Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 12:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Cuireann an imní ualach ar chroí an duine; ach cuireann an dea-fhocal áthas air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Do bheir dóbrón a ccroidhe dhuine air cromadh: acht do ní focal maith sólásach é.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 12:25
19 Tagairtí Cros  

Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathu de dheasca mo dhíchéille féin.


Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”


Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.


Tugann an fíréan cúl leis an urchóid; ach treoraíonn cosán na n‑urchóideach iadsan amú.


Is eol don chroí a bhrón féin, agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir.


Gabhann gealgháire le háthas croí, ach briseann cumha chroí an misneach.


Is drochlá gach lá ag fear na buairte, ach is fleá gach lá ag an gcroí suairc.


Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!


Cuireann súilfhéachaint chineálta áthas ar an gcroí, agus cuireann dea-scéala neart sna cnámha.


Is cuma nó cior mheala briathra séimhe; is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.


Oideas fónta an croí meidhreach; seirgeann na cnámha le heaspa misnigh.


Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar, ach cé a d'fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?


An focal i luí gaidhte, is cuma é nó úlla óir i leaba airgid.


Baineann ola na comhairle an ceo den chroí, ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.


Thug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn. Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta spreagann sé briathar ionam. Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm chun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.


D'fhreagair an Tiarna an t‑aingeal a bhí ag caint liom le briathra cneasta sólásacha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí