Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 2:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Mar an méid is den saol seo, ainmhian na colainne aige, ainmhian na súl agus uabhar na beatha, ní dea Athair é ach den saol.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Óir gach a bhfuil san tsaoghal, ainmhian na feola, ainmhian na súl agus uabhar an tsaoghail seo ní ó’n Athair atá siad, acht ó’n saoghal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Mar a bhfuil sa saol–mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine–sin nithe nach den Athair iad ach den saol.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 2:16
34 Tagairtí Cros  

Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.


chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná.


Rinne mé margadh le mo shúile, Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.


Uime sin, is é an t‑uabhar a muince, agus folaíonn an foréigean iad amhail éadach.


chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí; d'iarr siad bia air d'fhonn a mianta a shásamh.


Ach ní mó ná gur sásaíodh a mian dóibh agus an bia ina mbéal go fóill


Ní bhíonn Seól ná Abadón riamh sásta ná ní bhíonn súile an duine sásta riamh ach chomh maith.


Ná cuir dúil do chroí ina scéimh, agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí;


Uime sin tugadh Ciobrót Hatavá (“Uaigheanna an Mhiangais”) ar an áit mar is ansiúd a d'adhlacadar an dream a ghéill dá miangas.


An daoscarshlua a bhí i measc an phobail, bhuail miangas iad, agus chrom clann Iosrael chomh maith ar lógóireacht arís: “Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn?” ar siad.


Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis:


Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí.


Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire;


Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d'fhonn a hainmhianta a shásamh.


Is mar shampla dúinne a tharla na nithe sin, á fhógairt dúinn gan dúil a chur i ndrochnithe faoi mar a chuir siad siúd.


Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibhse na nithe is áil libh a dhéanamh.


Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois.


Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d'ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.


Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta,


Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.


Ní anuas ó lastuas a thagann an sórt sin eagna, ach tá sí talmhaí, neamhspioradálta, agus diabhlaí.


Ach mar atá an scéal, nach sibh atá ag maíomh le barr sotail! Is olc é gach maíomh den sórt sin.


Nuair a chonaic mé, i measc na creiche, fallaing bhreá ó Shionár, agus dhá chéad seicil airgid, agus barra óir leathchéad seicil, chuir mé dúil iontu agus thóg mé iad. Tá siad i bhfolach, féach, faoin talamh istigh i mo bhoth; tá an t‑airgead in íochtar.”


Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana,


A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam.


go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d'aingil] na glóire;


Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí