Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 1:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Má deirimíd nach bhfuil peacadh déanta againn, bréagnuighmíd é, agus ní fhuil a bhriathar ionnainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Má deirimid nach bhfuil peaca déanta againn, tugaimid an t-éitheach dó, agus níl a bhriatharsan ionainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Dá nabram nach dearnamar peacadh, bréugnuidhmíd eisean, agus ní bhfuil a bhríathar ionnuinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Má deirimid nach ndearnamar aon pheaca bréagnaímid é agus níl a fhocal ionainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Má deirimid nach ndearnamar aon pheaca bréagnaímid é agus níl a fhocal ionainn.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 1:10
12 Tagairtí Cros  

An té do ghlac a fhiadhnaise, atá tabhartha fá n‐a shéala aige go bhfuil Dia fíor.


Déanadh briathar Críost cómhnaidhe go fairsing san uile eagna ionnaibh; ag múineadh agus ag spreagadh a chéile le salmaibh, agus le h‐iomnaibh, agus le dántaibh spioradálta, ag cantaireacht do Dhia le grása ’n‐bhur gcroidheachaibh.


Má deirimíd nach bhfuil aon pheacadh déanta againn, atáimíd d’ár mealladh féin, agus ní fhuil an fhírinne ionnainn.


Do scríobhas chugaibh‐se, a aithreacha, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an té atá ann ó thús. Do scríobhas chugaibh‐se, a fheara óga, de bhrigh go bhfuil sibh tréan, agus go gcómhnuigheann briathar Dé ionnaibh, agus go bhfuil buaidhte agaibh ar an ainspioraid.


An té adeir, Atá aithne agam air, agus nach gcoimheádann a aitheanta, is bréagaire é, agus ní fhuil fírinne ar bith ann.


Is ó Dhia atá sibh‐se, a chlann bheag, agus atá buaidhte agaibh ortha‐san: óir is treise an té atá ionnaibh‐se ’ná an té atá san tsaoghal.


An té chreideas i Mac Dé, atá an fhiadhnaise seo ann féin. An té nach gcreideann do Dhia, bréagnuigheann sé é; de bhrigh nár chreid sé an fhiadhnaise thug Dia i dtaobh a Mhic.


as ucht na fírinne chómhnuigheas ionnainn, agus bhéas linn go síorraidhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí