Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 2:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A chlann bheag, atáim ag scríobhadh na neithe seo chugaibh chum nach ndéanfaidh sibh peacadh. Agus má ghníonn aoinneach peacadh, atá abhcóide againn i bhfochair an Athar, Íosa Críost fíréan:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 A leanaí, táim á scríobh seo chugaibh do bhur gcosc ó pheaca; ach má dhéanann duine peaca, bíonn ár gcosantóir againn os comhair an Athar, Íosa fíréanta Críost,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 A chlann bheag, sgríobhuim na neithese chuguibh, ionnus nach déunadh sibh peacadh. Agus má rinne éinneach peacadh, atá abhcóidigh aguinn a bhfochair a Nathar, Iósa Críosd an firéún.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann aon duine peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 2:1
47 Tagairtí Cros  

Atá gach uile nidh tabhartha ag m’Athair damh‐sa; agus ní fhuil a fhios ag aoinneach, acht ag an Athair amháin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Athair, acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a nochtadh dhó.


fá mar aithnigheann an t‐Athair mé, agus aithnighim‐se an t‐Athair; agus do‐bheirim m’anam ar son na gcaorach.


A chlann dílis, atáim ’n‐bhúr bhfochair tamall beag go fóill. Béidh sibh ’gam’ lorg, acht, mar adubhairt mé leis na h‐Iúdachaibh, An áit ’n‐a bhfuilim ag dul, ní fhéadann sibh‐sé teacht ann; deirim libh‐se anois é.


Agus cuirfead‐sa athchuinghe ar an Athair, agus do‐bhéarfaidh sé Sólásaidhe eile dhaoibh chum bheith ’n‐bhúr bhfochair go deoidh, Spiorad na fírinne:


Adubhairt Íosa leis, Is mise an tslighe, agus an fhírinne, agus an bheatha: ní thig aoinneach chum an Athar acht amháin tríom‐sa.


Agus adubhairt Íosa leo, A chlann, an bhfuil aon rud le n’ithe agaibh? D’fhreagradar dhó, Ní fhuil.


I n‐a dhiaidh sin fuair Íosa sa teampall é, agus adubhairt sé leis, Féach, atáir slán anois: ná déan peacadh feasta, ar eagla go dtuitfidh nidh ba mheasa ort.


Acht atá fiadhnaise agam‐sa is mó ’ná fiadhnaise Eoin: óir na gnótha thug m’Athair dhom le cur chum chríche, na gnótha féin do‐ghnímh, do‐bheir siad fhiadhnaise im’ thaobh, gur ab é an t‐Athair do chuir uaidh mé.


Ná saothruighidh an biadh théigheas amugha, acht saothruighidh an biadh mhaireas go dtí an bheatha shíorraidhe, an biadh bhéarfas Mac an Duine dhaoibh: óir is airsean do chuir an t‐Athair, Dia, a shéala.


Adubhairt sise, Níor dhaor, a Thighearna. Agus adubhairt Íosa, Ní mó dhaoraim‐se thú: imthigh, agus ná déan aon pheacadh arís.]


Cia aca de na fáidhibh nach ndearna bhúr sinnsir géir‐leanamhain air? agus do mharbhadar iad‐san d’fhógair roimh ré teacht an Fhíréin úd; go bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr mbrathadóiribh agus ’n‐bhúr ndúnmharbhthóiribh aige;


Óir, má rinneadh réidhteach idir sinn agus Dia tré bhás a Mhic, an tráth ’n‐a rabhamar ’n‐ár náimhdibh, is móide an fáth, ar mbeith do’n réidhteach sin déanta, go slánóchar sinn tré n‐a bheathaidh.


Créad uime sin? an ndéanfaimíd peacadh de bhrigh nach fá dhlighe atáimíd, acht fá ghrása? Nár leigidh Dia é.


Fuair Críost bás, nó, dob fhearr a rádh, d’aiséirigh sé, agus atá sé ar dheasláimh Dé, agus do‐ghní sé eadarghuidhe ar ár son.


Dúisighidh chum fíréantachta, agus ná déanaidh peacadh: óir atá cuid agaibh atá gan eolas ar Dhia: deirim an méid seo chum náire do chur oraibh.


Óir thug sé airsean, do bhí gan eolas ar an bpeacadh, thug sé air bheith ’n‐a pheacadh ar ár son, chum go ndéanfaidhe fíréantacht Dé dhínne ann.


A chlann bheag, go bhfuilim i dtinneas clainne arís ’n‐bhur dtaobh nó go ngeintear Críost ionnaibh,


óir atá ár slighe chum an Athar againn araon, i n‐aon Spiorad amháin, tríd‐sean.


Má bhíonn fearg oraibh, ná déanaidh peacadh; ná maireadh bhur bhfearg go luighe gréine;


Óir ní fhuil ann acht an t‐aon Dia amháin, agus an t‐aon idir‐mheadhóntóir amháin idir Dia agus daoine, mar atá an duine Íosa Críost,


Atáim ag scríobhadh na neithe seo chugat, agus mé ag súil le teacht chugat go luath;


Óir ní isteach i n‐áit naomhtha do rinneadh le lámhaibh do chuaidh Críost, áit nach bhfuil acht ’n‐a shompla de’n naomh‐áit fhírinnigh; acht isteach ins na flaitheasaibh féin, chum go bhfaighfidhe é anois i láthair Dé ar ár son‐sa:


Is í is fíor‐chráibhtheacht i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar, cuairt do thabhairt ar na dílleachtaibh agus ar na baintreabhachaibh i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoghal a thruailliú féin.


lán de nimh mharbhthaigh. Is léi‐se bheannuighmíd an Tighearna, ár nAthair: agus is léi mhalluighmíd daoine atá déanta i gcosamhlacht Dé:


Ní dhearna sé peacadh ariamh, agus ní fríth cealg ’n‐a bhéal.


Óir d’fhulaing Críost féin, aon uair amháin, ar son na bpeacaidhe, an fíréan i n‐éiric na neimhfhíréan, chum sinn do thabhairt chum Dé; d’á chur chum báis san bhfeoil, acht d’á bheodhadh san spiorad;


A chlann bheag, ná tabhraimís grádh i mbriathraibh béil, ná leis an teangain: acht i ngníomharthaibh agus i bhfírinne.


Agus is eol daoibh gur foillsigheadh é chum peacadh do chur ar ceal; agus ní fhuil peacadh ar bith ann féin.


A chlann bheag, ná mealladh aoinneach sibh: an té chleachtas fíréantacht atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta:


Is ó Dhia atá sibh‐se, a chlann bheag, agus atá buaidhte agaibh ortha‐san: óir is treise an té atá ionnaibh‐se ’ná an té atá san tsaoghal.


Is peacadh gach éagcóir: agus tá peacadh ann nach bhfuil chum báis.


Is é an fír‐Dhia, agus an bheatha mharthannach é seo. A chlann bheag, coimheádaidh sibh féin ar íodhalaibh.


Ní mó an gáirdeachas bhíos orm ’ná a chlos go bhfuil mo chlánn ag siubhal san bhfírinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí