Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 2:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus is air so aithnighmíd go bhfuil aithne againn air, má choimheádaimíd a aitheanta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus is air seo a aithneoimid go bhfuil aithne againn air, má bhíonn a aitheanta á gcoinneáil againn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus is as so is deimhin linn aithne do bheith aguinn air, dá gcoimhéudam a aitheanta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus is mar seo atá a fhios againn go n-aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus is mar seo atá fhios againn go n‑aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 2:3
26 Tagairtí Cros  

Agus cad chuige a nglaodhann sibh orm, A Thighearna, a Thighearna, agus nach ndéanann sibh a n‐abraim libh?


Má tá grádh agaibh dom, coimhéadfaidh sibh m’aitheanta.


Má choimhéadann sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh im’ ghrádh; fá mar choimhéadas‐sa aitheanta m’Athar, agus go bhfanaim ’n‐a ghrádh.


Is sibh‐se mo cháirde má ghníonn sibh a n‐órduighim daoibh.


Agus is í seo an bheatha shíorraidhe, aithne do bheith aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneach, agus ar an té do chuiris uait, Íosa Críost.


Óir Dia d’órduigh do’n tsolas soillsiú as lár an dorchadais, do shoillsigh sé ’n‐ár gcroidheachaibh, chum solas glóire Dé do thabhairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


agus tar éis dó teacht i bhfoirbhtheacht, do bhí sé mar ughdar slánuighthe shíorraidhe do na daoinibh go léir umhluigheas dó;


Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a aithreacha, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an té atá ann ó thús. Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a fheara óga, de bhrigh go bhfuil buaidhte agaibh ar an ainspioraid. Do scríobhas chugaibh‐se, a chlann bheag, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an Athair.


Is eol dúinn go bhfuilmíd aistrighthe ó’n mbás go dtí an bheatha toisc grádh bheith againn do na bráithribh. An té atá gan grádh fanann sé san mbás.


Air so aithnightear gur daoine de’n fhírinne sinn, agus béidh sásamh croidhe againn ’n‐a fhiadhnaise;


Cibé duine chómhnuigheas ann, ní dhéanann sé peacadh: cibé duine do‐ghní peacadh, ní fhaca sé, ná níor aithnigh sé é.


Is air so aithnighmíd go gcómhnuighmíd ann, agus go gcómhnuigheann seisean ionnainn, de bhrigh gur roinn sé a spiorad linn.


A cháirde ionmhaine, bíodh grádh againn d’á chéile: óir is ó Dhia thig an grádh; agus gach duine ghrádhuigheas, is ó Dhia do geineadh é, agus aithnigheann sé Dia.


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go bhfuil an saoghal ar fad fá chumhacht na h‐ainspioraide.


Air so aithnighmíd go bhfuil grádh againn do chlainn Dé, nuair bhíos grádh againn do Dhia, agus nuair choimheádaimíd a aitheanta.


Óir is é seo grádh Dé, sinne do choimheád a aitheanta: agus ní fhuil a aitheanta trom.


Agus d’éirigh an dragún feargach leis an mnaoi, agus d’imthigh sé chum cogadh do chur ar an gcuid eile d’á sliocht, ar lucht coimheádta aitheanta Dé, go bhfuil fiadhnaise Íosa aca.


Annso is eadh atá foighid na naomh, lucht choimheádta aitheanta Dé agus creidimh Íosa.


Is beannuighthe na daoine nigheas a róbaí, chum go mbéidh cead chum crainn na beathadh aca, agus go rachaidh siad thar na geataibh isteach san gcathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí