Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 5:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n‑éisteann linn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Agus bíonn sé seo de mhuinín againn as, go n-éisteann sé linn cibé a iarraimid air de réir a thola.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus is é adhbhar an uchtaigh atá againn ’n‐a thaobh, má iarraimíd rud ar bith do réir a thola air, go n‐éisteann sé linn:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n-éisteann linn.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 5:14
26 Tagairtí Cros  

déanaim duit ar an toirt mar a d'iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.


I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.


Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.


Moladh leis an Tiarna a nocht dom móriontas a ghrá i gcathair dhaingean.


Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilc d'fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.


Féachaigí, a lucht na huirísle, agus gairdigí; bíodh tógáil croí oraibh, a lucht chuardaithe an Tiarna.


An rud is eagal leis an urchóideach, tiocfaidh sé sa mhullach air; ach faigheann an fíréan mian a chroí mar fháltas.


Is fada é an Tiarna ó na hurchóidigh, ach tugann sé cluas d'urnaí an fhíréin.


Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.


Agus an uile ní a iarrfaidh sibh le barr creidimh sa ghuí, gheobhaidh sibh é.”


bhí a fhios agam féin go n‑éisteann tú liom i gconaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”


Cibé ní a iarrfaidh sibh i m'ainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.


Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh, iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é.


Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm. Iarraigí agus gheobhaidh sibh, chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.


Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.


Is é Críost a bheir dúinn a bheith teann de bharr ár gcreidimh agus dul go muiníneach i láthair Dé.


Dá bhrí sin, ná cailligí bhur misneach; óir is mór é an luach saothair atá ag dul dó.


Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh.


bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).


Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n‑iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n‑ainmhianta.


Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.


Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é go mba lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí