Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Eoin 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A chlann bheag, atáim ag scríobhadh na neithe seo chugaibh chum nach ndéanfaidh sibh peacadh. Agus má ghníonn aoinneach peacadh, atá abhcóide againn i bhfochair an Athar, Íosa Críost fíréan:

2 agus is eisean an t‐íodhbarthach, ní h‐amháin ar son ár bpeacaidhe‐ne, acht ar son peacaidhe an domhain ar fad.

3 Agus is air so aithnighmíd go bhfuil aithne againn air, má choimheádaimíd a aitheanta.

4 An té adeir, Atá aithne agam air, agus nach gcoimheádann a aitheanta, is bréagaire é, agus ní fhuil fírinne ar bith ann.

5 Acht an té choimheádas a bhriathar, is ann atá grádh Dé críochnuighthe. Is air so aithnighmíd go bhfuilmíd ann:

6 an té adeir go gcómhnuigheann sé ann, atá sé de dhualgas air siubhal do réir mar shiubhail seisean.

7 A cháirde ionmhaine, ní h‐aon aithne nua atá agam d’á scríobhadh chugaibh, acht sean‐aithne do bhí ó thús agaibh. Is í an tsean‐aithne an briathar do chualabhar.

8 Acht cheana is aithne nua atá agam d’á scríobhadh chugaibh, nidh atá d’á fhíorú san té sin agus ionnaibh‐se cheana féin; óir atá an dorchadas ag imtheacht, agus atá an fíor‐sholas ag lonnradh cheana.

9 An té adeir go bhfuil sé san tsolas, agus fuath bheith aige d’á bhráthair, is san dorchadas atá sé, agus é ag siubhal san dorchadas go dtí anois féin.

10 An té ghrádhuigheas a bhráthair, cómhnuigheann sé san tsolas agus ní fhuil aon adhbhar tuislidh ann.

11 Acht an té do‐bheir fuath d’á bhráthair, atá sé san dorchadas, agus atá sé ag siubhal san dorchadas, gan a fhios aige cá bhfuil a thriall, toisc a shúile bheith dallta ag an dorchadas.

12 Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a chlann bheag, de bhrigh go bhfuil bhur bpeacaidhe maithte dhaoibh ar son a ainme‐sean.

13 Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a aithreacha, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an té atá ann ó thús. Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a fheara óga, de bhrigh go bhfuil buaidhte agaibh ar an ainspioraid. Do scríobhas chugaibh‐se, a chlann bheag, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an Athair.

14 Do scríobhas chugaibh‐se, a aithreacha, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an té atá ann ó thús. Do scríobhas chugaibh‐se, a fheara óga, de bhrigh go bhfuil sibh tréan, agus go gcómhnuigheann briathar Dé ionnaibh, agus go bhfuil buaidhte agaibh ar an ainspioraid.

15 Ná tabhraidh grádh do’n tsaoghal ná do na neithibh atá san tsaoghal. Má bheireann aoinneach grádh do’n tsaoghal, ní fhuil grádh an Athar ann.

16 Óir gach a bhfuil san tsaoghal, ainmhian na feola, ainmhian na súl agus uabhar an tsaoghail seo ní ó’n Athair atá siad, acht ó’n saoghal.

17 Agus atá an saoghal agus a chuid sainnte ag imtheacht: acht an té do‐ghní toil Dé fanann seisean go síorraidhe.

18 A chlann bheag, atá an uair dheiridh ann: agus mar chualabhar go bhfuil ainchríost le teacht, atá á lán ainchríost ann cheana féin; air so aithnighmídh go bhfuil an uair dheiridh ann.

19 Do chuadar amach as ár measc, acht níor dhaoine dhínne iad; óir dá mba daoine dhínn iad d’fhanfaidís i n‐éinfheacht linn; acht d’imthigheadar chum go mba léir nach daoine dhínne iad uile.

20 Maidir libh‐se, atá ungadh ó’n Té Naomhtha agaibh, agus atá eolas iomlán agaibh.

21 Níor scríobhas chugaibh de bhrigh nach eol daoibh an fhírinne, acht de bhrigh gur ab eol daoibh í, agus de bhrigh nach dtig bréag ar bith ó’n bhfírinne.

22 Cia h‐é an bréagaire acht an té shéanas gur ab é Íosa an Críost? Is é an t‐ainchríost an té shéanas an tAthair agus an Mac.

23 Cibé duine shéanas an Mac, ní fhuil an tAthair aige: an té admhuigheas an Mac, atá an tAthair aige, leis.

24 Maidir libh‐se, an teagasc do chualabhar ó thús, cómhnuigheadh sé ionnaibh. Má chómhnuigheann an nidh do chualabhar ó thús ionnaibh, béidh sibh ’n‐bhur gcómhnaidhe san Mac agus san Athair mar an gcéadna.

25 Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an bheatha mharthannach.

26 Do scríobhas an méid seo chugaibh i dtaobh na ndaoine do sheolfadh amudha sibh.

27 Acht maidir libh féin, an t‐ungadh fuarabhar uaidh‐sean, cómhnuigheann sé ionnaibh, agus ní gábhadh go múinfeadh aoinneach sibh; acht fá mar mhúineann a ungadh sibh i dtaobh an uile nidh, agus gur fírinne é, agus nach bréag é; agus fá mar mhúin sé sibh, cómhnuighidh ann.

28 Anois, a chlann bheag, cómhnuighidh ann, ionnas, má foillsightear é, go mbéidh uchtach againn, gan náire bheith orainn nuair thiocfas sé.

29 Má’s eol díbh é bheith fíréanta, is eol daoibh gach aoinneach chleachtas fíréantacht, gur uaidh‐sean do geineadh é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí