Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 118:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Tá an Tiarna i m'fhochair; ní baol dom. Cad a dhéanfaidh an duine dom?

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

6 Tá an Tiarna ar mo thaobh: ní heagal dom a ndéanfaidh an duine orm.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

6 An Tighearna air mo shonsa ta, Ni heagal liom go bráth; Einnidh fhéadas duine anbhfann, A dhéanamh riom áon tráth.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Atá an TIGHEARNA ar mo shonsa; ní bhíaidh eagla orum: cred dhéanas duine riom?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Tá an Tiarna i mʼfhochair; ní baol dom. Cad a dhéanfaidh an duine dom?

Féach an chaibidil Cóip




Salm 118:6
20 Tagairtí Cros  

Is dílis daingean a chroí gan eagla; feicfidh sé a naimhde á dtreascairt.


Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib; a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,


Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t‑olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.


Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.


“Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann, in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”


Cuirfear mo naimhde ar gcúl an uair a ghlaofaidh mé ort, óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom.


As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair,


as Dia atá mo mhuinín gan eagla; cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?


Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh,


ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair. As Dia atá mo mhuinín gan eagla, Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?


Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán; tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal; nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?


Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n‑ainbheartach do mo chosaint ar lucht déanta an oilc?


Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?


Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m'ionsaithe; ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile, ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.


Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?


Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”


Nuair a chuala Sól agus Iosrael go léir na focail sin ón bhFilistíneach thit an lug ar an lag acu agus tháinig scéin orthu.


Lean Dáiví air: “An Tiarna a d'fhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.” Dúirt Sól le Dáiví: “Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí