Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 15:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Is í seo m'aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 “Is í seo mʼaithne, sibh grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mé daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Is í seo m’aithne, síbh-se grádh a thabhairt dá chéile, mar a thug mise grádh díbh-se.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Is í seo m’aithne‐se, go dtiubhradh sibh grádh d’á chéile, mar thugas‐sa grádh dhaoibh‐se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 As í so máithnesi, sibhsi do ghrádhughadh a cheile, mar do ghrádhaigh misi sibhsi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Sidí m’aithne-se, go dtabharfadh sibh-se grádh d’á chéile, fé mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 15:12
16 Tagairtí Cros  

“Tá grá agam daoibh,” a deir an Tiarna; ach deir sibhse: “Conas a ghráíonn tú sinn?” “Nach é Éasau deartháir Iacóib?” a deir an Tiarna. “Mar sin féin, tá grá agam do Iacób;


Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.


Is iad seo m'aitheanta daoibh: sibh a thabhairt grá dá chéile.


Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile;


agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.


Agus go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh.


Maidir leis an ngrá bráthar ní gá aon ní a scríobh chugaibh ina thaobh mar go bhfuil teagasc faighte agaibh féin ó Dhia i dtaobh grá a thabhairt dá chéile.


Tá sé d'fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.


Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.


Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.


Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí.


Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d'ordaigh seisean dúinn.


Agus tá an aithne seo againn uaidh: an té a thugann grá do Dhia tugadh sé grá dá bhráthair chomh maith.


Ach anois achainím ar do Shoilse - ní amhail is dá mbeinn ag scríobh nua-aithne chugat ach an ceann a bhí againn ó thús - go dtugaimis grá dá chéile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí