA do Dhía choinneochus do lámh dheas, ghá rádh riot, Ná himeagluidh; cuideochuidh mé leachd.
Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.
A né, nach bhfuil a fhios aguibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad Náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh fein sibh? A né nach bhfuil a fhions aguibh go mbéuraid na náoimh breath ar an dómhan? agus más ribhse bheirthar breath ar an dómhan, a né nach fíu sibh bheith bhur mbreitheamhnuibh ar na hadhbharaibh is lúgha? Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh: Oír gach uile neach iárrus glacuidh sé; agus giodh bé lorgaireas do ghéibh sé; agus is don té bhuaileas an dorus oisgéoltar.
Oír do bhábhair ar uáiribh bhar ndorchadus, achd a nois bhár sola sa Dtíghearna: siubhluibh mar chloinn an tsolais. (Oír atá toradh na Sbioruide sa nuile mhaith agus fhíreuntachd agus fhírinne;)
Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.
Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
Uime sin ná bímid ní sa mhó ag breith bhreithe ar a chéile: achd go madh mó dhéanus sibh bréitheamhnus air so, eadhon gan adhbhar oilbhéime na tuitme do thabhairt da bhur ndearbhrathair.
Annsa ló aitheanas Día dhá thrócaire, agus annsa noidhche a chaintic agamsa, urnaigh chum Dé manma.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.