Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 2:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus is eisean an t‐íodhbarthach, ní h‐amháin ar son ár bpeacaidhe‐ne, acht ar son peacaidhe an domhain ar fad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus is é féin an leorghníomh inár bpeacaí, agus ní hamháin inár gcuid peacaí féin ach i bpeacaí an domhain uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus is eision an réidhteach air son ar bpeacuighne: ní ar son ar bpeacuighne amháín, achd air son an domhuin uile mar an gcéudna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaí-ne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 2:2
17 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt an seirbhíseach, A thighearna, atá gach nidh déanta de réir mar d’órduighis, agus atá slighe fágtha fós.


An lá ’n‐a dhiaidh sin do chonnaic sé Íosa ag teacht chuige, agus adubhairt sé, Féach Uan Dé thógas peacadh an domhain!


Agus mise, má árduighthear mé ó’n talamh, tarraingeochad chugam na daoine uile.


agus adubhradar leis an mnaoi, Ní mar gheall ar do chainnt‐se chreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a fhios againn gurb é Slánuightheoir an tsaoghail é go fíor.


Ar an adhbhar sin ba chóir go ndéanfaidhe é cosmhail ar gach slighe le n‐a bhráithribh, chum go mbéadh sé ’n‐a árd‐shagart trócaireach, ionnraic ins na neithibh bhaineas le Dia, chum cúiteamh do dhéanamh as peacaidhibh an phobail.


an té d’iomchair ár bpeacaidhe ’n‐a chorp féin ar an gcrann, chum, ar mbeith dhúinn marbh do’n pheacadh, go mairfimís do’n fhíréantacht; agus do leigheasadh sibh le n‐a chneadhaibh.


Óir d’fhulaing Críost féin, aon uair amháin, ar son na bpeacaidhe, an fíréan i n‐éiric na neimhfhíréan, chum sinn do thabhairt chum Dé; d’á chur chum báis san bhfeoil, acht d’á bheodhadh san spiorad;


acht má shiubhlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ó gach peacadh sinn.


Agus is eol daoibh gur foillsigheadh é chum peacadh do chur ar ceal; agus ní fhuil peacadh ar bith ann féin.


Is ann atá an grádh, ní h‐é go dtugamar grádh do Dhia, acht go dtug seisean grádh dhúinne, agus gur chuir sé a Mhac uaidh mar íodhbarthach ar son ár bpeacaidhe.


Agus do chonnacamar agus do‐bheirimíd fiadhnaise gur chuir an tAthair a Mhac uaidh mar Shlánuightheoir an domhain.


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go bhfuil an saoghal ar fad fá chumhacht na h‐ainspioraide.


Agus do teilgeadh síos an dragún mór, an tsean‐nathair nimhe, ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té mheallas an saoghal ar fad; do teilgeadh síos é go dtalamh, agus do teilgeadh a aingle síos i n‐éinfheacht leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí